Tá teaictic na mbuamadóirí chomh meata is atá sé barbartha. Cuireadh na sluaite den ngnáthphobal i mbaol báis nó drochghortaithe, maille leis an bhfear oibre a mb’éigean dó faoi bhagairt a mharaithe, pléascán a thiomáint chuig stáisiún an PSNI.
Bíonn buama ar iompar i ngluaisteán tinneallach, gach duine fad an bhealaigh i gcontúirt. Ba chuma leo sin a bhí freagrach; ‘laochra’ a bheadh iontu, dar leo féin, iadsan slán ach daoine eile i nguais.
Den dara huair an mhí seo ghlac paraimíleataigh armtha seilbh ar charr tiománaí a bhí ag seachadadh bia, chuir siad gaireas pléascach sa charr agus chuir siad iachall ar an bhfear é a thiomáint chuig stáisiún an PSNI.
Baineadh leas as an gcleas céanna ag tús na míosa ar an Lorgain i gcontae Ard Mhacha. Ba iad na heasaontóirí poblachtacha, an tIRA Nua, a bhí freagrach as an eachtra ar an Lorgain agus ba orthu a cuireadh an milleán as an uafás oíche Dé Sathairn seo caite.
Is in iarthar Bhéal Feirste a fuadaíodh carr an uair seo agus b’éigean don tiománaí an buama a thabhairt chuig an mbeairic i nDún Muirígh ar imeall thiar theas na cathrach. Murab ionann agus an Lorgain áit ar theip ar an mbuama, bhí feidhm leis an ngaireas is deireanaí, buama loiscneach a raibh sorcóir gáis mar chuid de .
Thug an tiománaí foláireamh d’oibrí ag an stáisiún. Tharla an phléasc taobh istigh d’achar an-ghearr agus na póilíní fós ag bogadh daoine amach as a dtithe agus as an gceantar máguaird nuair a tharla sé. Bhí beirt bhabaithe i measc na ndaoine a bhí á mbogadh amach as baile nuair a réab an phléasc agus tine fhíochmhar tríd an ngluaisteán. Scaipeadh smionagar ar fud na háite, airíodh an croitheadh agus an tormán ar fud an cheantair agus bhain neart na tine suaitheadh as mórán in aice láimhe.
Tháinig an t-ionsaí aniar aduaidh ar na póilíní agus ar lucht faisnéise cé gurb é an dara ceann le mí é. Ba chosúil gur mheas MI5 gur bhuail siad buille an-trom ar an IRA Nua breis is cúig bliana ó shin. Seans mar sin nach rabhthas ag faire róghéar orthu. Measann Príomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher, gur bhuíon an-bheag iad ach tá a fhios aige go bhféadfadh ionsaí amháin sléacht a dhéanamh. Tá ceisteanna go leor le freagairt faoin lúb ar lár faisnéise a thug deis an tSathairn do na heasaontóirí. Míorúilt ab ea é nár gortaíodh éinne.
I gcruthúnas gur thuig na húdaráis, idir lucht slándála agus pholaiteoirí, gurbh é an t-ádh a thug daoine slán an babhta seo cuireadh taispeántas comhoibrithe in éadan an fhoréigin ar siúl ag Stormont Dé Luain. Sheas an Chéad-Aire Michelle O’Neill, Sinn Féin, an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, an DUP, (beirt a raibh a bpáirtithe ag liobairt a chéile an tseachtain seo caite) leis an bPríomh-Chonstábla agus le Cathaoirleach Bhord na bPóilíní chun an t-ionsaí a cháineadh agus tacaíocht a iarraidh don PSNI. Cháin Státrúnaí an Tuaiscirt, Hilary Benn é freisin mar a rinne Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer.
Rinneadh amhlaidh san Tionól freisin, áit ar tarraingíodh anuas conas a dhéantar idirdhealú idir foréigean na dTrioblóidí agus iompar na ndreamanna atá fós tugtha don lámh láidir. Níl aon dabht ach gur ceist achrannach í agus go leor den chaint débhríoch nó gan brí ar bith.
Céard le haghaidh an foréigean? Fuair an socrú nua vóta uile-Éireann ach níor shásaigh sé sin grúpaí easaontóirí a lean lena gcuid ionsaithe. Tá cuid acu éirithe as más fíor toisc gur chinn siad gur shaothar in aisce é. Sin fiú ó dhaoine a chreid gurbh fhiú an foréigean in am éicint, tuairim nach mbeadh aon ghlacadh ag an gcolúnaí seo leis. I measc lucht Shinn Féin, a deir go poiblí mar a dúirt Michelle O’Neill nach raibh an dara rogha acu ach foréigean, tá go leor a admhaíonn go príobháideach nárbh fhiú é cé gur beag a admhaíonn go raibh sé mícheart.
Léiríonn a stair féin nach bhfuair siad tacaíocht go forleathan go dtí tar éis na sosanna comhraic agus gur le polaitíocht a baineadh amach an dul chun cinn a rinneadh.
Ní mór an fhíric sin a chur ina luí ar na heasaontóirí, déileáil leo ar dhá bhealach – le loighic agus le dea-phóilíneacht. Is fíor sin freisin faoi na dílseoirí, go leor acu gafa le ‘gnáthchoiriúlacht’ a bhfuil an foréigean fite fuaite leis. Tá a thuilleadh acmhainní de dhíth ar an PSNI chomh maith le grinnscrúdú chun dea-chleachtais a chinntiú agus tacaíocht ón bpobal uilig. Tá sé thar am stop a chur leis an bhforéigean. Léirigh an eachtra i nDún Muirígh gur feachtas buile é atá do-chosanta agus do-ghlactha
Fág freagra ar 'Thar am stop a chur leis an bhforéigean agus feachtas buile na n-easaontóirí'