Bille an Údaráis rite i dTeach Laighean ach ‘imirt an ghilitín’ curtha i leith an rialtais

Ritheadh an bille i dTeach Laighean inné agus gan glactha ag an rialtas le haon cheann de na leasuithe a mhol an freasúra uirthi

Bille an Údaráis rite i dTeach Laighean ach ‘imirt an ghilitín’ curtha i leith an rialtais

Maíodh sa Seanad inné gur bhain an rialtas úsáid as gilitín chun Bille Údarás na Gaeltachta a chur tríd an Dáil gan plé ceart a dhéanamh ar na leasuithe uile a thiocfaidh i bhfeidhm.

Ritheadh An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 sa Seanad inné. Níor ghlac an rialtas le haon leasú a mhol an freasúra sa Seanad.

Is é athbhunú an toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta príomhsprioc na reachtaíochta ach tá leasuithe eile inti a bhaineann le cúrsaí tithíochta agus ábhar eile. Bhí páirtithe an fhreasúra agus lucht feachtais ag iarraidh go n-athrófaí an reachtaíocht chun tuilleadh cumhachtaí maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a thabhairt don Údarás ach ní raibh an rialtas sásta glacadh leis na moltaí a rinneadh.

Nuair a tháinig an bille os comhair an tSeanaid inné, dúirt an Seanadóir Pauline Tully ó Shinn Féin go raibh sí “buartha” faoi roinnt gnéithe den reachtaíocht atá molta agus go raibh “a lán ceisteanna le freagairt”. Dúirt sí go raibh leasuithe suntasacha molta sa mbille ag an rialtas ar achtanna eile, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta ina measc, ach nach ndearnadh aon díospóireacht ar na leasuithe sin nuair a bhí an bille faoi chaibidil sa Dáil.

“D’úsáid an rialtas ‘guillotining’ chun stop a chur le plé ar leasuithe móra ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar Acht na Gaeltachta nach raibh pléite sa choiste,” a dúirt an Seanadóir Tully.

Imrítear an gilitín ar bhille nuair a ritear amach as am chun na leasuithe uile a phlé agus glactar le leasuithe an rialtais gan díospóireacht.

Nuair a bhí Bille Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála an mhí seo caite, glacadh le roinnt leasuithe gan aon phlé, leasuithe a bhain le sprioc earcaíochta 20% an rialtais, le cúrsaí fógraíochta i nGaeilge agus le córas na scéimeanna teanga ina measc.

Ní raibh ach leasú amháin molta ar an mbille nuair a tháinig sé os comhair an tSeanaid inné, ceann a bhí in ainm an Seanadóra Tully agus roinnt Seanadóirí eile ó pháirtithe an fhreasúra. Moladh go dtabharfaí cead don Údarás “leas i maoin agus réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, nó áiseanna sóisialta nó cultúir a chur ar fáil”.

Níor ghlac Aire na Gaeltachta Dara Calleary leis an moladh agus dúirt go raibh cumhacht cheana féin ag an Údarás maoin a cheannach agus a dhíol. Dúirt sé arís go gcuirfeadh Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil maidir le soláthar tithíochta sna ceantair Ghaeltachta ach gur “ról tánaisteach” a bheadh aige agus gur ar na húdaráis áitiúla is mó atá cúram na tithíochta.

“Níl sé i gceist agam go mbeidh an tÚdarás ag bainistiú tógáil tithe nó ag bainistiú scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht…Ní gníomhaireacht tithíochta nó údarás áitiúil atá san Údarás agus tá sé tábhachtach é seo a rá,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Calleary gur bhain an bille le hathbhunú an toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta go príomha.

Faoin mbille, beidh 16 ball ar an mbord amach anseo, ardú ón 12 atá i gceist anois. Déanfar deichniúr den 16 a thoghadh agus déanfaidh Aire na Gaeltachta an seisear eile a cheapadh. Toghfar triúr chun an bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Is in 2020 a gealladh ar dtús go dtabharfaí ar ais an toghchán do bhord an Údaráis. Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta, 2012.

Thosaigh an plé ar an mbille in 2023 agus súil ann go mbeadh an reachtaíocht rite in am chun na toghcháin a reáchtáil ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i Meitheamh 2024 ach dhá bhliain níos déanaí níl an bille ach rite. Caithfidh an tUachtarán Catherine Connolly a lámh a chur leis an mbille chun é a achtú.

Fág freagra ar 'Bille an Údaráis rite i dTeach Laighean ach ‘imirt an ghilitín’ curtha i leith an rialtais'