Leasú suntasach á dhéanamh ag an rialtas ar cheann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge

Glacadh gan aon phlé sa Dáil an tseachtain seo le leasú ar an sprioc gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030

Leasú suntasach á dhéanamh ag an rialtas ar cheann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge

Tá leasú suntasach á dhéanamh ag an rialtas ar cheann de mhórspriocanna reachtúla an stáit i leith na Gaeilge – gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

Glacadh sa Dáil an tseachtain seo le leasú de chuid an Rialtais ar an sprioc reachtúil sin, leasú a d’fhágfadh go bhféadfaí a áireamh sa sprioc 20% daoine atá ag obair sa chóras cheana féin.

Is é a deir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (leasú) faoi láthair ná go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí” faoi 2030.

Ach de réir an leasaithe atá á chur trí Thithe an Oireachtais mar chuid de bhille Údarás na Gaeltachta is é a bheadh i gceist leis an sprioc amach anseo ná “daoine a cheapfar i gcomhlacht poiblí i mbliain ar leith, ar mhodh earcaíochta nó ardú céime”.

Léirigh iniúchadh a dhein Tuairisc in 2024 go raibh brí nua á baint ag coiste reachtúil náisiúnta as an sprioc 20%.

Maíodh ag cruinniú amháin den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge go bhféadfaí “líon leathan daoine” a áireamh faoin 20% ó tharla nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite leis an bhforáil a bhaineann le hearcú daoine a bhfuil Gaeilge acu.

Tugadh le fios ag cruinniú eile go raibh míbhrí á baint ag Tuairisc as an reachtaíocht trína rá gur earcaigh nua a bhí i gceist le “earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí” agus gur chóir an focal ‘nua’ a sheachaint feasta.

Ach glacadh go forleathan leis roimhe sin gurb é a bhí i gceist ná gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus b’in a thug airí Gaeltachta, polaiteoirí an fhreasúra agus baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge le fios le linn an nach mór 40 uair an chloig de phlé a rinneadh faoin reachtaíocht i dTithe an Oireachtais.

Is “20% d’earcaigh nua” a bhí luaite i gclár an Rialtais ag an am chomh maith agus an téarmaíocht chéanna a úsáideadh i ndiaidh fhoilsiú agus achtú an bhille teanga ag deireadh 2021.

Ach in ainneoin nach raibh aon doiléire ag baint le brí na sprice 20% ar feadh roinnt blianta, léirigh anailís Tuairisc ar ráitis rialtais, ar dhíospóireachtaí Dála, ar thuarascálacha oifigiúla agus ar mhiontuairiscí cruinnithe go raibh brí nua á baint anois as mórsprioc na reachtaíochta agus go raibh an bhrí sin á cur chun cinn de réir a chéile.

Nuair a cheistigh Tuairisc Roinn na Gaeltachta an uair sin faoin mbrí nua a bhí á baint as reachtaíocht, dúradh gur “gnó” don Choimisinéir Teanga é brí a bhaint as an reachtaíocht teanga.

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc gurb é an tuiscint bhí ag an oifig sin go mbaineann an fhoráil “le hearcaigh nua chun na seirbhíse poiblí” ach stad an oifig sin de bheith ag úsáid an téarma ‘earcaigh nua’ chomh maith ina dhiaidh sin.

In 2024 chuir Tuairisc trí cinn de cheisteanna ar Roinn na Gaeltachta – cén uair a socraíodh go mbainfí brí nua as an bhforáil faoin sprioc 20%, cé a shocraigh go mbainfí brí eile as seachas an bhrí a bhí á baint as ag an Rialtas roimhe sin agus an bhfuarthas comhairle dlí faoin athrú?

Ní bhfuair Tuairisc aon fhreagra ar na ceisteanna sonracha sin, ach dúirt an Roinn linn gur “fiú a nótáil” nach raibh an focal ‘nua’ luaite i gcás na sprice earcaíochta san acht leasaithe.

I ndiaidh de Tuairisc torthaí a iniúchta a fhoilsiú, dúirt Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge nach mbeadh aon ghlacadh acu le haon iarracht brí nua a bhaint as sprioc an Stáit gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Dhá bhliain níos déanaí, glacadh go ciúin gan aon phlé sa Dáil an tseachtain seo le leasú reachtaíochta ón rialtas a fhágann gur féidir daoine a fhaigheann ardú céime chomh maith le hearcaigh nua a áireamh sa sprioc 20%, leasú a dhéanfaidh níos éasca é an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach.

Glacadh sa Dáil le leasú eile ar Acht na dTeangacha Oifigiúla an tseachtain, leasú a deir go bhfuil feidhm go fóill le scéimeanna teanga atá aontaithe ag comhlachtaí poiblí.

Faoin leasú a rinneadh ar an acht ag deireadh 2021, rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht a thug feidhm do na scéimeanna teanga agus bhí córas nua bunaithe ar chaighdeáin teanga le teacht i bhfeidhm ina n-áit roimh dheireadh 2024 ar a dhéanaí.

Mháigh Roinn na Gaeltachta go raibh feidhm dlí i gcónaí ag córas na scéimeanna ach dúirt breitheamh Ard-Chúirte gur “seafóid” agus “áiféis” é a mhaíomh go bhfuil córas na scéimeanna teanga fós i bhfeidhm.

Faoin leasú nua atá molta ag Aire na Gaeltachta, bheadh feidhm le scéim teanga go dtí go dtiocfaidh córas na gcaighdeán i bhfeidhm.

Dúradh mí Feabhra i mbliana go raibh na dréacht-chaighdeáin réidh le cur faoi bhráid an Aire agus go gcuirfí tús le próiseas comhairliúcháin maidir leo mí an Mhárta ach níor tharla sin.

Bhain leasú eile a mhol Aire na Gaeltachta leis an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí áirithe a n-ainm, lógó agus branda a bheith i nGaeilge.

Cuireadh bille Údarás na Gaeltachta, a tionscnaíodh chun an toghchán do bhord an Údaráis a thabhairt ar ais, tríd an Dáil an tseachtain seo.

Cuirfear an bille chuig an Seanad anois.

Fág freagra ar 'Leasú suntasach á dhéanamh ag an rialtas ar cheann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge'