Brí nua á baint as ceann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge

Léiríonn iniúchadh atá déanta ag Tuairisc go bhfuiltear anois ag maíomh nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na daoine a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí amach anseo

Brí nua á baint as ceann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge

Tá brí nua á baint ag coiste reachtúil náisiúnta as ceann de na mórspriocanna atá ag an stát ó thaobh na Gaeilge – gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh na bliana 2030.

Léiríonn iniúchadh atá déanta ag Tuairisc go bhfuiltear anois ag maíomh nach earcaigh nua amháin atá i gceist leis an sprioc 20% ach gur féidir daoine atá sa tseirbhís phoiblí cheana a áireamh chomh maith.

De réir miontuairiscí chruinnithe an Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, dúradh ag cruinniú amháin go bhféadfaí “líon leathan daoine” a áireamh faoin 20% ó tharla nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite leis an bhforáil a bhaineann le hearcú daoine a bhfuil Gaeilge acu.

Is é a deir an reachtaíocht ná go mbeidh Gaeilge ag ar a laghad 20% de na daoine a “earcófar chuig comhlachtaí poiblí”.  Caithfear an sprioc a bhaint amach “tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030”.

Glacadh go forleathan leis gurb é a bhí i gceist leis sin ná gur Gaeilgeoirí a bheadh in 20% d’earcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí, agus b’in a thug airí Gaeltachta, polaiteoirí an fhreasúra agus baill de Choiste Oireachtais na Gaeilge le fios le linn an nach mór 40 uair an chloig de phlé a rinneadh faoin reachtaíocht i dTithe an Oireachtais.

Is “20% d’earcaigh nua” atá luaite i gclár an Rialtais chomh maith agus an téarmaíocht chéanna a úsáideadh i ndiaidh fhoilsiú agus achtú an bhille teanga ag deireadh 2021.

Go deimhin, an lá céanna ar ghlac Tithe an Oireachtais leis an reachtaíocht nua, an 15 Nollaig 2021, dúirt Jack Chambers, an t-aire stáit Gaeltachta a thug an bille isteach:

“Féachfar leis an mBille le cuspóir foriomlán a bhaint amach ionas gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí roimh dheireadh 2030, agus gur trí mheán na Gaeilge a chuirfear seirbhísí Stáit ar fáil taobh istigh de limistéir Ghaeltachta.”

Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin go gcinnteodh an reachtaíocht nua “go mbeidh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030”.

I dtuarascáil bhliantúil 2021 Roinn na Gaeltachta maidir le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla,  tuarascáil a leagadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais, ní raibh aon cheist ann ach an oiread faoi bhrí an leasaithe a bhí déanta ar an reachtaíocht.

“Is é ollchuspóir an Achta go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi dheireadh 2030,” a dúradh.

Sa tuarascáil chéanna rinneadh idirdhealú soiléir idir ‘ollchuspóir’ an achta leasaithe agus an sprioc ghinearálta go bhfoghlaimeodh tuilleadh d’oibrithe na seirbhíse poiblí an Ghaeilge.

“Cé go bhfuil foráil san áireamh in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 go mbeidh 20% d’earcaigh nua don chóras poiblí inniúil sa Ghaeilge, tá an soláthar d’oiliúint Ghaeilge do sheirbhísigh phoiblí reatha lárnach do neartú an chumais Ghaeilge sa tseirbhís chomh maith.”

Ach in ainneoin nach raibh aon doiléire ag baint le brí na sprice 20% ar feadh roinnt blianta, léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc ar ráitis rialtais, ar dhíospóireachtaí Dála, ar thuarascálacha oifigiúla agus ar mhiontuairiscí cruinnithe go bhfuil brí nua á baint anois as mórsprioc na reachtaíochta agus go bhfuil an bhrí sin á cur chun cinn de réir a chéile.

Ag deireadh na bliana 2022 is mó atá an t-athrú seo le tabhairt faoi deara.

Tá an fhianaise is soiléire faoin gcur chuige nua ar fáil sna miontuairiscí ó chruinniú a bhí ag an gcoiste comhairleach náisiúnta a bunaíodh le plean a ullmhú chun an sprioc 20% a bhaint amach.

Ag an gcruinniú sin den Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge ar an 28 Deireadh Fómhair 2022, bhí plé ann faoi alt ar an suíomh seo inar tagraíodh don sprioc ‘gur cainteoirí Gaeilge a bheadh ‘in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030’.

B’in an gnáthfhriotal a bhí a úsáid go forleathan ar feadh roinnt blianta roimhe sin chun cur síos ar an sprioc nua earcaíochta, friotal a bhí in úsáid ní hamháin ag iriseoirí, ach ag airí, Teachtaí Dála, Seanadóirí agus ag Roinn na Gaeltachta féin.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta amach ag deireadh mhí Iúil 2022 faoin gcéad chruinniú den Choiste nua, dúradh gur 20% d’earcaigh ‘nua’ an sprioc a bhí ann.

Ach dúradh ag an gcruinniú i bhfómhar 2022 go raibh sé “suimiúil” go raibh tagairt ag Tuairisc d’earcaigh “nua” agus nach raibh an focal ‘nua’ luaite sa reachtaíocht.

Dúradh, ó tharla nach luaitear an focal ‘nua’ san Acht “gur fearr é seo a sheachaint”.

Dúirt ionadaí na Roinne le baill eile an choiste go gcaithfí “a chinntiú mar sin go bhfuil sé sin á threisiú i ngach a fhoilsítear maidir leis an gcuspóir sonrach sin”.

De réir na miontuairiscí, dúradh go bhféadfadh go n-áireofaí sa sprioc 20% daoine a bhí sa chóras cheana féin a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeilge OneLearning.

Bheadh sin ag teacht le “mórspriocanna na reachtaíochta” a dúradh.

Ag cruinniú eile den choiste mí na Nollag 2022, rinne ionadaí ó Roinn na Gaeltachta cur síos níos mine ar cad a bhí i gceist leis an léamh nua ar bhrí na reachtaíochta.

Dúirt an t-ionadaí “go gcuimseofar líon leathan daoine faoin 20% ó tharla nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite san Acht”.

Dúradh gur tuigeadh don Roinn gurb é an tuiscint chéanna a bhí ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar an ábhar agus “sa chaoi sin go bhféadfaí arduithe céime a chomhaireamh san fhigiúr sin chomh maith, mar shampla”.

Thacódh an cur chuige sin “le foghlaimeoirí laistigh den chóras cheana féin”.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc an tseachtain seo gur “gnó” don Choimisinéir Teanga é brí a bhaint as an reachtaíocht teanga.

Dúirt urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le Tuairisc an tseachtain seo gurb é an tuiscint atá ag an oifig sin go mbaineann an fhoráil “le hearcaigh nua chun na seirbhíse poiblí”.

“Beidh tionchar nach beag ag an bPlean Náisiúnta atá á réiteach ag an gCoiste Chomhairleach um Sheirbhísí Gaeilge (a bunaíodh faoi Alt 18A) roimh an 19ú Meitheamh 2024,” a dúirt urlabhraí an Choimisinéara.

“Tuigtear dúinn go soiléireofar an scéal le foilsiú an phlean sin. Beidh tráchtaireacht á déanamh ag an gCoimisinéir Teanga ar an bPlean faoi dheireadh na bliana, mar a éilíonn an reachtaíocht.”

Chuir Tuairisc trí cinn de cheisteanna ar Roinn na Gaeltachta  – cén uair a socraíodh go mbainfí brí nua as an bhforáil faoin sprioc 20%, cé a shocraigh go mbainfí brí eile as seachas an bhrí a bhí á baint as ag an Rialtas roimhe sin agus an bhfuarthas comhairle dlí faoin athrú?

Ní bhfuair Tuairisc aon fhreagra ar na ceisteanna sonracha sin, ach dúirt an Roinn linn gur “fiú a nótáil” nach bhfuil an focal ‘nua’ luaite i gcás na sprice earcaíochta san acht leasaithe.

Dúradh gur “fiú a nótáil “chomh maith “gur gnó é d’Oifig an Choimisinéara Teanga brí a bhaint as an Acht” agus “monatóireacht” a dhéanamh air dá réir.

‘Earcaigh nua’ an bhrí atá á baint i gcónaí as foclaíocht na sprice ag an gcoiste Oireachtais a rinne scrúdú réamhreachtach ar an leasú ar an acht teanga.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an tseachtain seo caite, luaitear faoi dhó an sprioc “go mbeidh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse in ann feidhmiú i nGaeilge faoin mbliain 2030”.

Fág freagra ar 'Brí nua á baint as ceann de mhórspriocanna an stáit i leith na Gaeilge'

  • Billy an Ghoirt

    Bhfuil sibh ag rá go bhfuil an rialtas ag géilleadh do státseirbhísigh shinsearacha (béarlóirí aonteangacha go smior an chuid is mó acu) …. agus ag briseadh a ndlíthe féin!? ó thaobh na Gaeilge de!?

    Ó a Mhac go deo! Iontas na n-iontas!