Deir an léarscáilí aitheanta Barry Dalby, a bhfuil mapáil déanta aige ar thrí cheantar Gaeltachta, go bhfuil oiread dúshlán ag baint leis an obair go bhfuil sos á thógáil aige le machnamh á dhéanamh ar cad atá i ndán dá chomhlacht, EastWest Mapping.
Tá sé ionann agus curtha as an áireamh ag Dalby, mar shampla, go gcuirfeadh a chomhlacht léarscáilíochta EastWest Mapping léarscáil de shléibhte Dhún na nGall – a bhfuil go leor acu sa Ghaeltacht – i gcló ainneoin an éilimh mhóir atá ar a leithéid óna chustaiméirí.
Tá cáil ar Dalby mar gheall ar an spéis phearsanta atá aige i logainmneacha agus an dua a chuireann sé air féin logainmneacha cruinn Gaeltachta a fhiosrú agus a léiriú ar a chuid léarscáileanna. D’oibrigh sé go dlúth le muintir na Gaeltachta le logainmneacha a dheimhniú agus cheadaigh sé foinsí aitheanta eile – saothar Tim Robinson agus Áitainmneacha Chiarraí ina measc – le ceisteanna casta a réiteach.
Dúirt Dalby gur costas an chonstaic is mó atá roimhe anois agus fiche léarscáil deartha ag EastWest Mapping a chlúdaíonn 10,000km2 de thalamh na hÉireann. Go dtí seo tá trí cheantar Gaeltachta clúdaithe ag EastWest Mapping – Acaill, Conamara, agus Corca Dhuibhne.
Foilsíodh ceithre léarscáil de Chorca Dhuibhne anuraidh – Dingle East: Slieve Mish; Dingle Central: Glanteenassig & Beenoskee; Dingle West: Cnoc Bréanainn ~ Brandon agus Dingle Way. Dúirt Dalby gur roghnaigh sé Corca Dhuibhne don tionscadal mór léarscáilíochta de thoradh suirbhé a cuireadh amach tuairim is seacht mbliana ó shin inar léiríodh spéis mhór i nGaeltacht Iarthar Chiarraí.
Cé go n-iarrtar go han-mhinic ar Dalby aghaidh a thabhairt ar Dhún na nGall agus léarscáileanna de Shléibhte Dhoire Bheatha, Na Cruacha Gorm agus ceantar Shliabh Liag in iardheisceart an chontae a dhéanamh, dúirt sé an deireadh seachtaine seo gur dócha ná a mhalairt nach dtarlóidh sé sin mura dtiocfaidh athrú mór ar an dúshlán airgid a bhíonn roimh léarscáilithe.
“Tá East West Mapping ar an bhfód le breis agus 30 bliain anois agus dhírigh muid ar léarscáileanna ardchaighdeáin a fhorbairt agus a fhoilsiú do phobal na hÉireann. Tá 20 bileog againn anois a chlúdaíonn 10,000km2. Cuireadh an t-uafás ama agus taighde isteach sna léarscáileanna seo ach is é fírinne an scéil é nach gclúdódh an díolachán ach an tríú cuid den chostas,” a dúirt sé.
Leag sé cuid mhaith den mhilleán ar an “easpa tacaíochta ón stát” agus ar cheist na cánach breisluacha a mhaíonn sé a bheith “éagothrom ar fad” chomh maith le teacht chun cinn na léarscáileanna saor in aisce ar líne. Mhaígh sé freisin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh bailte nó cathracha móra in aice na n-áiteanna a ndéanann sé léarscáil díobh lena chinntiú go mbeadh lear mór custaiméirí ann.
Tá leagan nua den léarscáil de na Staighrí Dubha agus Stua Laighean a foilsíodh in 2013 á réiteach faoi láthair aige, ach dúirt sé go bhfuil sé i gceist aige “sos a thógáil agus athmhachnamh a dhéanamh” ar a bhfuil i ndán do EastWest Mapping.
“Ní hin le rá nach gcuirfidh EastWest Mapping léarscáil eile amach go brách. Faigheann muid an t-uafás iarratas ar léarscáileanna ardchaighdeáin de Dhún na nGall, mar shampla. Ach is é an taithí atá againn ná go ndíoltar cúpla céad bileog le custaiméirí dílse agus ansin titeann na figiúirí díolacháin go mór.
“D’fhéadfaí dul i dtreo an tsluamhaoinithe – an gcuirfeadh a ndóthain daoine agus eagraíochtaí an t-airgead isteach roimh ré? Sheachain mé an bealach sin go dtí seo mar ní maith liom airgead a thógáil ó dhaoine i bhfad sula mbíonn an táirge ar fáil ach seans gurb é sin an t-aon bhealach lena dhéanamh,” a dúirt sé.
Lillis Ó Laoire
Margaíocht ag teastáil agus formhaoiniú fosta gan aon cheist.
Anuas air sin
Tá na mapaí a dhéanann Barry Dalby dochreidte saibhir. Molaim go hard na spéire iad d’aoinne a bhfuil suim aige nó aici sa logainmníocht nó sa timpeallacht. Ní gá bheith id’ shléibhteoir chun taitneamh a bhaint astu ach oiread. Fiú amháin suite ag bord sa chistin – d’fhéadfá seachtain a thabhairt ag féachaint ar na mion-logainmneacha go léir agus iad suite ina gcomhthéacs ceart, ‘sé sin, an talamh fhéin. Ag an bpointe seo, ní bréag a rá go bhfuil níos mó déanta ag Barry Dalby don léarscáilíocht ná mar a dhein Tim Robinson, beannacht Dé lena anam. Is mór an trua nach bhfuil tuilleadh díolacháin fachta ag EastWest Mapping, agus suíomh idirlíne deas acu.
Colm Ó Cinnseala
AN bhfuil teacht ar an gceann Chonamarach?