Céatadán na ndaltaí sa chóras gaeloideachais tite den chéad uair le 50 bliain ‘de bharr athrú poirt an Rialtais seo’

Bhí ionadaithe ó fheachtais atá ag lorg scoileanna lán-Ghaeilge nua ar fud Átha Cliath i dTeach Laighean inné agus iad ag iarraidh brú a chur ar an Aire Norma Foley a dearcadh i leith an tsoláthair don oideachas lán-Ghaeilge a athrú

Céatadán na ndaltaí sa chóras gaeloideachais tite den chéad uair le 50 bliain ‘de bharr athrú poirt an Rialtais seo’

Tá éileamh déanta ar an Aire Oideachais gníomhú láithreach chun stop a chur leis an meath atá tagtha ar earnáil an ghaeloideachais.

Bhí ionadaithe ó fheachtais atá ag lorg scoileanna lán-Ghaeilge nua ar fud Átha Cliath i dTeach Laighean inné agus iad ag iarraidh brú a chur ar an Aire Norma Foley a dearcadh i leith an tsoláthair don oideachas lán-Ghaeilge a athrú.

Léiríodh in anailís atá déanta ag Tuairisc ar fhigiúirí don Ghaeloideachas agus ar thuarascáil ón Roinn Oideachais féin gur ag titim atá céatadán na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge sa stát.

Dúradh ag an gcruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais nach léiriú a bhí sa titim sin ar an easpa éilimh a bhí ann ar an  oideachas lán-Ghaeilge ach ar an athrú atá tagtha ar chur chuige na Roinne Oideachais maidir le bunú scoileanna nua.

“Ag deireadh an lae, tá an chéad titim le 50 bliain tar éis teacht [ar chéatadán na ndaltaí lán-Ghaeilge] agus tá sé tar éis teacht isteach mar gheall ar athrú poirt atá tar éis teacht isteach le linn tréimhse an Rialtais seo,” a dúirt Cormac McCashin ón bhForas Pátrúnachta.

‘Gerrymandering’ in aghaidh na Gaeilge ar siúl ag an Roinn Oideachais

Dúirt McCashin go mbíodh sé ar chumas grúpaí ar mhian leo scoil nua a bhunú é sin a dhéanamh agus go bhfaighfí tacaíocht ón stát ina dhiaidh sin, rud a d’fhág go raibh sé níos éasca ag dream a bhí ag iarraidh scoil lán-Ghaeilge a bhunú ina gceantar féin é sin a dhéanamh.

Thug an Roinn Oideachais próiseas eile isteach do bhunú scoileanna nua thart ar 15 bliain ó shin, a dúirt McCashin, agus cé go raibh sé sin “teoranta”, bhí sé i bhfad níos fearr ná mar atá i láthair na huaire, dar leis. Dúirt McCashin gurb í an fhadhb is mó a bhí ann anois ná nach bhfuil próiseas ar bith ann dóibh siúd atá ag iarraidh scoil nua a bhunú.

“Níl aon phróiseas, níl aon bhealach, níl aon fhoirm iarratais, níl aon teagmhálaí sa Roinn Oideachais, níl aon státseirbhíseach sa Roinn ar an Tulach Mhór a bhfuil sé mar dhualgas orthu féachaint ar cad atá le déanamh faoi scoileanna nua.”

Dúirt McCashin gurb é polasaí na Roinne Oideachais anois ná síneadh a chur le scoileanna atá ann cheana féin agus gurb é an toradh atá air sin go bhfuil scoileanna móra Béarla á ndéanamh níos mó agus nach bhfuiltear ag cur leis an soláthar atá ann don Ghaeloideachas.

“Nuair atá tú ag iarraidh a thuiscint cén fáth go bhfuil an líon scoileanna Gaeilge ag titim den chéad uair le 50 bliain, cén fáth go bhfuil an líon daltaí sa Ghaeloideachas ag titim den chéad uair le 50 bliain agus cén fáth go bhfuil an sciar daltaí sa Ghaeloideachas [den iomlán] san oideachas ag titim den chéad uair le 50 bliain, tá sé ag tarlú mar go bhfuil an Roinn tar éis aon deis a bhí againn scoil nua a bhunú a bhaint agus tá siad ag díriú ar na scoileanna atá ann faoi láthair, go príomha scoileanna Béarla, a dhéanamh níos mó agus níos mó agus níos mó agus níos mó.”

Tá an Roinn Oideachais ag obair i láthair na huaire ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ach dúirt McCashin nach raibh “aon chúis dóchais” acu go réiteodh sé sin an fhadhb. Dúirt sé go raibh dréachtchóip den pholasaí feicthe ag an bhForas Pátrúnachta agus gur léir “nach bhfuil an tAire, an Roinn nó aon duine ag obair i dtreo na faidhbe seo maidir leis an easpa soláthair a leigheas.”

I measc na moltaí a rinne na hionadaithe a bhí os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, iarradh go dtabharfaí isteach próiseas “cothrom” chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú, go mbeadh ceart dlíthiúil ag daoine ar oideachais lán-Ghaeilge agus go mbeadh dualgas reachtúil ann maidir leis an líon scoileanna lán-Ghaeilge a ardú.

Dúirt Eoin Mac Maoilir, Cathaoirleach Ghaelscoil Shliabh Rua agus é ag labhairt ar son an fheachtais Gaelcholáiste nua a thógáil i gCoill na Silíní i ndeisceart Átha Cliath, go raibh “géarchéim” ann i dtaobh an easpa soláthair.

Fág freagra ar 'Céatadán na ndaltaí sa chóras gaeloideachais tite den chéad uair le 50 bliain ‘de bharr athrú poirt an Rialtais seo’'

  • Lillis Ó Laoire

    Easpa iomlán tuusceana ar an Roinn Oideachais. Costas anbt-aon phrionsabal a thuigeann siad.

  • Conán Maol

    An bhfuil polaiteoir ar bith ó FG,FF, nó G ar bith ag tabhairt dúshlán do Norma Foley faoin sccannal seo?

  • Éamonn Ó Dochartaigh

    Molaim na hiarrachtaí brú a chur ar an rialtas maidir leis seo. Tá leathnú na gaelscolaíochta lárnach do bheatha na teanga.