In ainneoin na bolscaireachta oifigiúla tá go leor ag glacadh leis nach bhfuil ag éirí leis an Rúis

Tá díospóireacht shuimiúil ar siúl sa Rúis faoi theip na Rúise a haidhmeanna a bhaint amach san Úcráin

In ainneoin na bolscaireachta oifigiúla tá go leor ag glacadh leis nach bhfuil ag éirí leis an Rúis

Tá díospóireacht ar siúl i measc bhlagairí cogaidh na Rúise ar chóir do dhaoine sa chuid eile den Eoraip a bheith ar an eolas faoi. In ainneoin na bolscaireachta oifigiúla go bhfuil an cogadh á bhuachaint ag an Rúis glacann níos mó agus níos mó daoine leis nach bhfuil ag éirí leis an Rúis a haidhmeanna a bhaint amach agus go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas de réir a chéile di ó thaobh na heacnamaíochta agus go míleata.

Maíonn dream amháin go drogallach go gciallaíonn sé seo go mbeidh ar an Rúis glacadh go díreach leis nach féidir léi a haidhmeanna a bhaint amach agus bealach éigin a aimsiú chun deireadh a chur leis an gcogadh. Creideann siad go ndearnadh a lán botún i bhfearadh an chogaidh ach go bhfuil sé ródhéanach anois an oibríocht mhíleata speisialta a tharrtháil. Tá an chuid is ceanndána den dream seo tosaithe ar Putin a cháineadh. Tá duine amháin ar a laghad acu i bpríosún dá bharr agus cuireadh duine eile acu in ospidéal síciatrach ar feadh seala.

Tá dream eile, áfach, a shíleann gurb í an chúis go bhfuil an Rúis ag teip ná nár ghlac siad dáiríre go leor leis an gcogadh, agus gurbh é an freagra a bhí acu ná coinscríobh a chur i bhfeidhm, slógadh a dhéanamh ar an tsochaí agus an geilleagar iomlán a chur ag obair ar son an chogaidh.

Téann cuid den dream seo níos faide fós agus maíonn siad gur gá don Rúis an cogadh a leathnú agus a ghéarú chun é a bhuachaint. Duine acu seo is ea an blagálaí pro-cogaidh Alexey Zhivov a chreideann ‘nach bhfuil am níos fearr ná anois leis an Eoraip a ionsaí’.    ’

Dar leis, tá deis na Rúise bua a bhaint amach san Úcráin ag sleamhnú uaithi, agus dá bhrí sin ní mór don Rúis gníomhú cosúil leis an Iaráin agus ionsaí a dhéanamh ar gach saoráid san Aontas Eorpach a chuidíonn leis an Úcráin. Samhlaíonn sé ionsaithe diúracán ar fud na hEorpa i gcoinne monarchana agus bunáiteanna a thacaíonn le hiarracht chogaidh na hÚcráine, agus é ag brath air nach gcabhróidh Donald Trump leis an Eoraip.

Deir Zhivov go mbeidh deireadh le tionchar Trump ar an bpróiseas síochána san Úcráin ó mhí na Samhna. Tar éis do na Poblachtánaigh na toghcháin mheántéarma a chailliúint, “caithfidh Trump a hata leis an scéal,” dar leis.

Deir Zhivov gurb í 2026 an “bhliain dheireanach de bhuiséad láidir’ agus nach mbeidh dóthain airgid ann faoi 2027 chun leanúint leis an gcogadh. Beagnach gach lá, buaileann dróin na hÚcráine scaglanna ola, monarchana arm agus láithreacha tionsclaíocha eile sa Rúis. Ar an líne thosaigh, deir sé nach bhfuil aon dóchas go ndéanfar aon mhórdhul chun cinn tapa nó cuimsitheach ann.

De réir Zhivov, caithfidh an Rúis buille a thabhairt sula mbeidh an Eoraip réidh. Tá cúrsaí cosanta agus an tionscal míleata á n‑athchóiriú san Eoraip ach níl siad réidh faoi láthair do mhórchogadh, dar leis.

Deir Zhivov go bhfuil ‘fuinneog deiseanna’ Mhoscó ag cúngú agus nach féidir an cogadh a bhuachaint leis na fórsaí agus an cuir chuige reatha. Mar sin is gá an cogadh a ghéarú agus limistéir an chogaidh a leathnú go tobann, mar a rinne an Iaráin, dar leis.

Cén fáth nach bhfreagróidh an tAontas Eorpach ná NATO, dar le Zhirov? Maíonn sé nach bhfuil an Eoraip réidh do fhreagairt mhíleata dhíreach: níl an tsochaí ullamh, níl an geilleagar athmhúnlaithe ar bhonn cogaidh, bíónn an Eoraip mall ag déanamh cinntí agus díspreagadh láidir iad airm núicléacha na Rúise.

Deir sé gur anois atá an seans ag an Rúis gníomhú le lámh láidir i gcoinne na hEorpa, ach dá fhaid a fhantar is ea is deacra a bheidh sé.

Admhaíonn sé go ndéarfaidh siadsan nach n-aontaíonn leis go méadóidh ionsaithe ar shócmhainní Eorpacha a bhaineann leis an Úcráin rannpháirtíocht NATO sa chogadh go drámatúil. Mar sin féin, deir sé go n‑éireoidh na rioscaí sin dosheachanta i gceann cúpla bliain ar aon nós, agus faoin am sin beidh an deis caillte, agus tá NATO cheana féin páirteach sa choimhlint, dar leis.

Ar deireadh, maíonn Zhivov gur gá don Rúis slógadh míleata iomlán a dhéanamh den tionscal, den gheilleagar, den riarachán poiblí agus de mheon an phobail, ionas nach mbeidh aon amhras ar an namhaid faoi dháiríreacht na Rúise.

Deir sé go bhfuil seans ann deireadh a chur leis an gcogadh in 2026 agus cogadh in 2030 a sheachaint.

Shamhlófá go gcaithfidh go bhfuil an díospóireacht chéanna ag dul ar aghaidh laistigh d’ardcheannasaíocht pholaitiúil agus mhíleata na Rúise. Fiú má tá claonadh i gcóras uathlathach drochscéalta a cheilt agus tuairiscí ródhearfacha ar staid an fhronta a thabhairt don ardcheannaire, caithfidh go bhfuil an tsáinn ina bhfuil sé ag éirí soiléir fiú do Vladamir Putin. Caithfidh go bhfuil sé ag éirí soiléir mura n-athraíonn rud éigin gan choinne nach mbeidh sé ach ag tochailt níos doimhne isteach sa pholl ina bhfuil sé. Agus caithfidh go bhfuil faicsin laistigh den chóras ag argóint faoi cad é an bealach is fearr le dul i ngleic leis seo – deireadh a chur leis an gcogadh agus an chuma is fearr is féidir a chur ar an scéal, nó na seacht ndícheall a dhéanamh láithreach chun bua stairiúil a bhaint amach don Rúis.

Beidh formhór léitheoirí an ailt seo ag súil gur ag an gcéad dream a bhéas an lá. Shamhlófá gur sin a bheadh ag teastáil ó lucht gnó agus rachmais na Rúise freisin. Ach cá bhfios cén rogha a dhéanfaidh Putin má cheapann sé go mbeidh a cheannaireacht féin i mbaol gan an bua glórmhar a gheall sé do mhuintir na Rúise aige?

Fág freagra ar 'In ainneoin na bolscaireachta oifigiúla tá go leor ag glacadh leis nach bhfuil ag éirí leis an Rúis'

  • Jimmy

    Alt suimiúil agus is fiú a bheith ar an eolas faoi phlé inmheánach na Rúise. Ach tá ceist agam faoi fhoinsí Fachtna – an bhfuil Rúisis ar a thoil aige nó cá bhfaigheann sé a chuid eolais faoin méid atá á rá sa Rúis? Trí Telegram a léamh agus Google Translate a úsáid? Nó trí scagadh a dhéanamh ar thuairiscí nuachta i nuachtáin an Bhéarla? Nílim á cháineadh ach ba dhíol suime domsa é conas a fhaigheann sé a chuid eolais faoin scéal.

  • An tSean Commie Bocht

    Amaidí agus scéal chailleach an uafais. Níl an Rúis chun an Eoraip a ionsaí. Ach má ionsaíonn an Rúis an Eoraip beidh an locht ar an Eoraip agus cruthóidh sé go raibh an ceart agamsa an tam ar fad.

  • Noel

    Níl fianaise tugtha ach ó bhlagaire amháín. Ní chruthaíonn sé sin tada.

  • Colin Ryan

    Tá eolas maith agam ar na foinsí difriúla (agus léamh na Rúisise agam) agus tá a lán blagairí lagmhisniúil faoin scéal. Tá an scéal á thabhairt go cnámh na huillinne agus na faicsin dhifriúla ag dul i ngleic le chéile. Tá an ceart ag Fachtna.

  • Fachtna Ó Drisceoil

    Ceist mhaith a Jimmy. An freagra ná trí cúpla modh difriúl ach ní trí scagadh a dhéanamh ar thuairiscí nuachta i nuachtáin Bhéarla. Sa chás thuas d’aistríos an buntéacs i Rúisis ó Telegram agus le Microsoft copilot. Ach de ghnáth is ag úsaid foinsí a bhfuil clú bainte amach acu le cúpla bliain anuas as a gcuid aistriúcháin go Béarla ar mhíreanna iomlána físe nó téacs go Béarla. An ceann is aitheanta acu ar fad ná https://www.youtube.com/@russianmediamonitor ach tá cúpla ceann eile ann freisin. Pointe maith ag Noel. Beidh orm sin a chur ina cheart i mo chéad alt eile.

  • Pól Réamonn

    Tír an-ghreannmhar í an Rúis. Go dtí nach bhfuil sí.