Ba chóir don choiste comhairleach atá ag plé leis an bplean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge “ról ceannais” a ghlacadh maidir le beart náisiúnta a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal, a deir an Coimisinéir Teanga.
Deir an Coimisinéir, Séamus Ó Concheanainn, i dtuarascáil nua go mbeidh a leithéid de bheart náisiúnta riachtanach má tá dóthain céimithe le bheith ann chun sprioc an rialtais i leith earcú cainteoirí Gaeilge a chomhlíonadh.
An sprioc atá sa reachtaíocht teanga ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh chuig an tseirbhís phoiblí faoi 2030.
Tá amhras caite go minic ar an sprioc i bhfianaise a laghad cúrsaí atá ar fáil i nGaeilge ag an tríú leibhéal.
Deir an Coimisinéir Teanga go mbeidh “géar-riachtanas le sruth leanúnach céimithe” a bhfuil Gaeilge acu i réimsí staidéir éagsúla amhail an riarachán agus beartas poiblí, an rialachas corparáideach, an bhainistíocht eagraíochtúil, an phleanáil teanga, an phleanáil straitéiseach, an mhúinteoireacht agus an cúram sláinte.
Deir an Coimisinéir sa tráchtaireacht atá déanta aige ar obair an Choiste Chomhairligh um Seirbhísí Náisiúnta go bhfuil “deis” ag an gCoiste Comhairleach “ról ceannais” a ghlacadh maidir leis na cúrsaí seo a a bhunú i gcomhar leis An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, an tÚdarás Ardoideachais agus Roinn na Gaeltachta.
De réir thuarascáil an Choiste Chomhairligh 411 iarratasóir a chuir isteach ar sheacht gcomórtas do chainteoirí Gaeilge a reáchtáil Poist Phoiblí don Státseirbhís in 2022 agus 2023.
205 iarratasóir a bhí gceist in 2024, rud a fhágann, a deir an Coimisinéir Teanga Gur “deacair a ríomh ó na figiúirí seo gur tháinig aon mhéadú ar líon na n-iarratasóirí do rólanna le Gaeilge do chomórtais earcaíochta na Státseirbhíse, cé go bhfuil an fhoráil earcaíochta 20% i bhfeidhm ó Mheitheamh 2022”.
Deir an Coimisinéir Teanga chomh maith gur “ceist thábhachtach” í agus gur fhiafraigh an Coiste Comhairleach den Roinn Caiteachais Phoiblí, atá i gceannas ar pholasaí earcaíochta an stáit, an bhfuil sé i gceist acu treoracha a eisiúint do chomhlachtaí poiblí maidir leis an dualgas atá orthu i leith na sprice 20%.
“Beart stuama” a bheadh ansin, a deir an Coimisinéir “go háirithe nuair a thabharfar na caighdeáin teanga i bhfeidhm”.
Táthar fós ag fanacht ar chóras na gcaighdeán, atá le teacht in áit chóras na scéimeanna teanga. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 ach níl na dréacht-chaighdeáin teanga foilsithe go fóill. Tá sé ráite ag oifigigh Roinn na Gaeltachta go bhfuil forbairt an chórais níos casta ná mar a ceapadh ar dtús.
Faoin gcóras nua, leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
Deir an Coimisinéir ina thuarascáil nua go bhfuil “géarghá ann faoi láthair córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm d’fhonn laigí chóras na scéimeanna teanga agus na bearnaí suntasacha a sonraíodh i seirbhísí poiblí i nGaeilge le roinnt mhaith blianta anuas a réiteach”.
Luaitear go sonrach an tairseach seirbhísí poiblí MyGovID.
“Nuair a scrúdaítear leibhéal an tsoláthair i nGaeilge ar an tairseach náisiúnta seo i láthair na huaire tá éagothromaíocht ollmhór idir
caighdeán agus cuimsitheacht na seirbhísí poiblí atá ar fáil i mBéarla agus an tseirbhís thearc agus bhearnach i nGaeilge.
“Beidh sé ina bhunriachtanas go bhfaighidh na caighdeáin teanga tosaigh greim ar na comhlachtaí poiblí atá ag úsáid córais idirghníomhacha ar líne chun seirbhísí poiblí bunúsacha a sholáthar don phobal.”
Molann an Coimisinéir don Choiste Comhairleach go dtiocfadh na seirbhísí uile a thagann faoi scáth MyGovID faoi scáth chóras nua na gcaighdeán teanga.
Tráchtar chomh maith sa tuarascáil nua faoi obair an Choiste Chomhairligh in 2024 ar mholadh an Choimisinéara go mbunófaí
molchampais sa Ghaeltacht agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta chun seirbhísí poiblí a chur ar fáil i nGaeilge don phobal.
Deirtear gur chóir na molchampais seirbhísí Gaeilge “a úsáid mar chomhartha suaitheantais san athbhrandáil atá le déanamh ar sholáthar poiblí Gaeilge an Stáit”.
Moltar chomh maith athbhreithniú a dhéanamh ar ghrád agus ar chúraimí ról na nOifigeach Gaeilge sa chóras poiblí.
Luaitear leis plean Údarás na Gaeltachta uirlis intleachta saorga nua, ‘Ard-Intleacht na Gaeilge’ a fhorbairt chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.
Deirtear go bhfuil sé “riachtanach” go ndéanfaí “scóipeáil bheacht” ar na seirbhísí a bhféadfaí an intleacht saorga nGaeilge a fhorbairt dóibh.
Fág freagra ar '‘Ról ceannais’ molta do choiste comhairleach maidir le ‘beart náisiúnta’ don Ghaeilge ag an tríú leibhéal'