An coirloscadh sléibhe – ionsaí i ndiadh ionsaithe ar an mbithéagsúlacht

Ní mór éisteacht le foláirimh na saineolaithe agus déileáil faoi phráinn leis an loscadh sléibhe

An coirloscadh sléibhe – ionsaí i ndiadh ionsaithe ar an mbithéagsúlacht

Teacht na cuaiche, tús le cluichí peile na craoibhe, bruscar á charnadh le haghaidh tinte cnámh ar an 11 Iúil, brú réamhscrúduithe. Idir mhaith agus olc tá nithe áirithe gur féidir a bheith lánchinnte go dtarlóidh siad an t-am seo den bhliain. Anois, faraor tig linn loscadh sléibhe a áireamh ar liosta na dtubaistí rialta freisin.

Cheana féin i mbliana tá dochar as cuimse déanta ag tinte sna Beanna Boirche i gContae an Dúin agus ar Shliabh Beatha cois na teorann idir contaetha Fhear Manach, Thír Eoghain agus Mhuineacháin. Ní hí seo an chéad bhliain i gceachtar láthair agus an baol ann go dtógfaidh sé blianta fada chun an damáiste, sa bhreis ar dhamáiste, atá déanta a chealú, más féidir in aon chor.

Bliain i ndiaidh bliana, bímid ag caint ar an dochar sna Beanna Boirche ach fásann an fraoch arís agus dá bharr sin déanann go leor neamhaird den damáiste a deineadh. Ceileann an fraoch an scrios atá déanta thíos faoi. Bhí alltacht ar gach éinne fad is a bhí an tine ag réabadh trí 1,000 heicteár de na sléibhte le gairid, imní faoi shábháilteacht daoine áitiúla, faoi thithe, faoi ghnólachtaí, faoi bheithígh nó caoirigh agus faoi na hoibrithe dóiteáin. Ach nuair a chuirtear na bladhairí faoi smacht fágtar é mar scéal.

Ní féidir neamhaird a dhéanamh de feasta. Tá an dochar rómhór. Ionsaí i ndiaidh ionsaithe ar an mbithéagsúlacht ab ea sraith tinte. Dúirt Nigel McKinney ó Iontaobhas na mBeanna Boirche (a bunaíodh tar éis babhta loiscthe eile) gur dódh gach rud beo a bhí ar an talamh nó inti. Tá níos mó beatha ar an ngealach dar leis agus baol go dtógfaidh sé blianta ar flora agus fauna téarnamh.

Tá saineolaithe buartha faoin éifeacht a bhí ag tinte ar thalamh portaigh, ar a struchtúr, a comhdhéanamh agus ar na feithidí arb í sin a ngnáthóg. Deir eolaí gur léirigh scrúdú a rinneadh trí bliana i ndiaidh na dtinte in 2021chun an ráta téarnaimh a thomhas go raibh líon na n-inveirteabrach (feithidí, péiste etc) sa cheantar fós 90% níos ísle ná a bhí roimhe.

Buille tubaisteach d’éin a dhéanann a nead ar an talamh iad na tinte gach áit. B’údar gairdeachais é an scéal a bhí ag Shane Ó Curraighín ar RTÉ an mhí seo caite go raibh ceap síolraithe nó gorlann le leathéan bunaithe ag crotach ar Shliabh Beatha 50 ciliméadar ón áit ar tógadh é faoi chosaint i gcontae Liatroma. Dea-thoradh ar fheachtas chun stad a chur le díothú an chrotaigh in Éirinn. Tá an ceantar sin ar cheann de na láithreacha annamha ina saolaítear an crotach. Ar an drochuair tá scéal an phlean caomhnaithe fite fuaite leis an dochar a dhéanann tinte sléibhe ach nach mbíonn chomh follasach leis an scrios ar dhromchla dóite na talún.

Nuair a cuireadh an loscadh sléibhe ar Shliabh Beatha faoi smacht an tseachtain seo caite frítheadh nead crotaigh ina raibh ceithre ubh ach iad tréigthe de bharr na contúirte ó bhladhairí, teas agus toit. Tháinig an tine i bhfoisceacht troigh don nead. Tugadh na huibheacha chun bealaigh le súil gur féidir iad a ghor ach dúirt saineolaithe gur bhuille trom é an nead a bheith curtha ó mhaith. Bhí titim 98% ar líon na gcrotach le scór bliain agus dá réir tá práinn le gach nead a chosaint.

Chomh maith leis an dochar don timpeallacht is contúirt d’fheilméaracht, do thurasóireacht agus do lucht fóillíochta chomh maith le muintir na gceantar sin é an loscadh sléibhe. Tá cead faoin dlí aiteann agus a leithéid a dhó idir deireadh an fhómhair agus tús an Aibreáin faoi choinníollacha dochta. Tá sé in aghaidh an dlí ag an am seo. Ar ndóigh tarlaíonn tinte de thaisme nuair nach mbíonn daoine cúramach ach táthar den bharúil gur in aon turas a lasadh na tinte tubaisteacha seo.

Tá plean gnímh ag an Roinn Comhshaoil/Talmhaíochta ach go bunúsach tá sé ag brath ar dhea-thoil chun tubaiste a sheachaint nó go dtabharfaí tuairisc do na húdaráis faoin té a bheadh freagrach as ‘coirloscadh tuaithe’ mar a thug an tAire Andrew Muir air. Go dtí seo is go fíorannamh a cúisíodh éinne as coirloscadh sléibhe. A shliocht air, d’uireasa cúisimh agus pionóis tarlaíonn sé arís agus arís. Caithfear déileáil leis faoi phráinn, níl am le spáráil; ní mór éisteacht le foláirimh na saineolaithe.

Fág freagra ar 'An coirloscadh sléibhe – ionsaí i ndiadh ionsaithe ar an mbithéagsúlacht'