Agus praghsanna na mbreoslaí iontaise ag dul in airde, ní raibh am níos fearr ann riamh chun tabhairt faoin taisteal glas agus an traein a thógáil timpeall na hEorpa.
Tugann ticéad Interrail deis duit suas go 33 tír a fheiceáil le pas traenach amháin agus ní hionann agus fadó, ní don aos óg amháin an ticéad sin a thuilleadh; féadfaidh duine ar bith pas Interrail a cheannach.
Thug mé féin faoi chamchuairt 9,500 ciliméadar trí 12 thír ar na mallaibh, agus seo thíos roinnt mholtaí.
- Ach tá cónaí orm ar oileán!
Is ea, oileán is ea Éire agus cé go mbeidh do phas Interrail bailí ar thraenacha Iarnród Éireann agus Iarnróid Thuaisceart Éireann, níl a gcóras traenach siúd ceangailte le córas traenach na mór-roinne, ná go deimhin na Breataine. Tugann pas Interrail lacáiste suntasach duit ar bháid Irish Ferries agus Stena Line, ach gan dabht d’fhéadfá an t-eitleán a thógáil chuig áit éigin lárnach ar an mór-roinn agus tús a chur le do chamchuairt traenach ansin. Tá mé cinnte go maithfidh saoithíní an taistil ghlais an méid sin duit.
- Bíodh tuairim éigin agat faoi fhad agus faoi shlí do thurais sula gceannóidh tú do phas
Tá iliomad pasanna éagsúla Interrail ar fáil, agus praghas éagsúil ar chuile cheann. Pas a thug 15 lá taistil dom laistigh de thréimhse dhá mhí a cheannaigh mise, ach ag brath ar do sparán agus ar fhad do shaoire, seans gurbh fhearr a d’oirfeadh líon laethanta taistil níos lú laistigh de thréimhse níos lú, nó pas a thabharfadh cead duit taisteal gach lá ar feadh líon áirithe laethanta as a chéile. (Tá gléas iontach ar shuíomh Interrail a thugann deis duit turas a phleanáil sula gceannóidh tú ticéad ar bith, agus déarfaidh an gléas sin leat cén pas is fearr a oirfidh duit.)
- Bain sult as an tsaoirse, ach bí cinnte traenacha áirithe a chur in áirithe roimh ré
Aip ar do ghuthán cliste atá sa phas Interrail dáiríre, agus cuireann an aip sin ar do chumas amchlár na dtraenacha ar fad san Eoraip a chuardach agus do thuras a phleanáil de réir mar atá tú ag taisteal. I mórchuid cásanna féadfaidh tú tiontú suas ag an stáisiún agus traein ar bith a thógáil, ach i gcásanna eile (go háirithe i ndeisceart na hEorpa) bíonn ort suíochán a chur in áirithe ar thraein ar leith, agus ar chostas breise (€5 – €35.)
Ní hamháin gur fiú na costais bhreise sin a chur san áireamh agus do thuras á phleanáil agat, is fiú go mór traenacha ar stráicí áirithe ardéilimh a chur in áirithe (i bhfad) roimh ré. Thaitin an tsaoirse a thug mo phas chomh mór sin liomsa nach ndéanainn cinneadh faoin gcéad cheann scríbe eile go minic go maidin lae an taistil féin, ach bhí aiféala mór orm nár chuir mé na traenacha ardluais a theastaigh uaim a thógáil tríd an bhFrainc in áirithe i bhfad roimh ré. Rás sealaíochta ar thraenacha áitiúla an toradh.
- Seachain na mórchathracha agus ná déan dearmad ar am amuigh faoin spéir
Gan dabht tabharfaidh camchuairt tríd an Eoraip tríd roinnt mórchathracha thú; bíonn sé deacair go háirithe Páras a sheachaint toisc go dtagann oiread sin línte traenach le chéile ann. Ach bíonn costas mór ar lóistín sna mórchathracha agus bíonn siad plódaithe ag turasóirí lena chois. Rith sé liom arís is arís eile le linn mo thurais féin gurb iad na cathracha beaga ab fhearr a thaitin liom (mholfainn Ljubljana na Slóivéine agus Modena na hIodáile mar shampla.)
Ceann de na dúshláin a bhaineann le camchuairt Interrail ná go mbíonn tú ag dul ó chathair go cathair nach mór i gcónaí toisc gur sna cathracha, agus ní faoin tuath, a bhíonn stáisiúin na línte móra. Thug mé geallúint dom féin ag tús mo thurais go gcaithfinn ar a laghad lá amháin ag siúl amuigh faoin spéir gach seachtain. Ar ámharaí an tsaoil tá cathracha ann a bhfuil páirceanna dúlra áille ar leic an dorais acu; tá foraois mhór mhillteach díreach taobh ó thuaidh den Bhratasláiv, mar shampla, agus tá boireann Les Calanques díreach taobh ó dheas de chathair Marseille.
- Labhair leis na paisinéirí eile!
Níl an taisteal traenach mar a bhíodh. Bíonn cluasáin ar gach éinne agus i scáileán na bhfón póca a bhíonn na súile sáite. Lena chois sin, bíodh faitíos roimh dhaoine eile i gceist nó faitíos go gcuirfí ina leith féin iompar míchuí, bíonn leisce ar dhaoine na laethanta seo labhairt le strainséirí. Mar sin féin, bhí comhráite fóntacha agam le dornán comhphaisinéirí; mhalartaigh mé uimhreacha gutháin le beirt. Ní féidir teagmháil mar sin a phleanáil gan dabht ach miongháire, go minic, an chéad chéim.
- Mar fhocal scoir: tabhair leat málaí tae agus teirmeas!
An rud ab fhearr a rinne mé ná málaí tae agus teirmeas a thabhairt liom. Is fíor nach gcosnóidh cupán caife ach €1.50 ort sa Spáinn nó san Iodáil, ach íocfaidh tú €5 ar chaife nach bhfuil chomh maith céanna san Ísiltír agus in áiteanna níos faide ó thuaidh. Bíonn citeal leictreach i nach mór chuile chineál lóistín agus gach maidin, bíodh siúlóid fhada romham nó taisteal traenach, dhéanainn teirmeas lán den tae glas dom féin – mo chomhluadar dílis ar mo bhealach timpeall na hEorpa.
Fág freagra ar 'An taisteal glas: timpeall na hEorpa le teirmeas agus málaí tae'