Tá an tOllamh Colin Williams, duine de na saineolaithe idirnáisiúnta is aitheanta ar athneartú teangacha mionlaithe, tar éis bháis. Bhí an Ghaeilge i measc na dteangacha ar dhein sé taighde orthu le linn gairm fhada níos mó ná leathchéad bliain agus bhí dlúthbhaint aige leis an bpolasaí teanga thuaidh agus theas in imeacht na mblianta.
Rugadh Colin Williams in Y Barri, baile cósta gar do Caerdydd i ndeisceart na Breataine Bige i 1950. Bhí sé ar dhuine den chéad ghlúin a d’fhreastail ar oideachas trí mheán na Breatnaise sa cheantar sin sna 1950idí agus chothaigh an gréasán cultúrtha agus teanga timpeall ar na scoileanna sin féiniúlacht láidir Bhreatnaise ann. Ó aois óg, bhí Colin gafa le ceisteanna sóisialta ar nós comhionannas, forbairt, réiteach coimhlinte agus caidreamh idirnáisiúnta, luachanna a bhí fréamhaithe ina chreideamh Críostaí. Tar éis dó bunchéim sa tráchtáil a dhéanamh in Ollscoil Abertawe i dtús na 1970idí, thug sé faoi PhD san ollscoil sin faoin nasc idir teanga agus náisiúnachas. Chaith sé tamall i mbun staidéir san University of Western Ontario, tréimhse a chothaigh dáimh fadsaoil le Ceanada i gcaitheamh a ghairme.
Ba in Ollscoil Staffordshire a fuair Colin a chéad phost léachtóireachta i Roinn na Tíreolaíochta ó 1976 agus chaith sé tréimhsí i Meiriceá Thuaidh sna 1980idí, áit ar dhein sé taighde ar an bpolasaí teanga in Québec agus i gcúigí eile de Cheanada. I 1993, ceapadh é ina Ollamh le Sochtheangeolaíocht i Scoil na Breatnaise in Ollscoil Caerdydd. Bhunaigh sé ionad taighde faoi theanga, pleanáil agus polasaí ansin agus dhein sé forbairt ar mhodúil fochéime agus iarchéime faoin bpolasaí teanga sa Bhreatain Bheag agus i dtíortha eile.
Ba scoláire poiblí é Colin go smior agus chaith sé go leor dá shaol ag roinnt a shaineolais go fial ar eagraíochtaí pobail, comhlachtaí poiblí agus rialtais. Nuair a bhí Tionól na Breataine Bige á bhunú i ndeireadh na 1990í, dhein sé cathaoirleacht ar choiste a leag amach comhairle maidir le húsáid oifigiúil na Breatnaise ann. In 2000, ceapadh é ina bhall de Bhord na Breatnaise mar a bhí agus bhí baint rialta aige le heagraíochtaí idirnáisiúnta a shaothraíonn ar son cearta mionlaigh nó teanga ar nós an OSCE agus an Network to Promote Linguistic Diversity.
Ba í an pháirt a ghlac sé in obair chun coimhlintí fadbhunaithe polaitiúla a réiteach an t-údar sásaimh ba mhó a fuair sé le linn a ghairme. Ina measc, bhí an próiseas síochána sa Tuaisceart: ó na 1990idí d’oibrigh Colin leis an eagraíocht trasphobail Iontaobhas Ultach agus leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana (a raibh a cheanncheathrú i mBaile Átha Cliath) ar cheisteanna teanga agus comhionannais. Scríobh sé staidpháipéir faoi chomhionannas grúpa, cearta teanga agus éagsúlacht chultúrtha a dhein eolas do na forálacha faoin nGaeilge agus faoin Ultais i gComhaontú Aoine an Chéasta. Chuir sé comhairle leanúnach ar státseirbhísigh agus ar pholaiteoirí roimh bhunú an Tionóil agus ina dhiaidh. D’oibrigh sé leis an eagraíocht Ghaeilge POBAL ar dhréachtaí d’Acht Gaeilge don Tuaisceart a foilsíodh in 2006 agus 2012 agus a leag dúshraith láidir faoin bhfeachtas bríomhar pobail a bhláthaigh ina dhiaidh sin. B’údar mór sásaimh dó gur ritheadh acht teanga ó thuaidh ar deireadh, cé gur aithin sé go maith na laigí a bhain leis.
Ó dheireadh na 1970idí, bhí Colin ina chuairteoir rialta ar Éirinn, áit ar oibrigh sé le heagraíochtaí éagsúla Gaeilge agus é i mbun taighde. I bpáirt le Peadar Ó Flatharta, nach maireann, ghlac sé páirt i dtaighde ceannródaíoch faoin reachtaíocht teanga agus bhí caidreamh seanbhunaithe idir é agus Oifig an Choimisinéara Teanga. D’eagraigh sé féin, Peadar Ó Flatharta agus Seán Ó Cuirreáin comhdháil idirnáisiúnta ar chearta teanga i mBaile Átha Cliath in 2013, ócáid a thug ann do Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga. Bhí sé ar dhuine den fhoireann a cheap FIONTAR, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun comhairle a chur ar Rialtas na hÉireann faoin Straitéis 20 Bliain den Ghaeilge. Cé gur chuaigh Colin ar scor ó Ollscoil Caerdydd in 2015, lean sé air go gníomhach le taighde agus scoláireacht mar ollamh comhlach in Ollscoil Cambridge agus in institiúidí léinn eile.
Bhí saineolas domhain ag Colin ar iliomad réimsí acadúla agus d’fhéadfadh sé tarraingt ar na heolaíochtaí sóisialta ar fad chun tacú lena anailís ghéarchúiseach ar chúrsaí teanga. Bhí sé de phribhléid agamsa a bheith ar an bhfoireann a chuir eagar ar fhéilscríbhinn in ómós dó, Language, Policy and Territory (Palgrave Macmillan, 2022). Bhain aistí an leabhair sin le polasaí agus pleanáil teanga sna comhthéacsanna ba mhó a raibh cur amach ag Colin orthu: An Bhreatain Bheag, Ceanada, Éire, Albain agus an Chatalóin.
Níl áireamh ar na leabhair agus na hailt a scríobh sé le linn a shaoil agus níos lú ná bliain ó shin a tháinig an saothar acadúil ba dhéanaí uaidh, Official Language Regimes (Palgrave Macmillan, 2025), ina ndéantar plé cuimsitheach ar chás na Gaeilge i measc teangacha eile. Tá leabhar eile fós le teacht uaidh ar na téamaí céanna, a críochnaíodh roimh a bhás.
Bhí an galar néarón luadrach ar Colin le cúpla bliain anuas agus is teist ar a chrógacht agus a mhisneach é gur chríochnaigh sé na leabhair dheireanacha sin nuair nach raibh sé ábalta ach scríobh le hordóg amháin. Laoch a bhí ann i ngach slí: ní raibh oiread na fríde d’éirí in airde acadúil air, chaith sé go cothrom le gach duine agus thacaigh sé go fial flaithiúil le taighdeoirí eile.
Ba mhinic a chuir sé comhairle mo leasa orm féin in am an ghátair agus níl duine ar bith eile a d’fhág an oiread tionchair orm mar thaighdeoir. Go raibh suaimhneas síoraí aige, agus comhbhrón ó chroí lena bhaintreach Meryl agus lena mac Rhodri.
Cysga’n dawel Colin, gyfaill y galon gynnes.
Is Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe é an Dr John Walsh.
Fág freagra ar 'Colin Williams, saineolaí domhanda ar athneartú teangacha mionlaithe, tar éis bháis'