Comhdháil faoi theangacha cumtha le reáchtáil i gColáiste na Tríonóide

Is é David Peterson a chum na teangacha ‘Dothraki’, ‘Valeryian’, agus ‘Chakobsa’ atá le cloisteáil sa tsraith cháiliúil theilifíse Game of Thrones agus sna scannáin Dune

Comhdháil faoi theangacha cumtha le reáchtáil i gColáiste na Tríonóide

Beidh duine de na cumadóirí teangacha is mó cáil ag labhairt ag comhdháil aon lae faoi theangacha cumtha atá á reáchtáil i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.

Tá David J Peterson agus a bhean Jessie i measc na gcainteoirí a bheidh ag labhairt ag SpecCon sa David Theatre in Áras na nDán ar an 6 Meitheamh. Is é David Peterson a chum na teangacha ‘Dothraki’ agus ‘Valeryian’ atá le cloisteáil sa tsraith cháiliúil theilifíse Game of Thrones. Is é a chum an teanga ‘Chakobsa’ atá le cloisteáil sna scannáin Dune agus Dune: Part Two freisin.

Is comhdháil nua do ‘chruthairí domhan’ (worldbuilders) é SpecCon ina bpléifear na gnéithe éagsúla a bhaineann le ‘domhan’ a chruthú – gné thábhachtach den scríobh fantaisíochta agus seánraí eile litríochta, ach gníomh a sheasann as féin freisin. Beidh sé sheisiún agus seachtar cainteoirí ann le linn na comhdhála agus pléifear cumadh teangacha ag dhá sheisiún – ceann mhuintir Peterson agus ceann a bheidh á reáchtáil ag an bpearsa YouTube ‘Artifexian’.

Beidh David agus Jessie Peterson ag labhairt ar an logainmneolaíocht i ndomhain chruthaithe agus faoin gcaoi is fearr le logainmneacha a chruthú do thíortha cumtha dála Westeros agus ainmneacha a chumadh do charachtair a bheadh fréamhaithe i dteangacha cumtha.

Beidh Edgar Grunewald ó Artifexian, atá lonnaithe in Éirinn, ag labhairt faoin gcoincheap ‘musiclanging’ – cumadh teangacha atá bunaithe ar cheol seachas ar fhocail. Is musiclang í an teanga a ‘labhraíonn’ an carachtar Rocky sa scannán Hail Mary Project – ‘Eridian’, mar shampla.

Bainfidh an chuid eile de na cainteanna le gnéithe eile de ‘chruthú domhan’ – an gheolaíocht, an antraipeolaíocht, agus an bhitheolaíocht. Bainfidh an séú caint le cúrsaí draíochta agus an chaoi is fearr le córais ‘réalaíocha’ draíochta a chumadh do scéalta fantaisíochta.

Is í Madeline James, údar agus cruthaire domhan as Meiriceá Thuaidh, atá ag eagrú na comhdhála a bheidh ar siúl in Amharclann David in Áras na nDán i gColáiste na Tríonóide ar an 6 Meitheamh. Cé gur reáchtáladh comhdháil fhíorúil ar an ábhar seo cheana, seo é an chéad uair a mbeidh deis ag daoine a bhfuil spéis acu i gcruthú domhan agus i gcumadh teangacha teacht le chéile ar láthair fhisiciúil.

Tá súil ag James go mbeifear in ann comhdháil mar í seo a reáchtáil go rialta, gach dara bliain, sa chás go n-éireodh go maith leis an gcéad eagrán seo in Éirinn. Is i Meiriceá Thuaidh a reáchtálfaí an chéad leagan eile den chomhdháil sa bhliain 2028.

Fág freagra ar 'Comhdháil faoi theangacha cumtha le reáchtáil i gColáiste na Tríonóide'