An t-iar-aire rialtais David Andrews ar shlí na fírinne

Mar Aire Gnóthaí Eachtracha bhí David Andrews lárnach san idirbheartaíocht ar fad a bhain le Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998

An t-iar-aire rialtais David Andrews ar shlí na fírinne

Tá David Andrews, an t-iar-aire rialtais de chuid Fianna Fáil, ar shlí na fírinne in aois a 91 bliain.

Mac ab ea David Andrews le duine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil, Todd Andrews agus thug sé an pholaitíocht leis den teallach.

Toghadh é ina Theachta Dála do thoghcheantar Dhún Laoghaire den chéad uair i 1965. Chaith sé 37 bliain ina Theachta Dála do thoghcheantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin mar atá anois.

Is iomaí cúram a bhí air sna blianta sin. Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha, ina Aire Cosanta, ina Aire na Mara, ina Phríomh-Aoire, chomh maith le dhá thréimhse ina aire stáit.

Ní rómhór an mhuinín a bhí aige féin agus an t-iarThaoiseach Cathal Ó hEochaidh as a chéile agus nuair a tháinig Haughey i gcumhacht i 1979 ar na cúlbhinsí a fágadh Andrews.

Dlíodóir ab ea David Andrews agus bhí an-suim aige i gcearta an duine agus rinne sé obair ar son shaoradh Cheathrar Guildford agus Seisear Birmingham.

Mar Aire Gnóthaí Eachtracha bhí sé lárnach san idirbheartaíocht ar fad a bhain le Comhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Sna 1990idí agus é arís sa Roinn Gnóthaí Eachtracha chuaigh turas a rinne sé go dtí an tSomáil a bhí faoi bhrat an ghorta i bhfeidhm go mór air agus ba mhinic a labhair sé faoi na hoibrithe deonacha agus eile a chonaic sé ag obair ansin, a iníon féin ar dhuine acu.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar Chumann Croise Deirge na hÉireann tar éis do éirí as an Dáil in 2002. A mhac Barry Andrews a tháinig sa suíochán sin ina dhiaidh.

Bhí teach saoire ag a athair Todd Andrews i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara agus thóg sé teach saoire dó fhéin ansin agus ba mhinic thart ann é.

Fear mór siúlóide a bhí ann agus é ag iarraidh faoiseamh ó phian droma. Scríobh sé a chuimhní cinn faoin teideal Kingstown Republican: a Memoir agus luann sé sa leabhar sin gurbh eisean a mhol garraí Johnny Sheáin ar an Tulaigh i gConamara mar láthair do Theilifís na Gaeilge/TG4. Sa teach ósta ansin a bhíodh Andrews ag ól a phionta agus é i gConamara agus é cairdiúil le fear an tí, Gerard. Bhí Gaeilge ag Andrews.

Bhí cúigear clainne aige féin agus Annette agus tá aithne mhór ar an mbeirt mhac, an Teachta Dála Barry Andrews agus an fuirseoir David McSavage. Teachta Dála agus Feisire Eorpach ab ea a dheartháir Niall Andrews chomh maith ach  bhásaigh Niall, athair Chris Andrews, in 2006.

Fág freagra ar 'An t-iar-aire rialtais David Andrews ar shlí na fírinne'