Bhí athrú cultúir le tabhairt faoi deara sa gcaoi a riaradh triail Jeffrey Donaldson as ionsaithe gnéis ar bheirt bhan nuair a bhíodar ina bpáistí. Ba mhór idir é agus cás iomráiteach i mBéal Feirste ocht mbliana ó shin a mba sceith bhéil é as an gearánaí a bheith ina feic siamsaíochta ag sluaite nach raibh baint ar bith acu leis an triail. Tá cúrsaí feabhsaithe i ngeall ar an scannal sin ach níl siad foirfe ná gar dó go fóill.
Tá ciontú Jeffrey Donaldson go mór i mbéal an phobail sa Tuaisceart i gcónaí, ní nach ionadh. Chuir na coireanna péidifíleacha a tháinig chun solais déistin ar dhaoine. Beidh na ciallachais polaitiúla á gcíoradh go ceann i bhfad. Mairfidh an tuairimíocht freisin faoi céard a bhí ar eolas nó an raibh faisnéis ag aon duine cumhachtach nach ndearna tada.
Chuir íospartaigh Donaldson, gearánaithe A agus B, comaoin ar íospartaigh eile, údar uchtaigh acu gur féidir an ceart a fháil fiú in aghaidh ciontóirí an-chumhachtach. Níl sé éasca ag éinne a d’fhulaing ionsaí gnéis – mar pháiste nó mar dhuine fásta – aghaidh a thabhairt ar an gcúirt, ar a n-ionsaitheoir agus ar na ranganna aturnaetha ach maolaíonn na socruithe nua cuid den strus.
In 2018, san ‘triail rugbaí’ mar a tugadh air, frítheadh imreoirí rugbaí neamhchiontach as éigniú mná ag cóisir. Mhair an cás naoi seachtaine agus ó bhí aithne mhór ar dhuine de na cosantóirí bhíodh na sluaite in áiléar poiblí na cúirte gach lá mar a bheidís ag freastal ar amharclann. Ba náireach an íde é ar an ngearánaí agus na cosantóirí.
Bhain an aithis croitheadh as lucht riar na córa agus cuireadh an cúram ar an iar-Bhreitheamh John Gillen chun athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais sna cásanna gnéis i gcúirteanna Thuaisceart Éireann. An bhliain dár gcionn rinne sé 250 moladh, a bhfuil cuid mhór acu curtha i gcrích.
Dúirt sé in agallamh i ndiaidh na trialach ar an Iúr go dtógann sé an-mhisneach fós le theacht chun tosaigh agus a dhul chun cúirte. Mhol sé gearánaithe A agus B go hard agus dúirt gur bhuail siad buille ar son íobartaigh don am i láthair agus don am le theacht.
Bhí sé sásta go raibh athruithe móra ar an gcóras. Orthu sin bhí bac ar an bpobal ó gach éisteacht ar chionta gnéis tromchúiseacha, bac ar ainmniú íobartaigh fiú thar éis bás a fháil agus méadú ar an bpionós as an anaithnideacht a shárú, bac ar ainmniú cosantóírí/amhrastaigh roimh chúiseamh. Ar nasc físe ó sheomra eile a d’fhreagair na gearánaithe a gcroscheistiú agus bhí an ceamara i leataobh – ní raibh sé sáite ina mbéal le haghaidh pictiúir gar-amhairc
Mar sin féin, cluineadh cuid mhór de na seanlíomhaintí gan bhunús le linn cásanna Jeffrey Donaldson agus a chéile, Eleanor. ‘Miotais’ a thug an Breitheamh Gillen orthu. Leithéidí ‘ní féidir gur éigniú a bhí ann mar níor bhéic tú nó níor ghlaoigh tú amach’. Nó ‘cén fath nach ndeachaigh tú ag na póilíní láithreach?’ Nó ‘chaithfeadh sé gur cumadóireacht é mar níor dúradh tada ar feadh na mblianta’. Nó fiú ‘ní dhéanfadh fear óg dathúil ionsaí gnéis’ – claonleide samhnasach go mbeadh fáil aige ar bhean ar bith. Ba mhinic a tháinig miotais mar sin salach ar an gcóir roimhe seo. Anois, meabhraíonn breithiúna don ghiúiré ag tús agus deireadh trialach gur minic a bhíonn íospartaigh ina dtost agus gur minic a thógann sé tamall fada orthu a bheith in ann déileáil le tráma chun a dhul i muinín an dlí.
Léirigh an charthanacht Nexus a thugann tacaíocht d’íospartaigh imní agus míshástacht faoi chuid den cheistiú a rinneadh ar na mná. Ba chás leo na miotais agus beag is fiú a bheith déanta den mhéid a d’fhulaing na híospartaigh. Tá súil le roinnt leasuithe eile go luath.
Ní mór a rá go bhfuil cosaint tuillte ag gach cosantóir, bailíocht agus sábháilteacht an chiontaithe ag brath air. Is mór an faoiseamh iad na hathruithe atá curtha i bhfeidhm. Bheadh tábhacht leo in aon áit ach is bunriachtanas iad sa Tuaisceart mar a bhfuil foréigean in aghaidh na mban agus chailíní ina chancar rábach.
Fág freagra ar 'Feabhas ar thrialacha do choireanna gnéis ach tuilleadh de dhíth'