Níl sé ‘deimhneach’ go fóill nach dtógfar aon scoil lán-Ghaeilge as seo go ceann cúig bliana – an Roinn Oideachais

Beidh tuairimí tuismitheoirí a bhfuil gasúr acu nach bhfuil in aois scoile go fóill le feiceáil i dtorthaí nua ó shuirbhé conspóideach atá á úsáid chun an t-éileamh ar an ngaeloideachas a mheas

Níl sé ‘deimhneach’ go fóill nach dtógfar aon scoil lán-Ghaeilge as seo go ceann cúig bliana – an Roinn Oideachais

D’fhéadfadh an Roinn Oideachais a n-intinn a athrú faoi scoileanna nua lán-Ghaeilge a thógáil as seo go ceann cúig bliana.

Tuairiscíodh níos túisce an mhí seo go raibh aighneas sa rialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael mar gheall go ndúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton nach raibh aon phlean ann bunscoil ná meánscoil lán-Ghaeilge nua a bhunú go dtí 2032.

Ach dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc an tseachtain seo nach féidir a rá cé acu an dtógfar nó nach dtógfar bunscoil ná meánscoil lán-Ghaeilge as seo go ceann cúig bliana ach gurb é an chaoi nach raibh aon phlean ann “faoi láthair” ceann a thógáil.

“Is iad na riachtanais déimeagrafacha a shainíonn an gá, nó a mhalairt, le bunú scoileanna nua. Siúd is nach bhfuil aon phlean ann scoil lán-Ghaeilge, ná go deimhin scoil lán-Bhéarla, a bhunú faoi láthair (cé is moite de scoileanna speisialta), déanann an Roinn Oideachais agus Óige athbhreithniú leanúnach ar an stádas seo.

“Ní féidir a bheith deimhnitheach de ag an staid seo, mar sin, faoin ngá, nó a mhalairt, atá le scoileanna nua as seo go ceann cúig bliana – níl ann ach nach bhfuil aon phlean ann ceann a thógáil faoi láthair,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt an t-urlabhraí go bhfuil an Roinn tiomanta “go huile is go hiomlán” do thacaíocht a thabhairt don soláthar oideachais lán-Ghaeilge agus go bhfuil leathbhilliún euro caite acu ar “fhoirgnimh nua scoile” agus ar “nuachóiriú” a dhéanamh ar áiseanna atá cheana féin i scoileanna lán-Ghaeilge “ar fud na tíre”.

Luaigh urlabhraí na Roinne chomh maith torthaí an tsuirbhé a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais níos luaithe i mbliana, suirbhé inar cuireadh sraith ceisteanna ar thuismitheoirí daltaí scoile faoina mianta i leith oideachas a gclainne.

“Cabhróidh an suirbhé bunscoileanna a rinne an Roinn Oideachais agus Óige leis an éileamh atá ar oideachas lán-Ghaeilge a aithint ag leibhéal na scoile aonair agus cabhróidh sé le pleanáil chun cinn amach anseo.

“Léiríonn na staitisticí ón suirbhé bunscoileanna gur mhaith le tuairim is 13% de thuismitheoirí na ngasúr atá i scoileanna lán-Bhéarla go mbeadh a ngasúir ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge,” a dúradh sa ráiteas a tugadh do Tuairisc.

Dúirt urlabhraí na Roinne go bhfuil tuilleadh torthaí ón Suirbhé Náisiúnta Bunscoile le foilsiú roimh dheireadh na míosa seo.

Tá tuairisc shainiúil dá scoil féin faighte anois ag gach bunscoil sa stát agus dúradh go bhfoilseofaí na torthaí sin go luath.

Cé go raibh an-mhíshástacht i measc lucht an Ghaeloideachais agus eagraíochtaí teanga faoi chur chuige na Roinne i leith an tsuirbhé, meastar go dtabharfaidh an t-eolas nua léargas níos fearr ar an éileamh atá ar an oideachas lán-Ghaeilge i gceantair éagsúla. Beidh tuairimí tuismitheoirí a bhfuil gasúr acu nach bhfuil in aois scoile go fóill le feiceáil sna torthaí nua chomh maith.

De réir mórshuirbhé náisúnta a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge an mhí seo caite, 44% de dhaoine ó dheas a bheadh sásta a gcuid páistí a chur go dtí gaelscoil ach a leithéid a bheith ar fáil ina gceantar agus 40% a chuirfeadh a bpáistí go dtí iar-bhunscoil  lán-Ghaeilge.

Méadú mór a bhí i gceist ansin ar 2013 nuair a dúirt 23% go gcuirfidís a bpáistí go dtí bunscoil lán-Ghaeilge agus nuair a dúirt 12% go gcuirfidís a bpáistí go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

84% ó dheas agus 67% ó thuaidh a dúirt gur cheart scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil sna háiteanna a bhfuil éileamh orthu.

Ag tús mhí na Bealtaine, dúirt an tAire Oideachais i bhfreagra ar cheist Dála go raibh a roinn sásta go bhfuil dóthain scoileanna ann chun freastal ar an éileamh agus gurb é a rogha ná síneadh a chur le scoileanna atá ann cheana féin chun freastal ar éileamh breise seachas scoil nua a thógáil.

Dúirt sí go raibh plean ann roinnt blianta ó shin Gaelscoil nua amháin a thógáil ach gur cinneadh ó shin nach raibh gá léi.

Fág freagra ar 'Níl sé ‘deimhneach’ go fóill nach dtógfar aon scoil lán-Ghaeilge as seo go ceann cúig bliana – an Roinn Oideachais'