D'éirigh le Maigh Eo, Ciarraí, Lú agus Áth Cliath teacht slán ó na cluichí móra peile ag an deireadh seachtaine agus na babhtaí leathcheannais anois rompu. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh sa gcéad chluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn le cabhair Jordan Flynn agus Kobe McDonald
Súil ghéar á caitheamh ar an gcluiche
D’aimsigh Ryan O’Donoghue 0-8 sa gcluiche
Rinne O’Donoghue, Kobe McDonald (thuas) agus Darragh Beirne scrios sa líne lántosaithe
Deis ar chúl caillte ag Diarmuid Duffy agus an liathróid coinnithe amach ag cosantóirí Chorcaí
Cúl báire Chorcaí Patrick Doyle ag éalú ó Sam Callinan
Kobe McDonald ag iarraidh an liathróid a ghoid ó Sheán Meehan Chorcaí
Beidh lá eile ag Maigh Eo agus a lucht tacaíochta i bPáirc an Chrócaigh
Bhí Dylan Geaney ina ghaiscíoch do Chiarraí níos déanaí Dé Sathairn agus 0-8 aimsithe ag fear an Daingin ina mbua ar Thír Eoghain
Paul Murphy (Ciarraí) ag iarraidh stop a chur le hiarracht ó Ronan Cassidy (Tír Eoghain)
Gavin White (Ciarraí) agus Conn Kilpatrick (Tír Eoghain)
Roghnóir Chiarraí, Kieran Donaghy, i mbun na mbuidéal
Keith Evans (Ciarraí) imithe in airde chun an liathróid a fháil
Paudie Clifford (Ciarraí) ag stiúradh na himeartha
Joe O’Connor (Ciarraí) agus Ronan Cassidy (Tír Eoghain)
Tugadh Seán O’Shea (ar chlé) isteach in áit Paul Geaney sa dara leath
Ní raibh O’Shea in ann deis ar chúl a chruthú do Dylan Geaney gar don deireadh
D’éirigh le Armin Heinrich an liathróid a chur san eangach sna soicindí deireanacha chun an bua a chinntiú do Chiarraí
Beidh lucht tacaíochta chontae Lú ag déanamh ar Pháirc an Chrócaigh do chluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 1957 tar éis don fhoireann Muineachán a shárú ar an Domhnach
Bhí coimhlint den scoth idir na foirne agus teacht aniar déanta ag Lú, a bhí imreoir gann d’fhormhór an chluiche nuair a cuireadh Sam O’Callaghan den pháirc
Ciarán Byrne (Lú) ag tuirlingt ó na flaithis
Muintir Lú ag ceiliúradh
Bhí cuma na maitheasa ar Mhuineachán nuair a scóráil Stephen O’Hanlon cúl sa dara leath
Fir Lú a thug an lá leo agus Maigh Eo rompu anois i gcluiche leathcheannais
Ní raibh Liam Silke ná a chomrádaithe in ann greim a choinneáil ar Con O’Callaghan sa gcluiche ceathrú ceannais deireanach agus an bua ag Áth Cliath ar Ghaillimh
Seán MacMahon (Áth Cliath) agus Shane Walsh (Gaillimh)
Céin D’Arcy (ar dheis) ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh
Tháinig cor cinniúnach sa 60ú nóiméad nuair a shlánaigh Con O’Callaghan cic éirice in ainneoin iarrachtaí Connor Gleeson é a choinneáil amach
Cheap Gaillimh agus John Maher go raibh cic éirice tuillte agus beirt Átha Cliath, Ciarán Kilkenny agus Theo Clancy, sa mhullach air ach níor bronnadh é
Sábháil déanta ag cúl báire Átha Cliath Evan Comerford ar iarracht ó Damien Comer na Gaillimhe agus fir na príomhchathrach anois ag fáil réidh le haghaidh a thabhairt ar Chiarraí
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth an aicsin ó bhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh'