AN POD SPÓRT: Baol Átha Cliath, cosán Chiarraí, fíorthástáil don Iarmhí, an bhaois a bhaineann le bheith ag tabhairt amach…

Ocht gcinn de chluichí atá romhainn i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo. Féachann criú ‘An Pod Spórt’ chun cinn ar na coimhlintí go léir

AN POD SPÓRT: Baol Átha Cliath, cosán Chiarraí, fíorthástáil don Iarmhí, an bhaois a bhaineann le bheith ag tabhairt amach…

Tá ocht gcinn de chluichí móra peile ar siúl an deireadh seachtaine seo i mbabhtaí 2A agus 2B chraobh na hÉireann. Anois nó riamh é d’fhoirne 2B, contae na Mí, Ciarraí agus Áth Cliath ina measc.

I mbabhta 2A tá Ard Mhacha agus Gaillimh ag sodar leo agus tá dúshlán mór roimh Chorcaigh agus iad as baile in aghaidh Dhún na nGall agus roimh Mhaigh Eo a bheidh á fhéachaint le Tír Eoghain ar an Ómaigh.

Pléann Darren, Pádraic agus Dara na cluichí móra go léir chomh maith le neart eile. I measc na n-ábhar cainte eile tá an bhaois a bhaineann le bheith ag gearán faoi réiteoirí.

Fág freagra ar 'AN POD SPÓRT: Baol Átha Cliath, cosán Chiarraí, fíorthástáil don Iarmhí, an bhaois a bhaineann le bheith ag tabhairt amach…'