Na freagraí cearta ag Luimneach nuair ba mhó a bhí gá leo

D’fhéadfadh go gasfaidh Corcaigh agus Luimneach ar a chéile arís ach beidh rud éigin le rá ag na foirne eile atá fós sa chomórtas faoi sin, go háirithe Gaillimh

Na freagraí cearta ag Luimneach nuair ba mhó a bhí gá leo

Bronnadh dhá cheann de na trófaithe is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo caite. I mBaile Átha Cliath oíche Dé Sathairn, tháinig deireadh le Craobh Iomána Laighean agus ba iad Gaillimh an fhoireann ab fhearr. Bhí a mbua tuillte go hiomlán acu.

Is é an dúshlán anois ná an caighdeán céanna imeartha a bhaint amach in aghaidh freasúra níos láidre sa chluiche leathcheannais.

Beidh seans eile ag Baile Átha Cliath, gan dabht, a chailliúint a chúiteamh nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an gClár sa chluiche ceathrú ceannais i gceann seachtaine.

Tá aithne mhaith ag na foirne seo ar a chéile, ar ndóigh, tar éis dóibh casadh ar a chéile faoi dhó sa tsraith, agus An Clár tar éis an cluiche ceannais sin i Roinn 2 a bhuachan.

Beidh ar Bhaile Átha Cliath feabhasú go mór ó Dé Sathairn seo caite, díreach mar a bheidh ar an gClár feabhasú óna thaispeántas lag in aghaidh Chorcaí i bPáirc Uí Chaoimh.

Bhí cluiche tábhachtach eile i bPáirc an Chrócaigh roimh chraobhchluiche Laighean agus b’in craobh Joe McDonagh.

Ag deireadh na dála tá an beart déanta ag contae Laoise agus an corn buaite acu. Chaill siad cluichí ceannais in 2024 agus 2025, in aghaidh Uíbh Fhailí agus Chill Dara, agus lig siad an deis uathu an dá uair sin trí líon mór seansanna a chur amú.

An babhta seo, áfach, ba iad Ceatharlach a d’fhág Páirc an Chrócaigh agus iad lán d’aiféala. Bhuail foireann Pat Bennett 22 buille ar fóraoil agus chuir siad ceithre dheis mhaith ar chúl amú.

Ach Laois a bhailigh an corn agus an deis acu imirt i gcraobh Laighean in 2027. Fágann sin gurb é an chéad dúshlán eile atá rompu a chruthú gur féidir leo neadú ag leibhéal na craoibhe sinsearaí, seachas a bheith i measc na gcontaetha a bhíonn sáite sa timthriall céanna arduithe agus íslithe.

Bhí craobh iománaíochta na Mumhan Dé Domhnaigh, déarfainn, chomh maith agus a gealladh roimh ré. Teach lán, atmaisféar den scoth roimh an gcluiche agus cluiche dian, corraitheach a chuaigh beagnach chomh fada leis an bpreab dheireanach den sliotar.

De bharr na báistí cluiche deacair a bhí anseo do na himreoirí agus mhéadaigh an teannas de réir mar a chuaigh sé ar aghaidh. Chonacthas cúpla sábháil thábhachtach ó Nicky Quaid, agus bhí Cian Lynch, Gearóid Hegarty agus Peter Casey an-mhaith  arís is arís eile nuair a bhí an cluiche ag druidim chuig ceann scríbe.

Ar feadh cuid mhór den tráthnóna, áfach, ba chosúil go raibh Corcaigh chun an t-éacht céanna a dhéanamh agus a rinne siad anuraidh. Ina áit sin, sheas Luimneach an fód faoin mbrú, d’fhan siad sa gcluiche, agus bhí na freagraí cearta acu nuair ba mhó a bhí gá leo.

Léiriú eile a bhí ann gur minic a shocraítear cluichí craoibhe sna deich nóiméad deireanacha seachas sa chéad seasca nóiméad.

Mar sheó spóirt, bhí sé dian agus iomaíoch, ach caithfidh mé a rá go raibh díomá orm faoi thaispeántas an réiteora James Owens. Cheap mé gur bhronn sé an iomarca saorphocanna ar an dá thaobh agus nach raibh a dóthain rithime nó ‘rith’ in aon chor sa choimhlint.

Chuir Luimneach roinnt ar fóraoil ó shaorphocanna, rud nach bhfeictear rómhinic. Chomh maith leis sin, ba chúis iontais é taispeántas Aaron Gillane, nó níos cruinne, an easpa tionchair a bhí aige ar an gcluiche.

Anois, mar a tharla anuraidh, tá neart cainte ann go bhféadfadh an dá fhoireann seo bualadh lena chéile arís i gCraobh na hÉireann. Táim cinnte go mbeidh rud éigin le rá ag na foirne eile atá fós sa chomórtas faoi sin, go háirithe Gaillimh tar éis a dtaispeántais an deireadh seachtaine seo caite.

Mar sin féin, bheadh mise ag súil go mór leis an tríú cruinniú craoibhe eatarthu i mbliana.

Ach tá sé chontae fós ina seasamh, cúig chluiche fágtha le himirt, agus cluiche ceannais na hÉireann ar an 19 Iúil. Ní bheidh sé i bhfad eile anois.

Mar fhocal scoir, bhí brón orm nuair a chuala an nuacht go raibh laoch eile ar lár agus an Corcaíoch Denis Coughlan imithe ar shlí na fírinne. Bhí sé ina fhear uasal agus ina laoch sa pheil agus san iomáint. Solas síoraí dó.

Fág freagra ar 'Na freagraí cearta ag Luimneach nuair ba mhó a bhí gá leo'