‘Bhí muid in ann talamh a cheannach le cúrsaí gailf a chur chun cinn’ – ról tithíochta molta d’Údarás na Gaeltachta ag iarchathaoirleach

Dúirt Seán Ó Neachtain nár cheart go mbeadh ‘aon deacracht’ ag Údarás na Gaeltachta dul ag plé leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltachta

‘Bhí muid in ann talamh a cheannach le cúrsaí gailf a chur chun cinn’ – ról tithíochta molta d’Údarás na Gaeltachta ag iarchathaoirleach

Níor cheart go mbeadh “aon deacracht” ag Údarás na Gaeltachta “cúram ó thaobh tithíochta” a thógáil orthu féin, dar le hiarchathaoirleach ar Bhord an Údaráis, Seán Ó Neachtain.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt an t-iarfheisire Eorpach nach léir dó go bhfuil “aon dul chun cinn mór á dhéanamh” ó thaobh cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag ceannach talaimh le tithíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

“Ní fheicim go mbeadh aon deacracht ag Údarás na Gaeltachta cúram [a ghlacadh] ó thaobh pleanála agus ó thaobh tithíochta de. Mar tá géarchéim, cé go bhfuil muid ag déanamh go maith mar thír ar go leor bealaí, tá géarchéim ann ó thaobh tithíochta, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na hÉireann,” a dúirt Ó Neachtain.

Dúirt sé nach dtuigeann sé cén fáth nach bhfuil “ról” ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta agus i gcúrsaí pleanála nuair a bhíonn eagrais eile stáit, amhail An Taisce, ag “cur a ladar sa scéal pleanála” sa Ghaeltacht.

“Bhí mé ag breathnú an lá cheana, mar shampla, ar dhiúltú a cuireadh ar phleanáil in aice liom anseo [sa Spidéal], agus ceann de na heagrais a bhí ag cur a ladar sa scéal pleanála ná An Taisce, mar shampla.

“Anois cén fáth nach mbeadh ról ag an Údarás, mar chaomhnóirí teanga, cén fáth nach mbeadh ról acu ansin? Tá an tÚdarás freagrach ó thaobh a bheith ag cur chun cinn na teanga agus ní bheidh an teanga Ghaeilge láidir sa Ghaeltacht mura mbeidh daoine óga, agus muintir na Gaeltachta féin, in ann maireachtáil sa Ghaeltacht. Sin é an bhuncheist agus is ceart é sin a bheith treisithe, agus curtha chun cinn, agus curtha go láidir. Ní fheicim cén fáth nach mbeadh an tÚdarás in ann é sin a dhéanamh ach an cead a thabhairt dóibh,” a dúirt Ó Neachtain.

Bhí Seán Ó Neachtain ina chathaoirleach ar Bhord Údarás na Gaeltachta idir 1991-1996 agus a chaith beagnach 25 bliain ar fad ar an mbord. Toghadh ina Fheisire Eorpach d’Fhianna Fáil é in 2002 agus chuir sé téarma amháin isteach i bParlaimint na hEorpa, go dtí an bhliain 2009.

Dúirt Ó Neachtain gur cheannaigh Údarás na Gaeltachta talamh cheana do chúrsaí nár bhain le cúrsaí tionsclaíochta amháin san am a caitheadh agus gur léir dó go bhféadfaí talamh a cheannach anois le haghaidh cúrsaí tithíochta.

“Bhí muid in ann talamh a cheannacht le haghaidh cúrsaí eile seachas cúrsaí díreach tionsclaíocha, bhí muid in ann talamh a cheannacht le cúrsaí gailf a chur chun cinn agus rinne sé go maith.

“Cén fáth nach mbeifí in ann é sin a dhéanamh ó thaobh na géarchéime atá ann i láthair na huaire, sin géarchéim thithíochta sna ceantair Ghaeltachta,” a dúirt sé.

Tá grúpaí feachtais ag éileamh le roinnt blianta anuas go ndéanfadh an rialtas gníomh chun tabhairt faoin ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht agus é ráite go bhfuil an easpa tithíochta ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol.

Deir an tÚdarás go bhfuil an eagraíocht ag obair le húdaráis áitiúla agus geallsealbhóirí eile le cur leis an soláthar tithíochta sa nGaeltacht do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu.

Fág freagra ar '‘Bhí muid in ann talamh a cheannach le cúrsaí gailf a chur chun cinn’ – ról tithíochta molta d’Údarás na Gaeltachta ag iarchathaoirleach'