Leithscéal ón uachtarán sa gCóiré Theas
Tá sé ina raic thall sa gCóiré Theas i ndiaidh theip na foirne teacht slán ó Ghrúpa A ag Corn an Domhain. Chuir an fhoireann tús maith leis an gcomórtas agus an tSeicia sáraithe 2-1 acu sa gcéad chluiche ach chailleadar 1-0 in aghaidh Mheicsiceo agus arís i gcoinne na hAfraice Theas ó shin agus a rás rite dá bharr.
Tá bainisteoir na Cóiré Theas, Hong Myung-bo, anois tar éis éirí as a phost ach is beag rogha a bhí aige i ndáiríre tar éis d’uachtarán na tíre, Lee Jae Myung, taispeántais na foirne agus oifigigh sacair na Cóiré Theas a cháineadh go láidir.
“Nuair a dhéantar dílseacht agus faicseanachas níos tábhachtaí ná ábaltacht agus nuair a cheaptar daoine neamhábalta i bpostanna ceannaireachta, níl ach an t-aon toradh amháin a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis,” a dúirt Lee i dteachtaireacht ar X. Ghabh sé leithscéal leis an bpobal agus dúirt go raibh sé “do-ghlactha” go mbeadh an Chóiré Theas díbeartha chomh luath seo sa gcomórtas.
Seans go bhfuil an FAI sásta nach mbíonn an t-uachtarán s’againne chomh sásta céanna tuairim a thabhairt faoi theip na foirne. Ní hé an oiread sin údar clamhsáin a bheadh ag Catherine Connolly agus na buanna móra sin i gcoinne na Portaingéile agus na hUngáire tagtha cúpla lá tar éis di a bheith insealbhaithe ina huachtarán ach tá’s againn gur fear mór sacair a bhí ina réamhtheachtaí ach d’fhan Micheál D Ó hUigínn ina thost nuair a bhí sé ina phraiseach ar an bpáirc agus lasmuigh di agus ní dhearna sé aon tagairt riamh do ‘do dhaoine neamhábalta’ i gcúrsaí sacair.
Clann Lopes ag dul anonn agus anall ag tacú le Pico
Ní muid amháin nach raibh ag súil leis an ngaisce atá déanta ag foireann Rinn Verde babhtaí díbeartha Chorn an Domhain a bhaint amach ach is léir nach raibh muintir na n-imreoirí ag súil leis ach an oiread agus obair mhór ar bun lena chinntiú go mbeidh siad in ann a bheith i láthair don chluiche mór i gcoinne na hAirgintíne Dé Sathairn seo chugainn.
Ar ndóigh, is ag leanúint mhuintir Lopes atá muide agus, ar an dea-uair, tá an chuma ar an scéal go mbeidh cuid mhaith de chlann Roberto ‘Pico’ Lopes i láthair in Miami chun é a fheiceáil ag imirt i gcoinne Lionel Messi. Tá bean Lopes, Leah, agus leanbh s’acu, Diego, ag taisteal ar fud dheisceart Mheiriceá i veain champála le mí anuas le cuid de chlann Leah agus é deimhnithe aici go mbeidh siad i Miami.
Bhí ceist ann faoi mháthair Pico, Judy, áfach. Dúirt Judy go raibh uirthi dul abhaile agus cead a fháil cúpla lá saoire breise a thógáil. Tá sé deimhnithe aici ó shin go bhfuil sí chun a bealach a dhéanamh ar ais go Meiriceá agus ticéid don eitleán curtha ar fáil ag Aer Lingus. Scéal eile é ticéid don chluiche féin a fháil, a dúirt sí, ach tá teagmhálaí maith aici ar a laghad.
Rogha chluichí Tuairisc
An Cósta Eabhair v An Iorua – Dé Máirt, 18:00
Bhí go leor againn ag súil le coimhlint idir Erling Haaland agus Kylian Mbappé a fheiceáil Déardaoin seo caite nuair a thug an Iorua agus an Fhrainc aghaidh ar a chéile ach léirigh bainisteoir na hIorua Ståle Solbakken go bhfuil rian den seargánach ann nuair a chinn sé scíth a thabhairt do dheichniúr d’imreoirí na hIorua don chluiche, Haaland ina measc.
Bhí ciall áirithe leis an gcinneadh agus na cluichí ag teacht go tiubh te tapa ach seachas cath na Lochlannach a bheith againn idir an Iorua agus an tSualainn inniu, mar a bheadh dá mbeadh an cluiche sin in aghaidh na Fraince buaite ag foireann Solbakken, tá sé ag réiteach do chluiche níos deacra in aghaidh an Chósta Eabhair agus cuid den fhuinneamh a bhí faighte ón gcéad dá chluiche caillte. Chuirfeadh cúpla cúl ó Haaland fir na hIorua ar a gcompord arís agus iad ag iarraidh cluiche díbeartha a bhuachan ag Corn an Domhain den chéad uair riamh ach ní haon ribín réidh í foireann an Chósta Eabhair, mar atá léirithe go dtí seo.
Meicsiceo v Eacuadór – Dé Céadaoin, 02:00
Bhí 19 cluiche as a chéile imeartha ag Eacuadór gan aon cheann acu a chailliúint go dtí go bhfuair an Cósta Eabhair an ceann is fearr orthu sa gcéad bhabhta. Níor fheabhsaigh cúrsaí mórán agus comhscór idir iad agus Cúrasó ach d’fhág an teacht aniar i gcoinne na Gearmáine gur bhain Eacuadór áit amach i mBabhta an 32 agus deis acu tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.
Tá cosaint láidir ag Eacuadór agus leithéidí Willian Pacho (Paris St-Germain), Piero Hincapié (Arsenal) agus Pervis Estupiñán (AC Milan) i measc na gcúlaithe agus Moisés Caicedo (Chelsea) ina cheannaire i lár na páirce.
Tá gach cluiche go dtí seo buaite ag Meicsiceo agus buntáiste an bhaile acu, ach tá Eacuadór céim níos airde ná aon dream atá imeartha acu go fóill.
An Phortaingéil v An Chróit – Dé hAoine 00:00
Ní raibh cosantóir na Cróite Luka Vušković ar an saol nuair a d’imir Cristiano Ronaldo agus Luka Modrić i gCorn an Domhain den chéad uair breis is 20 bliain ó shin ach fágfar slán le duine acu go moch maidin Dé hAoine agus an Phortaingéil agus an Chróit ag tabhairt aghaidh ar a chéile.
Agus an dá scór slánaithe ag an mbeirt, ní haon iontas é go raibh cuma shean orthu go dtí seo sa gcomórtas ach tá féachaint faighte againn ar a gcumas mar sin féin. Scóráil Ronaldo dhá chúl deas in aghaidh na hÚisbéiceastáine agus chruthaigh Modrić cúl sa mbua 2-1 a bhí ag an Chróit ar Ghána.
É sin ráite, breathnaíonn sé gur ualach atá in aois agus ego Ronaldo a bhíonn deacair ag na Portaingéalaigh a iompar. Tá scuad na Portaingéile i bhfad níos fearr ná ceann na Cróite agus ba cheart go mbeadh siad in ann an chéad bhabhta eile a bhaint amach, ach seans go ndéanfaí an jab níos éasca dá bhfágfaí slán le beirt laochra anocht.
Na cluichí atá romhainn
Dé Máirt, 30 Meitheamh
An Cósta Eabhair v An Iorua, 18:00
An Fhrainc v An tSualainn – 22:00
Dé Céadaoin, 1 Iúil
Meicsiceo v Eacuadór – 02:00
Sasana v PD an Chongó – 17:00
An Bheilg v An tSeineagáil – 21:00
Déardaoin, 2 Iúil
Stáit Aontaithe Mheiriceá v An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin – 01:00
An Spáinn v An Ostair – 20:00
Dé hAoine, 3 Iúil
An Phortaingéil v An Chróit – 00:00
An Eilvéis v An Ailgéir – 04:00
Fág freagra ar 'DIALANN CHORN AN DOMHAIN: Leithscéal ón uachtarán sa gCóiré Theas, clann Lopes ag dul anonn agus anall agus ualach an ego'