An laoch sacair a chloígh na Sasanaigh ag Corn an Domhain ach nach raibh in ann éalú ó Papa Doc

Bhí Joe Gaetjens mar chuid d’fhoireann Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhain amach ceann de na buanna gan choinne is mó riamh ag Corn an Domhain ach bhí droch-chríoch air nuair a d’fhill sé ar a fhód dúchais Háítí

An laoch sacair a chloígh na Sasanaigh ag Corn an Domhain ach nach raibh in ann éalú ó Papa Doc

Cothrom an lae amárach sé bliana déag agus trí scór ó shin tharla iontas na n-íontas. Bhí siad ann a dúirt nár facthas a leithéid ó chuir Daithí fathach mór na bhFilistíneach den saol agus gan aige ach cloch bheag agus ruainne de shriogán.

Ba as féin féin a rinne sé sin. Ach b’éacht foirne a bhí i gceist ar an 29 Meitheamh 1950 i gcluiche sacair idir Sasana agus na Stáit Aontaithe i gCorn an Domhain sa mBrasaíl.

Bhí na caillteoirí chomh cinnte le Goliath gur acu a bheadh an bua. Chomh siúráilte sin go mba ar an taobhlíne a d’fhágadar an t-imreoir ab fhearr a bhí acu. Níorbh fhiú a dhul sa seans go mbainfeadh aon ghortú dó agus dúshláin níos láidre ar na bacáin.

Is deacair iad a lochtú – ón mbáireoir amach, bhí peileadóirí ina gcuid línte cosanta agus scórála a bhí chomh maith nó níos fearr ná bhí le fáil i dtír ar ar bith ar fud na cruinne. Ba sa roinn sraithe ab airde i Sasana a bhíodar ag imirt, an ceann ab fhearr ar domhan ag an am.

Oiread agus aon pheileadóir lánaimseartha amháin ní raibh ag a gcéilí comhraic. Ba ag tiomáint eileatraim nó cóiste na marbh a tharraing a gcúl báire pá seachtaine. Cléireach poist agus péintéara a bhí sna lánchúlaithe. Ba dhoirseoir, múinteoir scoile agus meaisíneoir na leathchúlaithe.

Sna tosaithe bhí oibrí monarchan, fear poist, múinteoir eile, beirt mhuilleoirí agus mac léinn a shaothraigh cúpla dollar ag níochán soithí i mbialann nuair a thagadh an deis ina bhealach.

Joe Gaetjens ab ainm dó siúd agus ba eisean a scóráil an cúl ba chúis le ceann de na hiontais ba mhó a facthas sa spórt ariamh.

Ba ar oileáin Háítí a rugadh Gaetjens, ach i 1950 bhí riail ag FIFA a cheadaigh d’aon duine a raibh fúthu saoránacht a bhaint amach sna Státaí imirt d’fhoireann na tíre sin. B’in an rud a d’fhág Joe ar an bpáirc mar aon le beirt eile – Joe Maca a rugadh sa mBeilg agus captaen an lae sin, Ed McIlvinney a saolaíodh i Greenock na hAlban.

Ba as St. Louis cúigear eile d’fhoireann Mheiriceá agus bhí aithne acu ar a chéile ó bhíodar ina ngasúir. Ba as ceantar a raibh ‘The Hill’ mar ainm air an cúl báire Frank Borghi, an t-imreoir lár páirce Charlie Colombo (doirseoir) mar aon leis na tosaithe Gino Pariani (muilleoir) agus Frank Wallace (fear poist).

Mar a thugann an chuid is mór dá gcuid sloinnte siúd le fios, b’imircigh ón Iodáil a bhí curtha fúthu sa gcathair a mbunáite. ‘The Hill’ an t-ainm a bhí ar an gceantar Iodálach agus dá bharr sin ba mhó tóir a bhí ar an sacar ansiúd ná a bheadh in áiteacha eile sna Státaí.

Sáite idir teorainn dheisceart ‘An Chnoic’ agus abhainn an Mississippi atá an ceantar i St. Louis inar chuir na hÉireannaigh fúthu. Carondolet atá air agus ba as siúd an cosantóir Harry Keough (cléireach poist).

Agus gan teacht acu ar na Cluichí Gaelacha, de réir nádúir ba é an sacar freisin ba mhó a chleacht formhór imircigh na tíre seo ansiúd. Ba mhaith a rinne siad freisin. Trí bliana sular reachtáladh Corn an Domhain 1950, d’éirigh le foireann as Carondolet (a raibh Keough mar bhall di) cluiche ceannais Chorn Náisiúnta na nAmaitéarach a bhaint amach.

Ba do Stanley Matthews a shocraigh Sasana scíth a thabhairt. Fiú dá uireasa bhí foireann chomh láidir sin acu go maireann formhór na n-imreoirí i gcuimhne lucht sacair ar fud an domhain go dtí an lá atá inniu ann.

Bert Williams, Alf Ramsey, John Aston, Laurie Hughes, Billy Wright, Jimmy Dickenson, Tom Finney, Wilf Mannion; Stan Mortimer, Roy Bentley, Jimmy Mullen.

Ní raibh fir ionaid i gceist i sacar na linne.

Cé go raibh seansanna go leor acu, bhí sé ag teacht rite leis na Sasanaigh cúl a scóráil sa gcéad leath. Ansin ag tarraingt ar leath ama, ainneoin é a bheith 30 slat ón gcúl thug an Meiriceánach Walter Bahr iarraidh faoi chúl. Bhí léargas maith ag cúl báire Shasana, Bert Williams, ar an liathróid agus í faoi bhealach agus sheas sé in áit gur bheag stró a bheadh air breith uirthi…ansin a rinne Joe Gaetjens aithris ar an bhfaoileáin agus é ag tumadh ar thóir stuifín. D’athraigh treo na liathróide lena chloigeann agus ba san eangach a chónaigh sí.

Sasana 0 Stáit Aontaithe Mheiriceá 1.

Bheadh comhaireamh ar a ndearna Sasana d’iarrachtaí sa dara leath ach chinn orthu scóráil. Nuair a séideadh an fheadóg den uair dheireanach bhí ceann de na cluichí is iomráití a imríodh ariamh i gCorn an Domhain cláraithe i leathanaigh staire an chomórtais.

Is mór idir bealaí cumarsáide an lae inniu agus iad siúd a bhí ar fáil i 1950. An uair údaí ba é an an teileagram an bealach ba scafánta le scéala a chur ó thaobh amháin den domhan go dtí an taobh eile.

Nuair a léigh eagarthóirí spóirt mhórchuid na nuachtán i Fleet Street iad siúd a seoladh chucusan ón mBrasaíl mheasadar go mba bhotún cló a bhí san England 0 USA 1. Go ceann uaireanta an chloig bhí cuid mhaith de na meáin chumarsáide ag tuairisciú nó ag craoladh go mba England 10 USA 1 an scór.

Ag an am ba mhac léinn cuntasaíochta in Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac ab e ’Laoch an Lae’ Joe Gaetjens. Tráthnóntaí agus a chuid léachtaí críochnaithe ba ghnách leis tamallacha a chaitheamh ag níochán sceanra agus gréithe i mbialann a raibh a úinéir sáite i gcúrsaí sacair.

Chuaigh Joe ag imirt lena fhoireann siúd agus ba ghearr gur bhain a chumas scórála áit amach dó ar fhoireann na Státaí.

Ar fhilleadh ansiúd dó as an mBrasaíl agus an t-éacht déanta aige, ba bheag leas a d’fhéad sé a bhaint as a chumas sa spórt a thuill cáil dó. Bhí an fómhar ar leic na tairsí agus ina theannta an leathdhosaen spórt a bhfuil níos mó suime iontu i Meiriceá ná atá sa sacar. Níorbh fada go mba “Joe Who?” a bhí le cloisteáil nuair a luaití a ainm,

Dá bharr sin níor bhac Gaetjens ariamh lena dhul sa tóir ar shaoránacht na Státaí a bhí ag dul dó, ach chuaigh sé chun na Fraince, áit ar chaith sé tamaillín ag imirt do Racing Club de Paris.

Ansiúd, ach oiread leis an tréimhse a raibh sé i mbun staidéir agus níocháin i Nua-Eabhrac, bhí cumha i ndiaidh an bhaile air agus sa mbliain 1957 d’fhill sé ar Háítí.

Ní mba chun a leasa faraor a chuaigh sin dó, ach a dhearg-mhalairt.

Agus gan ann ach Joe a bheith ar ais ar thalamh a dhúchais i 1957, ghlac an deachtóir brúidiúil ‘Papa Doc’ Duvalier ceannas ar an oileán agus cé gur choinnigh Gaetjens glan ar chúrsaí polaitíochta bhí gaol i bhfad amach ag a mhuintir le fear a sheas i dtoghchán in aghaidh Duvalier.

Agus é seacht mbliana i gcumhacht d’fhógair an deachtóir gur aige féin a bheadh ceannas na tíre go bhfaigheadh sé bás. Thuig muintir Gaetjens ar an bpointe go mba é an bás a bheadh i ndán dóibh mura bhfágfadh siad an t-oileán, rud a rinneadar.

Bheartaigh Joe fanacht – é den tuairim go bhfágfadh a cháil sa spórt agus laghad a shuime sa bpolaitíocht nach mbacfaí leis.

Ach mo léan.

Ar an 8ú Iúil 1964 agus gan ann ach an doras amach a bheith tugtha ag a bhean agus ag a chlann orthu féin, tháinig beirt as an Tonton Macoute (an bhuíon póilíní rúnda a bhí ag Duvalier) gur chrochadar Joe Gaetjens chun bealaigh.

Tásc ná tuairisc níor frítheadh ó shin air. Meastar gur tugadh in áit éicint é lena chiapadh, lena chéasadh agus lena sciúisáil sular cuireadh piléir thrína chloigeann.

Fág freagra ar 'An laoch sacair a chloígh na Sasanaigh ag Corn an Domhain ach nach raibh in ann éalú ó Papa Doc'