An Ghaillimh tagtha abhaile ó Pháirc an Chrócaigh go dealbh go rómhinic

Seans go spreagfaidh eagla a mbris an Ghaillimh in aghaidh Átha Cliath. Beidh sé deacair a dhóthain ar an Lú buachtaint ar Mhuineachán inniu

An Ghaillimh tagtha abhaile ó Pháirc an Chrócaigh go dealbh go rómhinic

Is mó cúis atá ann le ceapadh go bhféadfadh an Lú babhta ceathrú ceannais na hÉireann a bhuachtaint inniu. Tá sos coicíse fachta acu óna mbua éachtach ar Ard Mhacha. Níl ag Muineachán. Tá buaite i mbliana acu ar Ard Mhacha. Níl ag Muineachán. Tá imeartha i bPáirc a’ Chrócaigh sa chraobh cheana féin i mbliana acu. Níl ag Muineachán. Tá cuid mhaith des na himreoirí a bheadh ag teastáil uathu ar fáil dóibh. Níl ag Muineachán. Tá formhór na gcluichí atá imeartha idir shraith agus chraobh (8 as 11) buaite i mbliana acu. Níl ag Muineachán (4 as 12).

Is dóigh liom, áfach, go mbeidh sé deacair a dhóthain ar an Lú buachtaint ar Mhuineachán inniu. Deirim seo toisc go bhfuil éagsúlacht imreoirí ag teacht chun cinn i ngach babhta craoibhe go nuige seo ag Muineachán agus gur fusa léamh ar thréithe chontae Lú.

Tóg an cluiche in aghaidh na hIarmhí a bhí ag Muineachán an lá deireanach mar shampla. D’aimsigh Micheál McCarville cúpla le ciumhais na bróige an lá deireanach, iontas eile ná raibh feicthe go dtí seo againn uaidh. An tseachtain roimis sin i gcoinne Ros Comáin, ba iad an bheirt sa líne leathchúil, Conor McCarthy agus Dessie Ward a bhí ag teacht leis na tabhartais chughainn, iad ag aimsiú trí chúilín araon.

Laethanta eile, tháinig imreoirí ar nós Bobby McCaul (i gcoinne Mhaigh Eo) , Jack McCarron (in aghaidh Dhoire) agus Stephen Mooney (i gcoinne Ros Comáin) le scóranna móra agus an t-am ar fad, tá a gcaptaen Micheál Bannigan ag teacht go tréan nuair is mó atá an gátar ann.

Tá sé léirithe ag Gabriel Bannigan, Andy McEntee agus a dtriúr roghnóirí go bhfuilid inniúil ar athruithe a dhéanamh ná cuimhneodh taobhlínte eile orthu. Cuireadh Stehpen O’Hanlon ag fiach ar Dharragh Heneghan i gcoinne Ros Comáin. Deineadh amhlaidh le Sam McCartan in aghaidh na hIarmhí an tseachtain seo caite agus nuair ba mhó a bhí tinte le múchadh, cuireadh Brandon Kelly agus Matthew Whittaker ó mhaith sa dara leath i gCluain Eois Dé Domhnaigh.

Ní i dtaobh le fear faire amháin atá Muineachán, áfach, mar is é Ryan O’Toole a chuireann siad ar chíoná na dtosaithe ón bhfreasúra. Bhí cathanna iontacha aige le John Heslin agus Ryan O’Donoghue go dtí seo. Bheinn ag súil go gcuirfidh siad fear an Bhotha i ndiaidh Sam Mulroy nó Ciarán Downey inniu. Má éiríonn le O’Toole sa chomhrac, beidh leathchois ag Muineachán sa bhabhta leathcheannais.

Tabhair fé ndeara ná fuil réalt eile an Bhotha, Rory Beggan luaite beag ná mór agam. Tá amhras faoi Beggan de bharr an ghortaithe a bhain dó Dé Domhnaigh seo caite agus más fíor gur sa cheathrú atá sé leonta, chuirfeadh san isteach go mór ar an méid a bheadh sé ábalta a dhéanamh inniu. Trí cinn de chúplaí nó sé phointe a fad a scóráil Beggan in aghaidh na hIarmhí agus thar aon imreoir eile inniu, bheadh a thaithí ar Pháirc a’ Chrócaigh luachmhar amach is amach. Beidh Gabriel Bannigan ag súil nach mbeidh gá dó a bheith ag glaoch ar Kian Mulligan chun seasamh sa bhearna bhaoil inniu.

Aisteach go leor, agus cé gur beirt chúl báire ana-dhifriúil iad, is dóigh liom gur sa chomórtas idir Niall McDonnell an Lú agus Beggan a bheidh an dealú idir bris agus bua inniu. Tá stíl a gciceanna amach ana-dhifriúil óna chéile ach níl aon tslí ceart nó neamhcheart chun cic amach a thógaint agus máistrí is ea iad beirt ins an phríomhchúram atá orthu – seilbh na caide a choimeád óna gcic amach féin.

Bhí McDonnell nótálta ar fad sa chluiche deireanach a d’imir sé i bPáirc a’ Chrócaigh i mbabhta 1 na craoibhe i gcoinne Átha Cliath i ndeireadh na Bealtaine ach léirigh Muineachán agus iad ag fiach ar chic amach Blaine Hughes i gcluiche ceannais Uladh coicís roimis sin go bhfuil ar a gcumas plúr na mbáideoirí a chnagadh is a chur dá mbuille. Deinim amach go bhfuil sé iontu é a dhéanamh arís inniu.

Ceann de phriacail mhóra na craoibhe an tráth seo den mbliain ná an praghas atá le híoc ar ghortuithe. Dála Rory Beggan agus Muineachán, beidh Áth Cliath ag súil go mbeidh Con O’Callaghan tagtha chuige féin in aon tseachtain amháin ó ghortú a taibhsíodh dúinn a bhí ag gabháil dó agus é ag fágaint Páirc a’ Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite.

Bhíodh tamall ann go bhféadfaí dul sa tseans ar ghortú agus a bheith ag súil le míorúilt éigin a thabharfadh slán ón ainnise tú. Tá an lá san imithe áfach agus níl aon ní níos measa ná a bheith ag cur chun páirce lá breá samhraidh i bPáirc a’ Chrócaigh agus fios go maith agat ná fuileann tú istigh leat féin. Níl aon éalú ón ngortú sa lá atá inniu ann agus is measa ná san é do lucht na taobhlíne a chaithfidh, b’fhéidir, ceann nó dhó des na hionadaithe a ídiú chun rudaí a chur ina gceart. Tá a phraghas féin le híoc ag an uile dhuine.

N’fheadar aoinne ach iad féin, cén mhaitheas a dhéanfaidh bua na seachtaine seo caite in aghaidh Dhún na nGall d’fhéinmhuinín agus do mhisneach Átha Cliath. Níl ach cúpla seachtain ó shin ó taibhsíodh dúinn gur soitheach mór fada is an bainne i bhfad síos ann a bhí sna tréithe sin a luaití riamh leo ach anois, is cosúil go bhfuil an soitheach céanna ag cur thar maoil.

Is geall le lá is oíche an dá chló atá curtha ag Áth Cliath orthu féin sa chraobh i mbliana agus is deacair domsa a shamhlú gurb iad an dream céanna imreoirí chuige iad. Tá ceisteanna i gcónaí agam fé Evan Comerford agus Eoin Kennedy ach seachas san, aon fhoireann ina bhfuil Ciarán Kilkenny, Niall Scully agus Colm Basquel ag bualadh na nótaí mar atá, tógfaidh sé rud ar leith chun dul dá ndroim in airde.

Tar éis seachtain throm ag caoineadh laoch ar lár, beidh fonn ar an uile imreoir i ngeansaí cróndearg na Gaillimhe onóir a thabhairt do Phaul Clancy agus oidhreacht uasal a threibhe. Ní bheathóidh na mothúcháin iad ná ní chuirfidh cuimhne Clancy an chaid thairis an trasnán d’imreoirí an lae inniu ach b’fhéidir ins na nóimeataí deireanacha sin, sara gcaithfear an chaid in airde an uair seo, go raghaidh cuid acu a chuaigh go minic cheana go tigh an rí níos doimhne isteach ina mboilg ar son na cúise.

Tá imreoirí ar nós Sheán Kelly Mhaigh Cuilinn, Liam Silke, Dylan McHugh, Paul Conroy, John Maher, Cein Darcy, Cillian McDaid, Rob Finnerty, Shane Walsh agus Damien Comer tar éis a bheith ag faoileáil timpeall Pháirc a’ Chrócaigh go minic agus iad tagtha abhaile go dealbh go rómhinic. Tá seans go spreagfaidh eagla a mbris iad chun malairt poirt a sheinnt agus malairt scripte a scríobh an babhta seo.

Fág freagra ar 'An Ghaillimh tagtha abhaile ó Pháirc an Chrócaigh go dealbh go rómhinic'