Buntáiste ó thaobh pleanála le tabhairt do chainteoirí Gaeilge a bhfuil cúig bliana caite acu ina gcónaí sa Ghaeltacht

Cuirfear faoi bhráid cruinniú rialtais inniu dréachtráiteas faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht

Buntáiste ó thaobh pleanála le tabhairt do chainteoirí Gaeilge a bhfuil cúig bliana caite acu ina gcónaí sa Ghaeltacht

Tá buntáiste do chainteoirí Gaeilge a bhfuil cúig bliana caite acu ina gcónaí sa Ghaeltacht agus scrúdú caighdeánaithe Gaeilge i measc na mbeartas a fhógróidh an rialtas ina ráiteas faoi chúrsaí pleanála sa tuath agus sa Ghaeltacht atá le foilsiú inniu.

Deir an Rialtas gurb é seo an chéad uair go mbeidh áit lárnach ag cosaint na Gaeilge i dtreoirlínte náisiúnta pleanála. Dúirt foinse rialtais le Tuairisc go mbeidh an chosaint sin soiléir, ní hamháin sa ráiteas faoin nGaeltacht ach sa ráiteas trí chéile.

Cuirfear faoi bhráid an Rialtais maidin inniu an dréachtráiteas faoi chúrsaí pleanála faoin tuath agus sa Ghaeltacht.

De réir an ráitis, bainfidh údaráis áitiúla leas feasta as scrúdú Gaeilge caighdeánaithe chun líofacht Ghaeilge daoine atá ag cur isteach ar chead pleanála sa Ghaeltacht a mheas.

Caighdeán líofachta B2 TEG (Teastas Eorpach Gaeilge) a bheidh ag teastáil, an caighdeán céanna a mbítear ag súil leis chun go bhféadfadh duine dul faoi oiliúint mar mhúinteoir bunscoile.

Déarfar sa ráiteas go léireofar solúbthacht áirithe i gcás iarratasóirí ar chead pleanála ar féidir leo fianaise a sholáthar gur éirigh leo i scrúdú dá leithéid.

Dúirt an fhoinse rialtais le Tuairisc go gcuirfear treoirlínte náisiúnta ar fáil do chomhairlí contae maidir le tithíocht a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta.

Faoi na treoirlínte seo tabharfar isteach coincheap nua na “soghluaisteachta” Gaeltachta do chainteoirí Gaeilge atá ina gcónaí i gceantar Gaeltachta amháin ach atá ag iarraidh bogadh go dtí ceantar Gaeltachta eile chun cónaí agus dul ag obair ann.

Maítear go dtabharfar buntáiste breise ó thaobh pleanála do na cainteoirí Gaeilge sin.

Tuigtear do Tuairisc go bhfógrófar chomh maith go dtabharfar buntáiste breise do chainteoirí Gaeilge a bhfuil cúig bliana caite acu ina gcónaí sa Ghaeltacht. Déanfar an tréimhse cúig bliana a ríomh ar shlí a chinnteoidh go mbeidh an buntáiste céanna ag daoine atá ag filleadh ar an mbaile i ndiaidh tréimhse a chaitheamh ina gcónaí thar lear.

Tá an rialtas ag súil go spreagfaidh na beartais nua tuismitheoirí sa Ghaeltacht an Ghaeilge a roghnú mar theanga an teaghlaigh toisc go dtabharfaidh sé buntáistí dá leanaí sa chóras pleanála.

Tá an rialtas ag súil chomh maith go laghdóidh na beartais Ghaeltachta líon na dtithe saoire a thógfar sa Ghaeltacht.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo mí na Bealtaine beidh an ráiteas faoi chúrsaí Gaeltachta mar chuid de ráiteas ginearálta atá le foilsiú faoi chúrsaí pleanála faoin tuath.

Faoi phlean tithíochta an rialtais a foilsíodh anuraidh, bhí Ráiteas Pleanála Náisiúnta faoi thithíocht tuaithe le foilsiú ag an Aire Tithíochta roimh dheireadh 2026 agus bhí ceann eile faoi chúrsaí sa nGaeltacht le foilsiú sa chéad leath de 2027.

Léiríodh díomá nuair a foilsíodh plean tithíochta nua an rialtais mí na Samhna seo caite mar nach raibh ann faoin nGaeltacht ach go ndéanfaí ráiteas náisiúnta pleanála roimh lár na bliana 2027 agus go “bhfiosrófaí an fhéidearthacht” go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta le páirtithe leasmhara eile chun tacú le tógáil tithíochta do phobal labhartha na Gaeilge.

Dúirt John Prendergast ó Chonradh na Gaeilge, atá ag plé leis an bhfeachtas Tinteán “gur bhreá” leis a rá go bhfuil sé “ar bís” faoin ráiteas pleanála agus go mbeidh “moltaí cuimsitheacha” ann don Ghaeltacht ach nach dóigh leis gur amhlaidh a bheidh.

“Is dócha, fiú, gur léiriú ar chúrsaí é go bhfuil [an ráiteas pleanála Gaeltachta] mar chuid de rud éigin eile – níl sé sin go maith. Ba cheart go mbeadh rud leathan cuimsitheach ann faoin nGaeltacht agus faoin nGaeltacht amháin. Tá ísliú stádais i gceist leis an rud a chur isteach leis an ráiteas ginearálta tuaithe.

“Chomh maith leis sin, bhí comhairliúchán le bheith ann a mhairfeadh trí nó sé mhí ach ní dóigh liom gur amhlaidh a bheidh. Dúirt an tAire [Browne] linn i gcruinniú cúpla seachtain ó shin go bhfuil dóthain comhairliúcháin déanta agus go bhfuil sé tar éis labhairt leis na grúpaí ar fad,” a dúirt Prendergast.

Dúirt sé gur dócha go mbeidh “rudaí maithe ann don phobal tuaithe” ach gur eagal leis nach mbeidh mórán sa cháipéis do mhuintir na Gaeltachta féin a chinnteodh go bhféadfadh an “pobal atá fós ag labhairt na teanga mar theanga laethúil leanúint ar aghaidh”.

Dúirt sé go bhfuil súil aige go mbeidh an Rialtas tar éis an “dea-shampla” a thógáil ó phleananna den chineál seo in áiteanna eile ar domhan a bhfuil cúrsaí tithíochta ag cur isteach ar chúrsaí mionteanga.

“Tá rudaí áirithe déanta ag tíortha eile, ní gá imeacht chomh dian le han-chuid acu, ach tá an talamh briste i roinnt áiteanna. Ba mhaith ann cáin ar thithe saoire, cáin ar thithe folmha, ach an príomhrud agus an rud is mó ba mhaith liom féin a fheiceáil ann ná go mbeadh treoir shonrach ann do chomhairlí contae faoi conas coinníollacha teanga a chur i bhfeidhm.

“Cad is brí le cumas Gaeilge? Cad is brí le caighdeán teanga? Cé a dhéanfadh an caighdeán sin a mheas? Cén saghas saineolais a bheadh ag teastáil agus cinntí á ndéanamh faoi chead pleanála a thabhairt,” a dúirt Prendergast.

Tá imní léirithe ag an mbrúghrúpa Bánú faoi na tuairiscí go gcaithfeadh cainteoir Gaeilge a bheadh ag iarraidh cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht a bheith ina chónaí ar feadh cúig bliana taobh istigh de trí chiliméadar ón suíomh a mbeidh cead á lorg lena aghaidh.

“Más fíor é seo, beidh sé níos deacra do chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht cead pleanála a fháil, ná mar atá faoi láthair,” a dúradh i ráiteas ón mbrúghrúpa.

“Ní réiteofar an ghéarchéim thithíochta sna ceantair Ghaeltachta, trí srianta mar sin a chur i bhfeidhm ar chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh teach a thógáil dóibh féin i gceantar ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid. Tá imní ar Bánú nach mbeidh an Ráiteas Náisiúnta Pleanála do na ceantair thuaithe atá le heisiúint ag an Aire Tithíochta, ag tógáil san áireamh riachtanais teanga na Gaeltachta.

“Tá Bánú le iarraidh ar an Aire Tithíochta ‘Ráiteas Náisiúnta Pleanála’ as féin a eisiúint don Ghaeltacht, mar a bhí geallta go minic le cúig bliana anuas, agus próiseas comhairliúcháin a chur ar bun, le go bhfaighfear aiseolas faoina bhfuil beartaithe ó na páirtithe leasmhara cuí, go speisialta ó phobail na Gaeltachta.”

Thug Bánú le fios go bhfuil litir seolta acu chuig an Aire Gaeltachta inar iarr siad air “a chinntiú leis an Aire Tithíochta nach dochar seachas maitheas a dhéanfas na rialacha nua pleanála”.

Gheall an t-iarAire Tithíochta Darragh O’Brien treoirlínte pleanála don Ghaeltacht ar dtús in 2021.

 

Fág freagra ar 'Buntáiste ó thaobh pleanála le tabhairt do chainteoirí Gaeilge a bhfuil cúig bliana caite acu ina gcónaí sa Ghaeltacht'