B’fhearr domhan gan airm núicléacha, ach ní hin an domhan ina mairimid

Tá díospóireacht tosaithe i dtíortha ar nós na Polainne agus na Cóiré Theas faoi iombhagairt núicléach dá gcuid féin a fhorbairt

B’fhearr domhan gan airm núicléacha, ach ní hin an domhan ina mairimid

Tá argóint déanta agam roimhe seo go spreagfaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin iomadú núicléach. I meamram Bhúdapeist i 1994 thug an Úcráin suas a n-airm núicléacha agus gheall an Rúis go léireodh sí meas ar theorainneacha agus flaitheas na hÚcráine agus nach n-úsáidfeadh sí fórsa míleata ina coinne. Dar ndóigh sháraigh an Rúis an socrú sin agus feictear d’Úcránaigh anois gur bhotún a bhí ann. Tá díospóireacht tosaithe i dtíortha ar nós na Polainne agus na Cóiré Theas faoi iombhagairt núicléach dá gcuid féin a fhorbairt.

Ach rinneadh argóint in alt san iris Foreign Affairs le déanaí a thugann dúshlán don anailís seo. Maíonn Rose Gottemoeller ó Ollscoil Stanford go bhfuil ag teip ar an iombhagairt núicléach. Tugann sí, mar shampla, an oibríocht ‘Líontán Damhán Alla’, an oibríocht dhána i Meitheamh 2025 inar éirigh leis an Úcráin scrios a dhéanamh ar chuid mhór d’eitleáin na Rúise a bhíonn i mbun na buamála troime.

Dar leis an údar, níorbh é an ghné b’iontaí den ionsaí gur éirigh le dróin ar chostas €500 an ceann buamadóirí straitéiseacha, ar fiú na milliúin euro an ceann iad, a scriosadh ach go raibh an t-ionsaí indéanta ar chor ar bith. Scríobhann sí:

‘Mar chuid dá theagasc fadbhunaithe, deireadh Moscó go bhféadfadh ionsaí coinbhinsiúnach ar a gcuid sócmhainní straitéiseacha freagra núicléach a spreagadh. Ach níor chuir sin stop le Cív. Bhí an Úcráin sásta díriú ar chumas núicléach na Rúise, agus ní raibh an Rúis in ann a ndíothú a chosc.’

Is sampla é seo d’fheiniméin níos leithne dar leis an údar – nach bhfuil iombhagairt núicléach ag oibriú. Tá an Iaráin agus a gcuid seachfhórsaí tar éis diúracáin agus dróin a scaoileadh le cathracha Iosrael agus fiú le háiseanna núicléacha na tíre, in ainneoin go bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil airm núicléacha ag Iosrael.

Agus chuaigh an India agus an Phacastáin, dá thír le hairm núicléacha, i mbun cogaíochta lena chéile i mBealtaine 2025.

An argóint atá ag an údar ná go léiríonn na forbairtí seo nach bhfuil mórán cumhachta ag airm núicléacha ionsaithe coinbhinsiúnacha a chosc mura bhfuiltear toilteanach i ndáiríre na hairm núicléacha sin a úsáid.

Agus dar ndóigh an rud faoi airm núicléacha ná go dteastaíonn ó aon cheannasaíocht nach bhfuil díchéillí buntáiste a bhaint astu ach gan iad a úsáid i ndáiríre. Tá baol mór ann don tír a bheidh ar an dara tír riamh chun airm núicléacha a úsáid go ndéanfadh siad pariah amach is amach díobh féin ar an stáitse idirnáisiúnta. Nuair a bhí bagairtí núicléacha leathfholaithe á ndéanamh ag an Rúis agus an chuma ar an scéal go raibh a fórsaí i mbaol cliseadh go hiomlán sa chéad bhliain den chogadh, labhair an comhghuaillí is láidre aici, an tSín amach go poiblí, ní hamháin i gcoinne úsáid airm núicléacha, ach fiú i gcoinne bagairtí núicléacha.

Is féidir glacadh leis gur cuireadh an teachtaireacht sin in iúl go soiléir do Vladamir Putin ar chúla téarmaí freisin.

Tugann Gottemoeller comhairle do stáit nach bhfuil airm núicléacha acu ach atá ag smaoineamh ar iad a fhorbairt, athsmaoineamh a dhéanamh air sin bunaithe ar an bhfianaise seo. Measaim féin go bhfuil an ceart ag an údar go pointe, ach go bhfuil airm núicléacha fós ina n-iobhagairt thábhachtach. Ní thugann airm núicléacha cumhacht do thíortha a rogha rud a dhéanamh. Ach is díspreagadh fós iad i gcoinne bagairtí eiseacha.

Cheap an Rúis mar go raibh airm núicléacha aici go bhféadfadh sí buamáil a dhéanamh ar an Úcráin agus nach ndéanfadh an Úcráin buamáil ar ais uirthi agus go dtroidfí an cogadh ar fad ar thailte na hÚcráine. Chuir a gcomhghuaillithe roinnt srianta ar an Úcráin nuair a bhí sí ag brath ar na hairm a sholáthar siad dóibh, ach níor chuir an Úcráin riamh aon srianta dá leithéid uirthi féin. Throid siad an cogadh, oiread agus a d’fhéadfadh siad, ar nós nach raibh airm núicléacha ag an Rúis.

Bhí siad toilteanach dul sa seans mar nach raibh tada le cailliúint acu – chaillfeadh siad an cogadh go cinnte dá dtroidfeadh siad é agus lámh amháin ceangailte taobh thiar dá ndroim. Agus mar gur thrasnaigh siad an iliomad ‘líne dhearg’ agus nár tharla tada, tá an chumhacht iombhagartha a bhaineann le hairm núicléacha na Rúise laghdaithe go mór.

Níl ach slí amháin anois go bhféadfadh an Rúis an iombhagairt núicléach i gcoinne na hÚcráine a athchruthú, agus sé sin airm núicléach a úsáid i ndáiríre. An baol mór a bheadh leis sin go bhfágfaí an Rúis ina haonar go hiomlán nach mór go hidirnáisiúnta agus gur mó dochar ná sochar a dhéanfadh sé di.

Ach ag an am céanna tá sé díchéillí a mhaíomh nach bhfuil a gcuid arm núicléach tar éis cabhrú leis an Rúis sa chogadh seo. Tá sé réasúnta a chreidiúint go mbeadh éirithe níos fearr leis an Úcráin sa chéad bliain nó dhó den chogadh murach na srianta a chuir a comhghuaillithe i bhfeidhm uirthi.

Ach chomh maith leis seo is é an iombhagairt is mó a bhain le harmlann núicléach na Rúise ná gur chinntigh sé nár éirigh tíortha NATO sáite go díreach sa chogadh ar son a gcomhghuaillí san Úcráin.

Ni fhéadfaí a shamhlú sa ré roimh airm núicléacha go mbeadh formhór thíortha na hEorpa ar a ndícheall ag iarraidh cabhrú leis an Úcráin buachan ar an Rúis agus nach mbrisfeadh cogaíocht dhíreach amach idir an dá thaobh. Agus i bhfianaise go bhfuil ceithre bliana caite ag an Rúis ag streachailt agus í ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar an Úcráin léi féin, tá sé réasúnta a chreidiúint go mbeadh cogadh coinbhinsiúnach i gcoinne fhórsaí na hÚcráine agus NATO le chéile caillte i bhfad ó shin aici, murach an eagla roimh chogadh núicléach.

Agus fós féin measaim go luíonn sé le réasún nach mbeadh an Rúis tar éis dul sa seans le mórionradh ar an Úcráin dá mbeadh airm núicléacha aici.

Is scéal an-difriúil ar fad é ó na cásanna a phléigh Gottemoeller nuair atá tír i mbaol a bheith glanta den léarscáil, agus gan ach an t-aon chárta amháin fágtha le himirt aici agus gan aon rud le cailliúint aici. Bhí nach mór 2,000 soc pléascáin núicléach agus airm núicleácha eile ag an Úcráin nuair a bhris an tAontas Sóivéadach suas. An gcreideann éinne go ndéanfadh an Rúis ionradh ar thír a raibh de chumhacht aici smionagar radaighníomhach a dhéanamh de chathracha uile na Rúise?

B’fhearr domhan gan airm núicléacha ach ní hin an domhan ina mairimid. Má chaithfimid maireachtáil leo, is fearr go mór nach mbeadh siad in úsáid ach mar airm fhéinchosanta, an rogha dheireanach. Is fearr nach mbeadh siad in úsáid chun bulaíocht a dhéanamh nó forlámhas a bhaint amach ar thíortha eile. Is bagairt dúinn ar fad a bheadh ann dá mbuanófaí an fasach sin.

Fág freagra ar 'B’fhearr domhan gan airm núicléacha, ach ní hin an domhan ina mairimid'