Tobar Choilm Cille
Sul má tháinig Colm Cille go Maíros, in Árainn a bhí sé ina chónaí ach deirtear go dtáinig troid idir é fhéin agus Naomh Éinne.
Tharraing Éinne ina dhiaidh é ó uachtar na talún síos chomh fada agus a bhí tráite aige, ar chúl a chinn. Níor fhás aon slám feamainne ar an gcladach sin ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, ach leithead a dhroma le feiceáil ar na leacracha ann chomh geal, gan an caonach féin a’ fás ann.
Chuir Éinne faoi gheasa ansin é gan a bheith ag éisteacht lena chlog féin agus ansin bhí ar Cholm Cille imeacht ar fad as an oileán.
Shuigh sé ar chloch thíos ar an gcladach é féin agus a bhuachaill agus dhá mhaide rámha acu agus thosaigh siad ar iomramh nó go dtáinig siad go Maíros nó go Baile an Tobair.
Rinne sé dhá thobar ansin san áit a dtáinig sé i dtír, tobar mór agus ceann beag agus tá lorg slabhra ag imeacht ón tobair thoir go dtí an tobar thiar agus as sin go dtí an bád cloiche atá thuas ar an duirling, faoi bhun Sheanreilig Mhaírois. Tá sí ansin ó shin le feiceáil ag chuile dhuine agus lorg na maidí rámha le feiceáil inti agus an áit a raibh sé ina shuí.
Bhí sé maidin bhreá chiúin ag siúl thart ann agus chuala sé clog Éinne a’ bualadh agus b’éigean dó imeacht ansin agus a dhul go Doire.
Tá cloch sa tobar beag agus nuair a bhí na scriosadóirí, na Blácaigh, ina gcónaí ar an Tulaigh, agus gan cás ná trócaire d’aoinne, agus creideamh Chríost faoi dhrochmheas acu, chuaigh duine acu síos go dtí an tobar agus thóg sé an chloch agus thug aniar abhaile leis í, le drochmheas ar an tobar agus ar an naomh.
Ach ar maidin lá’r na mhárach, bhí sí san tobar aríst. Ach níor shásaigh an méid sin iad agus thugadar leob aríst í agus leag ar chlaí atá ar an ngarraí atá thuas ar aghaidh an tobair. Chuaigh sí thar n-ais aríst agus níor bhac na Blácaigh ní ba mhó léi.
Ar an naoú lá de Mheitheamh a thiteas Lá Thobar Choilm Cille agus is mór le rá an lá sin ar fud Chonamara, go mórmhór i mBaile an Tobair insan áit a mbíonn an Pátrún.
An lá sin cruinníonn an-chuimse daoine idir sean is óg, beag is mór, a’ tabhairt turais ar an tobar. Tagann siad ann as baile mór na Gaillimhe agus chuile áit ar fud Chonamara. Is cuma cén áit a bhfuil duine de mhuintir Chonamara ach is maith leob tarraingt ar Thobar Choilm Cille an lá sin.
San tsean-am ba mhór le rá é an lá sin agus b’iontach an radharc a bhíodh le feiceáil insan tír timpeall Mhaírois. D’fheicfeá na mná a’ teacht ina gcótaí dearga agus cóta dearg eile aniar faoina mbráid. Bhíodh an bóthar dubh le daoine chaon taobh don tobar. Ní raibh mórán cainte ar ghluaisteáin ná ar rothair an t-am siúd. D’fheicfeá corrcharr capaill agus marcaigh a’ teacht ach an chuid ba mhó a’bualadh bóthair.
Tá sé de ghnás i gCois Fharraige fós, agus i gConamara chomh maith, uair ar bith a bhíonns duine go dona le haon tinneas go gcuirfidh sé turas air féin go Tobar Choilm Cille agus bíonn orthu a’ dhul trí huaire ag an tobar le turas a thabhairt – sé sin uair ins gach bliain nó go mbeidh an turas críochnaithe. Má éiríonn siad as an tinneas sé an rud is lú leob faoin ngréin gan an turas a thabhairt agus mura n-éiríonn tugann duine dá muintir an turas ina n-ómós agus sin é an fáth a mbíonn an oiread daoine a’ tarraingt ar an tobar an lá sin agus ní hé an lá sin amháin ach san oíche roimhe. Sé an cás é bíonn chuile theach i mBaile an Tobair lán go boimbéal.
Tugann chuile dhuine turas tar éis a theacht dó má bhíonn an trá feiliúnach mar ní féidir aon turas a thabhairt má bhíonn an taoille isteach agus mar gheall air sin bíonn siad a’ faire ar an trá leis an turas a thabhairt. B’fhéidir gur i lár na hoíche a bheadh an trá feiliúnach agus ansin féin bíonn an trá gheal breactha le daoine. Tá feamainn a’ fás timpeall na dtoibreacha seo agus sé an t-ainm a thugtar uirthi feamainn Mhuire. Níl aon teach i gConamara nach bhfuil cuid den fheamainn sin le fáil ann mar nuair a bhíonns an turas tugtha acu baineann siad an fheamainn le tabhairt leob abhaile.
Ar an tobar thoir a thugtar an turas ar dtús, téann siad seacht n-uaire timpeall ar an tobar agus nuair a bhíonns a gcuid paidreacha ráite acu tugann siad turas ar an tobar thiar. Ansin téann siad isteach sa Reilig agus tugann siad turas eile timpeall ar altóir atá inti.
Níl mórán naomh ar dhroim an domhain is mó a bhfuil ómós agus muinín ag na bádóirí ann agus atá acu i gColm Cille. Is cinnte gur mar gheall ar chomh minic is a bhíodh sé fhéin a’ taisteal na farraige is ciontach leis. Níl aon fhoireann báid móir a bhíos ins an áit nó gar don áit nach ‘spáineann ómós dó, mar tugann siad turas an lá sin ag an tobar. Ní hé amháin go dtugann siad an turas iad fhéin ach tugann siad an turas ins an mbád. D’fheicfeá ansin iad ar aghaidh an tobair amach agus iad a’ dul siar is aniar. Téann siad thart seacht n-uair chuile uair a bhíonn siad a’ dul thar an tobar. Ligeann siad anuas an seol tosaigh. Tagann curachaí as Árainn agus as áiteachaí i gConamara a’ tabhairt turais freisin.
Pádhraic Óg Ó Flaithbheartaigh, Cor na Rón Thoir a scríobh an cuntas seo óna athair Pádraic Pheats Uí Fhlaithbheartaigh [56] ar an Tamhnaigh Mhóir, Cor na Rón i gCois Fharraige an 24/10/1936
Fág freagra ar 'An naoú lá de Mheitheamh lá breithe Cholm Cille agus is mór le rá an lá sin ar fud Chonamara'