Timpeall an domhain i 39 dán sa dara cnuasach le Róise Ní Bhaoill

Cnuasach dánta mealltacha snoite é ‘Dordéan’ ina gcaitheann Róise Ní Bhaoill súil ar thíortha agus ar chultúir éagsúla na cruinne

Timpeall an domhain i 39 dán sa dara cnuasach le Róise Ní Bhaoill

Dordéan
Róise Ní Bhaoill
Éabhlóid

Tarlaíonn sé gur mise a rinne léirmheas ar chéad chnuasach Róise Ní Bhaoill, Idir an Dá Fhearsaid (2024) cúpla bliain ó shin, ar Tuairisc.

Tá mé mar sin mar sin agus dara cnuasach an fhile seo, Dordéan (2025), romham: an leabhar a bhuaigh duais an chnuasaigh ag an Oireachtas anuraidh. Mar a bheifeá ag súil le leabhair Éabhlóid, tá an dearadh, an clúdach, agus an leagan amach le moladh go hard na spéire.

Tá stíl tí forbartha go maith ag an fhoireann agus is é Éabhlóid, seans, príomhfhoilsitheoir na filíochta Gaeilge anois. Mar fhoilseachán tá sé iontach agus is féidir an chuid sin den léirmheas a chur ar leataobh le go ndíreoimid ar an fhilíocht féin – an cnuasach.

Ba mhó den ‘bhaile’ a bhí sa chéad chnuasach aici – idir Rann na Feirste agus Béal Feirste – ach sa chnuasach seo tugtar an léitheoir ar sciuird thart faoin domhan.

Tá dánta anseo a dhíríonn ar an tSeapáin, ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an India, ar an Astráil agus araile. Maítear i líne ag barr na nótaí ar chúl an leabhair gur ‘de thoradh tréimhsí taistil le breis agus deich mbliana anuas a cumadh dánta an chnuasaigh seo’.

Rith cnuasach nua Áine Uí Fhoghlú, Scéal ó Carolina, liom – ach an difríocht is mó idir sin agus seo ná go mbogann Ní Bhaoill thart ó áit go háit. Siúlach scéalach. Thart faoin domhan in 80 lá, nó in 39 dán!

Tá súil mhaith ag an scríbhneoir seo maidir le sonraí a léiriú agus íomhánna a chruthú sna dánta. Sa dán ‘Taobh seo na Breithe’, cruthaíonn sí íomhá scanrúil de phóilín Meiriceánach: ‘Lámh amháin ar dhíon an chairr, / An ceann eile ar a ghunna, / Ina ghloiní snasta gréine / Mo ghrua dóite féin.’ Sa dán ‘Scoitheadh’ chuir mé líne faoin véarsa iontach seo (bíonn tart véarsaí orm i gcónaí): ‘Fáisceann tú / Ar dhroim an uain bheo, / Seithe fhuilteach an uain a d’éag, / Ag dúil go nglacfaidh an mháthair leis / Go dtí go scoitear den chíoch é’.

Is maith liom an teannas idir foréigean agus cúram sna línte sin, agus is breá liom an teannas idir áilleacht an éin agus bruscar na cathrach sa dán ‘Diabhal Focal’: ‘Spíonann Íbis bruscar daonna, / A cuarghob dubh aníos is síos, / Ach oiread le snáthaid innill, / Ní heol di fiúntas a saothair.’ Nach iontach an meafar é sin – íbis agus snáthaid innill?

Tá na dánta breac le híomhánna iontacha mar sin. Sa dán faoi íobartaigh Hiroshima, ‘Hikakusa’, dán an-láidir, is ionann an reacaire agus ‘Soitheach dearmaid’ a bhfuil ‘[l]uaith i mo bhéal / Is i mo chluasa’. Baineann an file macalla as an chéad líne úd sa véarsa dheireanach freisin: ‘Is soitheach briosc / An dearmaid mé.’ Íomhá ghlé eile a thaitin go mór liom ná ‘[c]hítear solas na gealaí / Idir clárthaí dín an tseantí seo’ sa dán ‘Cuaifeach’, a scríobhadh in ómós Izumi Shikibu, banfhile Seapánach a bhí ag scríobh san 11ú haois, dar leis na nótaí.

Dá bhfaighinn locht ar an tsaothar seo, ceapaim go mbraitheann cuid de na dánta rómhór ar na nótaí ar chúl an leabhair. Sa chás nach raibh nótaí sa leabhar seo, is dócha go mbeadh ar an fhile véarsaí, cúpla líne, nó síneadh éigin a chur le roinnt de na dánta, a lonnódh an léitheoir san áit / sa chomhthéacs staire. Sa dán ‘Cassakas’, mar shampla, mothaím go mbeadh an dán níos láidre dá dtabharfaí an comhthéacs riachtanach (nach mbeadh ar eolas ag an chuid is mó de na léitheoirí) sa dán féin, seachas sna nótaí.

Shantaigh mé an síneadh breise úd sna dánta uaireanta. Bhí mé ag iarraidh spléachadh isteach in intinn an reacaire a fháil freisin ó am go céile. Cad a cheapann an reacaire (nach ionann é agus an file i gcónaí) faoi na heachtraí seo? Sa dán shuimiúil ‘Tolg an tSoláthair’, déantar cur síos ar chailín óg atá i ‘gcuingcheangal súl’ ag an phéintéir (íomhá iontach)… ach rith sé liom freisin – tá an cailín óg faoi chuingcheangal súl ag an reacaire… agus ag an léitheoir… anois. Cad a cheapann an reacaire faoi sin? Faighimid spléachadh de na tuairimí casta seo – an chiontacht uilíoch – sa dán ‘Leathrosc na Spéire’, a ardaíonn ceisteanna faoi thurasóireacht agus faoi radharc an turasóra.

Slánú coinsiasa agam
An treoraí oifigiúil,
Anseo in Dharavi an ghleo,
Is mé i mo fhairgseoir
Ar shluma aitheanta an tsaoil.

Tá an teideal féin, ‘Leathrosc na Spéire’ éifeachtach nó cruthaíonn sé atmaisféar aisteach, doicheallach sa dán. Nuair a sheasann na dánta leo féin, éiríonn leo. Féach ar na dathanna agus na híomhánna sa dán ghiortach ‘Cleamhnas Datha’:

Stangadh spéir gheanmnaí
Ar dhath glinn bhláth an lín,
Cré ina ruadhchailc
Ar chomhionann tréine.

Cleamhnas datha
Ag ciúnú amhrán goirt
An talaimh spallta.

Tá téamaí na ndánta seo leathan agus scóipiúil agus tugtar ar turas muid thart faoin domhan. Ní loiceann an file roimh iontas agus uafás an domhain sin a léiriú go glé san fhilíocht. Is cnuasach é ina léirítear meon idirnáisiúnta, ina chaitheann an file súil ar thíortha agus ar chultúir éagsúla na cruinne. Tá na dánta féin mealltach agus snoite. Tá an file mar a bheadh dordéan inti féin, ag eitilt thart, ag bailiú neachtair ó radharcanna éagsúla an domhain…

Tréaslaím le Róise Ní Bhaoill agus Éabhlóid cnuasach maith eile.

Fág freagra ar 'Timpeall an domhain i 39 dán sa dara cnuasach le Róise Ní Bhaoill'