CULTÚR: Scéalta Thuatha Dé Danann, An tÉalú i nGaillimh, Saoirse sa Taibhdhearc, Siúlóid Ghaeilge ar Lá Bloom

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

CULTÚR: Scéalta Thuatha Dé Danann, An tÉalú i nGaillimh, Saoirse sa Taibhdhearc, Siúlóid Ghaeilge ar Lá Bloom

RAIDIÓ

Scéalta Thuatha Dé Danann, sraith nua ar RnaG

Cuirfear tús inniu le Scéalta Thuatha Dé Danann, sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta leis an scríbhneoir agus ceoltóir Gráinne Holland. Ceanglaíonn an tsraith aithriseoireacht agus ceol, agus is í Holland a scríobh na hathinsintí agus atá á gcur i láthair. Tá ceol óna halbaim Corcra, Ceol an Sióg agus Draíocht an Dúlra fite fuaite tríd na scéalta.

Déantar athinsint ar thóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne sa tsraith agus sa chéad chlár, insítear scéal óige Dhiarmada Ó Duibhne, a tógadh mar mhac altrama ag Aenghus óg, dia de chuid Thuatha Dé Danann.

Tugann Scéalta Thuatha Dé Danann léargas nua ar sheanscéalta mhiotaseolaíocht na hÉireann agus é ag tarraingt ar an saol comhaimseartha freisin. Is iad Corcra Media a léirigh an tsraith le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

LITRÍOCHT

Oíche scoraíochta le Celia de Fréine

Beidh oíche cheoil, filíochta agus scéalaíochta ar siúl i dTeampall Naomh Maithí, Baile an Chinnéidigh, tráthnóna inniu, Dé hAoine an 12 Meitheamh 2026, idir 8pm-10pm.

Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh san Oíche Scoraíochta trí amhrán a chanadh, fonn ceoil a sheinm, dán a aithris nó scéal a roinnt i nGaeilge nó i mBéarla.

Beidh an file agus scríbhneoir, Celia de Fréine, mar aoi speisialta ag an ócáid agus léifidh sí óna saothar i nGaeilge agus i mBéarla i rith na hoíche.

Tá an imeacht á eagrú ag Craobh Bhaile an Chinnéidigh agus beidh sé ar bun i dTeampall Naomh Maithí, Bóthar an Teampaill, Baile an Chinnéidigh, Co. Chill Mhantáin. Tuilleadh eolais anseo.

Siúlóid Ghaeilge Lá Bloom

Mar chuid de cheiliúradh Lá Bloom, beidh siúlóid threoraithe trí Ghaeilge ar siúl i lár Bhaile Átha Cliath Dé Máirt, an 16 Meitheamh 2026.

Bunaithe ar Ulysses le James Joyce, leanfaidh an tsiúlóid cosán Leopold Bloom ó Ché Sir John Rogerson go dtí Cógaslann cháiliúil Sweny ag Plás Lincoln.

Ar an mbealach, tabharfar cuairt ar chuid de na sainchomharthaí a luaitear san úrscéal agus roinnfear eolas faoi na foirgnimh shuntasacha agus na sráideanna stairiúla a dtéann Bloom tharstu sa leabhar. Léifear sleachta roghnaithe as an leabhar i mBéarla.

Mairfidh an tsiúlóid thart ar uair an chloig. Tá an t-imeacht saor in aisce agus fáilte roimh chách. Tosóidh an tsiúlóid ag 6.30pm ag Cé Sir John Rogerson, BÁC 2.

Tá an tsiúlóid á heagrú ag Breandán Mac Aodha Bhuí agus tá tuilleadh eolais ar fáil ó o87 9060511.

GREANN

Craicing Up, gáire as Gaeilge

Beidh oíche ghrinn as Gaeilge, ‘Craicing Up – A Giggle as Gaeilge’, á cur ar bun i The Factory, Bolands Mills i mBaile Átha Cliath ar an Aoine an 19 Meitheamh.

Is é Cúán de Búrca, láithreoir le TG4, a bheidh mar fhear an tí ar an oíche. Beidh Hugh Carr, Aideen McQueen, Julie Jay agus Áine Gallagher ar stáitse mar chuid den oíche. Cuirfidh Gallagher leagan speisialta dá seó For the Love of Milseáin i láthair freisin.

Níl aon táille ar an doras, ach tá an spás teoranta agus ní mór ticéad a chur in áirithe roimh ré.

CEOL

Sraith an tSamhraidh sna Déise

Beidh oíche cheoil mar chuid de Shraith an tSamhraidh 2026 ar siúl i dTigh Uí Mhaonaigh, An Rinn, ar an Satharn an 27 Meitheamh. Beidh ceol beo ar siúl ó 8pm agus seisiún oscailte ina dhiaidh sin, agus tá fáilte roimh dhaoine a n-uirlisí ceoil a thabhairt leo agus páirt a ghlacadh sa seisiún.

Cuirfear an ócáid ar siúl idir 8-11pm.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Yvonne, Oifigeach Pleanála Teanga, Gaeltacht na nDéise, ag optnandeise@gmail.com nó ar 087 721 9721.

CEARDLANN

Péint, Cúpla Focal agus Ól

Tá an seisiún ealaíne agus Gaeilge, ‘Péint, Cúpla Focal agus Ól’ leis an ealaíontóir Tuathan ar ais arís i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 19 Meitheamh idir 6-8pm.

Tabharfar treoir, céim ar chéim, do rannpháirtithe le pictiúr a phéinteáil agus iad ag foghlaim agus ag úsáid frásaí simplí Gaeilge.

Cuirfear an t-ábhar ealaíne ar fad ar fáil, agus beidh deis ag daoine a bpictiúr féin a thabhairt abhaile leo ag deireadh an tseisiúin. Táille £20 atá ar an ócáid agus is féidir ticéad a chur in áirithe anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

Ceoldráma nua sa Taibhdhearc ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe

Beidh an chéad léiriú den cheoldráma nua Gaeilge Saoirse á léiriú ag An Taibhdhearc mar chuid de chlár Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe ón 10-26 Iúil. Is í Shauna Carrick a scríobh agus a chum an ceoldráma i gcomhar le hAidan Byrne agus is í Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce an stiúrthóir.

Suite i nGaeltacht Chiarraí, leanann an saothar scéal grúpa déagóirí i gcoláiste samhraidh agus iad ag dul i ngleic leis an gcéad ghrá, cairdeas agus ceisteanna faoin todhchaí atá amach rompu.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo.

Aisteoirí Bhéal Átha an Ghaortaidh ag teacht go Gaillimh

Tá Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag teacht go Gaillimh den chéad uair agus an ceoldráma is deireanaí leo, An tÉalú, le Seán Óg Ó Duinnín, á chur ar stáitse acu in Amharclann na Cathrach ar an 29 Lúnasa.

Leanann an saothar scéal Shíle, bean atá meáite ar a saoirse a fháil ar ais agus í ag iarraidh éalú ó theach altranais, le cabhair ó chairde a théann i bpáirt léi ó am go chéile.

Beidh foireann 24 aisteoir páirteach sa léiriú, le tionlacan ó bhanna beo ochtar ceoltóirí. Fotheidil Bhéarla ar fáil freisin. Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Craoladh speisialta den Chóisir Cheoil le Ceolfhoireann Choirme RTÉ

Tá feachtas Amhrán RnaG, An tAmhrán is Ansa Linn, ag leanúint ar aghaidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá vótaí faighte isteach ón bpobal cheana féin agus tá painéal moltóirí ag cur le chéile liosta den 30 amhrán Gaeilge is ansa leis na Gaeil.

Beidh na hamhráin á nochtadh de réir a chéile an mhí seo ar an gclár Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mar chuid den fheachtas, beidh craoladh speisialta beo den Chóisir Cheoil á chur i láthair ag Dónall Mac Ruairí, le Ceolfhoireann Choirme RTÉ i Stiúideo 1, RTÉ, Domhnach Broc, Baile Átha Cliath, ar an 23 Meitheamh 2026, 4-5pm.

Tá líon teoranta áiteanna ar fáil sa stiúideo. Chun spás a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig amhranrnag@rte.ie roimh an 19 Meitheamh.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Scéalta Thuatha Dé Danann, An tÉalú i nGaillimh, Saoirse sa Taibhdhearc, Siúlóid Ghaeilge ar Lá Bloom'