‘INIS MARA 3’: Moladh an Uachtaráin faighte ag leabhar nua Gaeilge do dhéagóirí

Dúirt Catherine Connolly go bhfuil ‘teachtaireacht fhíorchumhachtach’ in Inis Mara 3, an leabhar is deireanaí ó pheann Tristan Rosenstock

‘INIS MARA 3’: Moladh an Uachtaráin faighte ag leabhar nua Gaeilge do dhéagóirí

Tá “teachtaireacht fhíorchumhachtach” i leabhar nua Gaeilge do dhéagóirí, dar le hUachtarán na hÉireann, Catherine Connolly. Foilsíodh le deireanas an tríú leabhar sa tsraith Inis Mara, leis an údar Tristan Rosenstock, leabhar a bhfuil moladh an uachtaráin faighte aige.

“Téamaí tráthúla atá á scagadh sa scéal spreagúil seo. Dúlra agus pobal oileáin faoi bhagairt ag lucht sainte. Cailín óg misniúil atá sásta seasamh ina n-aghaidh ar son cearta daonna agus timpeallachta.

“Is teachtaireacht fhíorchumhachtach atá i gcroí an leabhair seo, teachtaireacht a rachaidh chun leas ní hamháin an léitheora ach an domhain mórthimpeall,” a dúirt an tUachtarán Connolly agus í ag cur síos ar Inis Mara 3.

Tá an tsraith dírithe ar léitheoirí Gaeilge atá idir 10-14 bliana d’aois agus leantar an scéal a tosaíodh sa chéad dá leabhar – Inis Mara, agus Inis Mara 2. Tá sean-naimhde an oileáin farraige ‘an Santóir’ agus ‘Smugairle Rónáin’ ar ais arís sa tríú leabhar agus plean nua acu a saibhreas a mhéadú as cuimse, ach teacht i dtír go bradach ar mhuintir Inis Mara.

Pléitear an tsaint, an éigeandáil aeráide, agus cás na mbeach in Éirinn sa scéal nua. Fágtar faoi laoch na sraithe, Éabha, an scéal a chur ina cheart agus muintir Inis Mara a tharrtháil arís.

Tá an t-ealaíontóir Mark Wickham, a rinne na léaráidí do Inis Mara agus Inis Mara 2, tar éis sraith nua íomhánna a chruthú don tríú leabhar le beocht a thabhairt do na carachtair.

“Bíonn sé de phribhléid agam na leabhair sa tsraith Inis Mara a phlé le léitheoirí óga ag ceardlanna agus imeachtaí éagsúla ar fud na tíre. Tógann sé mo chroí go bhfuil rian á fhágáil ag laoch óg Inis Mara – Éabha – ar ghlúin úr léitheoirí,” a dúirt Tristan Rosenstock, údar na sraithe.

Ainmníodh an chéad leabhar sa tsraith do Ghradam Réics Carló ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2023 agus roghnaíodh é do Lá Domhanda na Leabhar in 2024.

Léifidh an t-údar sleachta óna leabhar nua i Leabharlann an Lexicon i nDún Laoghaire ar an 29 Meitheamh.

Fág freagra ar '‘INIS MARA 3’: Moladh an Uachtaráin faighte ag leabhar nua Gaeilge do dhéagóirí'