Éire aontaithe ag eascairt as an mBreatimeacht? De réir mar a ghéaraigh easaontas i dTuaisceart Éireann sna blianta i ndiaidh an reifrinn chun an tAontas Eorpach a fhágáil cothaíodh an tuairim go neartódh sé cás an athaontaithe.
Bhí oiread sin daoine míshásta faoin mbriseadh leis an AE dá mbuíochas go mbeidís ag iarraidh aontú leis an bPoblacht chun a bheith lánpháirteach san Eoraip arís.
Ní hamhlaidh a tharla, níor mhéadaigh an tacaíocht ach beagán. Is fíor, áfach, go raibh níos mó plé agus taighde faoin ábhar sa Tuaisceart. Níorbh amhlaidh an scéal ó dheas. Cé is moite de Shinn Féin, gurb é a raison d’être é, ba bheag aird a bhí ag páirtithe eile i dTeach Laighean ar an gceist. Cuspóir náisiúnta is ea an t-athaontú agus na páirtithe tiomanta dó go hoifigiúil ach ba mhinic gníomhaithe ó thuaidh den bharúil gur ‘sea, ach ní go fóill’ dearcadh na bunaíochta.
Tá an ghaoth ag athrú, áfach, is cosúil. Tá roinnt polaiteoirí i mBaile Átha Cliath ar inlíochtaí nó i mbun machnaimh. Seans go dtuigtear gur ghá a bheith faoi réir d’athruithe gan choinne.
Díol suntais ab ea fógra Simon Harris, ceannaire Fhine Gael go mbeadh treoirphlean athaontaithe ullamh lena nochtadh ag Ard-Fheis a pháirtí i mí na Samhna. Ní áibhéil é a rá gur bhain fógra an Tánaiste geit as lucht feachtais sa tuaisceart, níl sé ach dhá bhliain ó dúirt sé nach raibh an cheist ard ar a liosta tosaíochtaí. Céard faoi ndear an t-athrú intinne? Admháil go bhfuil géarghá le réamhphleanáil ionas nach ndéanfar praiseach (cosúil le reifreann an Bhreatimeachta) de reifreann na teorann cibé uair, luath nó mall, a ghlaofar é? Nó an mbaineann sé le hiomaíocht idir pháirtithe i dTeach Laighean?
Tá an taighde, ullmhú an phlean glactha mar chúram ag an tráchtaire, scoláire in Ollscoil Uladh, an tOllamh Deirdre Heenan. Glactar leis go gcuirfidh lucht polasaí Fhine Gael a gcruth féin ar an saothar roimh Shamhain. Beidh le feiceáil cé chomh díograiseach is a bheidh Fine Gael ag cur a bplean chun cinn. An mbeidh sé mar bhonn le plé le páirtithe eile theas agus thuaidh? Sa deireadh beidh plean aontaithe de chuid rialtas na hÉireann agus lucht feachtais sa Tuaisceart riachtanach mar thairiscint do vótóirí.
Tá ceannaire Fhianna Fáil, An Taoiseach Micheál Martin tiomanta dá thionscnamh, An tOileán Comhroinnte, arb é a aidhm ‘comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus dul i dteagmháil le gach pobal agus gach traidisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte’. An tseachtain seo caite shroich maoiniú iomlán an tionscnaimh €1 billiún. I measc na scéimeanna trasteorann a fuair tacaíocht tá sláinte, iompar, oideachas agus spórt.
Cháin lucht feachtais ó thuaidh Fianna Fáil toisc nár facthas ariamh an páipéar bán a gealladh naoi mbliana ó shin.
D’fháiltigh siad roimh rannpháirtíocht Jim O’Callaghan, an tAire Dlí agus Cirt, i gcomhdháil a reáchtáil SDLP an tseachtain seo caite dar teideal Todhchaí na nOileán Seo. Más é O’Callaghan a bheidh ina chomharba ag Micheál Martin beidh brú air ón Tuaisceart chun cur lena thacaíocht d’athaontú. Tá imní ar ionadaithe thuaidh agus theas faoina mbeadh i ndán d’Éirinn dá mbeadh rath ar an tionscnamh polaitiúil is deireanaí ag ailtire an Bhreatimeachta, Nigel Farage.
Dúirt an tAire O’Callaghan go bhféadfadh reifreann faoin teorainn a bheith ann roimh 2030. Thacaigh an t-iarThaoiseach de chuid Fhine Gael, Leo Varadkar le O’Callaghan, ag rá go raibh an pholaitíocht an-mhíshocair faoi láthair agus nár mhór dlús a chur leis an obair ullmhúcháin faoi phráinn.
Bhí Conor Murphy, Seanadóir Shinn Féin, ar an bpainéal agus Gerry Adams i measc an lucht éisteachta. D’fháiltigh go leor roimh an léiriú aontais sin ach ní fios an gcomhoibreodh páirtithe náisiúnacha ar gach gné de phlean. Níor fhreastal na páirtithe aontachtacha ar an gcomhdháil ach bhí ionadaithe neamhthofa i láthair, Ian Marshall ón UUP a chaith téarma sa Seanad agus Joel Keys, dílseoir óg. Cén t-iontas a dúradar araon go mbeadh drogall ar aontachtaithe páirt a ghlacadh sa phlé faoi dheireadh a chur lena bpolaitíocht, a bhféiniúlacht.
Cuspóir dúshlánach é plean a ullmhú a mbeadh glacadh ag aontachtaithe leis nó, ar a laghad go dtabharfaidís cead an chailliúnaí dó. Roimhe sin níor mhór do náisiúnaithe tarraingt le chéile chun bun-dréachtphlean a réiteach. Ní ribín réidh é sin.
Fág freagra ar 'Ag géarú ó dheas ar an gcaint faoi Éirinn Aontaithe '