Caithfidh na húdaráis phoiblí cúram níos fearr a dhéanamh de na riachtanais atá ag an bpobal Albanach Ultach sa Tuaisceart agus gan “gearradh agus greamú” a dhéanamh ar pholasaithe a múnlaíodh do phobal na Gaeilge ann, dar leis an gCoimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Briotanach Ultach, Lee Reynolds.
Dúirt Reynolds ag comhdháil a bhí á reáchtáil in Ollscoil Uladh an tseachtain seo caite go raibh sé de nós ag na húdaráis phoiblí sa Tuaisceart próisis chomhairliúcháin a reáchtáil le lucht labhartha na Gaeilge, polasaithe teanga a bhunú ar na próisis sin, agus ansin iad “a ghearradh agus a ghreamú” mar pholasaithe don Ultais.
“Le ceathrú céid anuas, tá dearmad á dhéanamh den Ultais nó smaoinítear uirthi i bhfad níos déanaí. Tá údaráis phoiblí ann a deir ‘rinne muid é seo don Ghaeilge, gearrfaidh muid agus greamóidh muid don Ultais é’. Ach ní hé sin atá uainn.
“Airíonn siad sábháilte mar tá an rud ceannann céanna á dhéanamh don dá dhream. Ach cheap siad a bpolasaí i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle le pobal na Gaeilge. Déanaigí amhlaidh dúinne. Ní gá go mbeadh na polasaithe mar a chéile, ní gá gearradh agus greamú a dhéanamh,” a dúirt Reynolds.
Dúirt sé freisin gurb é a mhian go n-éireodh chomh maith sin le hoifigí na gcoimisinéirí ó thuaidh nach mbeadh gá leo amach anseo.
“Is leis an bhfealsúnacht seo a d’amharcfainn ar [chur i bhfeidhm na reachtaíochta]. Bheadh rudaí chomh fréamhaithe sin sa chóras nach mbeadh gá linn a thuilleadh.
“Bheadh sé seo chomh nádúrtha sin sa dóigh a ndéantar rudaí [sna húdaráis] nach mbeadh gá le duine éigin in oifig i mBéal Feirste ag amharc thar bhur nguaillí. Nuair a bhaintear an staid sin amach, ní deirtear ‘ó, tá ualach le déanamh againn’, déantar go nádúrtha é,” a dúirt Reynolds.
Cé go bhfuil an Coimisinéir Gaeilge Pól Deeds ag súil go mbeidh a chuid caighdeán Gaeilge faofa agus i bhfeidhm faoi thús na bliana 2027, níl an dóchas céanna ag Reynolds dá oifig féin.
Dúirt sé go bhfuil ganntanas foirne air agus nach mbeidh foireann bhuan ag a oifig go dtí an 1 Eanáir 2027. Tosófar ar an obair ar na treoirlínte do na húdaráis phoiblí ina dhiaidh sin, agus tá súil aige go mbeidh rud éigin á chur i bhfeidhm faoin samhradh seo chugainn.
Ní gá do Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt a mbeannacht a thabhairt do threoirlínte Reynolds mar a chaithfidh siad a thabhairt do chaighdeáin teanga Deeds.
Dúirt Reynolds go gcaithfidh a fhoireann a bheith cinnte nach ngabhfaidh siad thar fóir i mblianta tosaigh maidir leis an reachtaíocht.
Mhaígh sé nach mbeidh siad ag súil go gcomhlíonfaí gach uile mhian a bheadh ag an bpobal Ultaise i dtús aimsire ach go dtógfar ar an soláthar de réir a chéile i gcaitheamh na mblianta atá amach romhainn.
“Ó thaobh na hUltaise de, caithfidh muid a bheith cinnte nach bpléascfaidh muid fiús. Nuair a bheidh an treoir á dearadh agam, beidh mé ag rá ‘seo an chuma atá ar leibhéal 10’, ach ní lorgóidh muid leibhéal a 10. Beidh muid ag súil le leibhéal a haon, a dó, agus ansin a trí.
“Seo turas a bhfuil muid ar fad ag dul air, agus seo an túsphointe. Is stól trí chos é an tUltachas Albanach – an cultúr, an oidhreacht, agus an teanga. Níl muid ag iarraidh stól guagach a bhfuil cos amháin níos lú ná an dá chos eile,” a dúirt sé.
Mhaígh sé go bhfuil roinnt daoine sa phobal Ultach Albanach a airíonn an fhéiniúlacht sin go han-láidir ach nach bhfuil aon cheangal láidir acu leis an Ultais féin.
“Tá an tUltachas Albanach cosúil le loch. Tá sé triomaithe, tá sé beagáinín salach, ach tá cúpla iasc fós beo ann. Tá an teanga ar cheann de na héisc sin atá beo in íochtar na locha,” a dúirt Reynolds.
Fág freagra ar 'Ní leor don Ultais ‘gearr agus greamaigh’ ar pholasaithe Gaeilge – Lee Reynolds'