‘Ní bheidh aon duine ag caoineadh sa leaba anocht’ – múinteoirí ardteiste sásta le Páipéar 1 na Gaeilge

Bhí Páipéar 1 na Gaeilge, ar a mbíonn an chluastuiscint agus an cheapadóireacht, ‘togha’

‘Ní bheidh aon duine ag caoineadh sa leaba anocht’ – múinteoirí ardteiste sásta le Páipéar 1 na Gaeilge

Níorbh údar caointe ná buairimh é Páipéar 1 Gaeilge na hArdteiste inné, dar le múinteoirí meánscoile ar labhair Tuairisc leo. Dúirt Jeff Neville, atá ina mhúinteoir Gaeilge i gcontae Lú, go raibh Páipéar 1 – ar a mbíonn an chluastuiscint agus an cheapadóireacht – “togha” inné agus nár cheart go mbeadh aon dalta ardteiste “ag caoineadh ina leaba” faoi aréir.

“Níor chuala mé an comhad fuaime don chluastuiscint, ach i dtaobh na gceisteanna bhí siad go breá. Ba é ‘calaois’ an t-aon fhocal, b’fhéidir, a chuirfeadh mearbhall ar dhalta ach go hiondúil deirtear na focail ‘nua’ sin cúpla uair ar an téip. Bheadh na daltaí ag éisteacht lena aghaidh. Ní raibh aon rud eile aisteach ná róchasta ann,” a dúirt sé.

Bhí Rosie Ní Scanláin, atá ag múineadh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ar aon fhocal le Neville faoin gcluastuiscint agus dúirt nach bhfaca sí féin “aon rud deacair” ann. Dúirt sí gur cheart go mbeadh na daltaí uile go léir in ann na ceisteanna a thuiscint.

Bheadh “chuile dhuine” ag súil le cuid de na teidil a bhí ar an bpáipéar, dar le Ní Scanláin, a dúirt go raibh tuairimíocht láidir ann go mbeadh an deis ann scríobh faoin nGaeilge féin nó faoin gcultúr a bhaineann leis an teanga. Ba é an chéad rogha i measc na n-aistí i mbliana ná ‘An Ghaeilge agus an Cultúr Gaelach – ag dul ó neart go neart?’.

“Bheadh faoiseamh ar chuile scoláire sa tír leis an teideal sin, agus fiú leis na cinn eile a bhí ann. ‘Scéalta idirnáisiúnta an lae inniu’ – sin teideal an-leathan agus tá go leor ag tarlú timpeall an domhain, bheadh sé an-éasca é sin a fhreagairt. Ba cheart go mbeadh rud éigin foghlamtha ag chuile dhuine faoin timpeallacht.

“Bheinnse féin sásta leis an gceann faoin aeráid ar an bpáipéar agus déarfainn go raibh faoiseamh ar go leor daltaí faoi sin freisin. Na daoine nach mbeadh sásta leis an gceann faoin nGaeilge féin, bheadh siad sásta leis an timpeallacht. Bhí an ceann faoi shábháilteacht ar líne go maith freisin agus d’fhéadfaí go leor a tharraingt isteach ansin – na meáin shóisialta agus an intleacht shaorga, mar shampla,” a dúirt sí.

Dúirt Jeff Neville go raibh rogha ann a d’fheilfeadh gach dalta ardteiste agus nach gcruthódh aon cheann de na teidil mórán deacrachtaí do dhuine ar bith acu, ó tharla go mbeadh na topaicí clúdaithe go maith ag múinteoirí le dhá bhliain anuas.

Dúirt sé go mb’fhéidir go mbainfeadh an fhoclaíocht i gceann de na teidil tuisle as roinnt daltaí ach dá dtuigfeadh siad an nath ‘cur isteach air’ go mbeadh an lá leo.

“Is dóigh liom go mbeadh chuile dhuine sásta leis na haistí. ‘Na rudaí is mó a chuireann isteach ar dhaoine’ – dá dtuigfidís go bhféadfaí é sin a léamh mar ‘fadhbanna in Éirinn’ nó ‘fadhbanna sa tsochaí’, bheadh sé sin clúdaithe go maith acu sa rang. Bheidís go breá dá bhféadfaidís é sin a aithint.

“Fiú mura n-aithneoidís é, bheadh an cúigiú rogha faoin tsábháilteacht ar líne an-éasca do dhaltaí na bliana seo. Tá na meáin shóisialta ann, an dainséar a bhaineann leis an idirlíon agus bheadh sé sin clúdaithe go maith ag an múinteoir freisin,” a dúirt Neville.

Dúirt sé go bhféadfadh dalta a bheadh airdeallach ar na focail atá sna teidil in ann scríobh faoi go leor ábhar ach an aiste a mhúnlú don teideal áirithe sin. Dúirt sé go mbeadh sé éasca aiste faoi ábhar ar bith a chur in oiriúint don teideal faoi ‘scéalta idirnáisiúnta’ ach cúpla tagairt a dhéanamh do thír nó dhó eile i gcorp na haiste.

D’fhéadfaí an t-iliomad léamh a dhéanamh ar an bhfocal ‘meas’ – an teideal aonfhoclach a bhí ar cheann de na roghanna don ghearrscéal – a dúirt Rosie Ní Scanláin.

“Bheifí in ann an teideal sin a mhúnlú do dhuine ar bith agus bheadh an seanfhocal ‘bíonn siúlach scéalach’ an-éasca a mhúnlú freisin mar theideal ar ghearrscéal.

“Bhí na teidil don díospóireacht an-ábhartha agus bheadh daoine ag súil leo. Tá ‘caitheamh aimsire’ an-leathan agus ní fheicim rud ar bith ar an bpáipéar ar fad a bheadh deacair a thuiscint ná aon fhocal aisteach nach mbeadh cleachtadh ag na daltaí air. Bhí ‘anró’ in áit ‘cruachás’ acu bliain amháin agus ‘comhshaol’ in áit ‘timpeallacht’ ann bliain eile, ach ní raibh tada mar sin ann i mbliana,” a dúirt sí.

Tháinig Neville leis an méid a dúirt Ní Scanláin agus mhaígh go mbeadh sé féin an-sásta dá bhfaigheadh a rang féin – a bheidh ag tabhairt faoin Ardteist an bhliain seo chugainn – páipéar mar é.

“Dá bhfeicfeadh scoláire ardleibhéil an nath ‘caitheamh aimsire’ in aiste don Ardteist bheadh sé ar mhuin na muice. Ní bheidh aon duine ag caoineadh sa leaba anocht. Dá bhfaigheadh mo rangsa é seo, bheinn breá sásta,” a dúirt sé.

Beidh Páipéar 2 na Gaeilge ar bun inniu.

Fág freagra ar '‘Ní bheidh aon duine ag caoineadh sa leaba anocht’ – múinteoirí ardteiste sásta le Páipéar 1 na Gaeilge'