Tá an chuma ar chúrsaí i gceantar Bordeaux ina iardheisceart na Fraince go bhfuil an loscadh ag gabháil in ainriocht, ach níl aon deireadh leis an imní mar gur tuilleadh den teas agus triomach mór atá á thuar ansin, rud a chothódh an tine sna laethanta beaga seo romhainn.
Thionóil Uachtarán na Fraince cruinniú éigeandála rialtais inniu chun an ghéarchéim sa tír a phlé. Scaip na tinte trasna iardheisceart na Fraince agus na lasracha tagtha i bhfoisceacht 15 ciliméadar do chathair mhór Bordeaux, mar a bhfuil 850,000 duine ina gcónaí.
B’údar faoisimh d’údaráis département Gironde a fhógairt ar maidin go raibh cúrsaí ‘réasúnta socair’ i rith na hoíche ach tá fainic eisithe ag lucht na haimsire go mbeidh sé ina theaspach dearg arís in iardheisceart na Fraince ón lá amárach agus an teocht chomh hard le 40 céim Celsius agus gaoth thirim ag séideadh.
Deir cónaidhm náisiúnta lucht dóiteáin na Fraince go raibh feiniméan cruthaithe ag an loscadh millteanach seo nach bhfacthas riamh roimhe seo sa bhFrainc.
Is éard atá ann ná scamall mór tine ar a dtugtar pireacumalainimbeas agus atá in ann a chuid gaoithe féin a chruthú agus tintreach agus fiú amháin tornódónna a chothú agus ar ndóigh bíonn siadsan ansin ina siocair le tuilleadh den loscadh atá ag céasadh ceantair san Eoraip ó tháinig an bruth teasa is déanaí.
“Tá na dálaí díreach i gceart don tine le lasadh arís,” a dúirt Philippe de Gonneville, méara an tsráidbhaile Lege-Cap-Ferret, siar ó chathair Bordeaux.
Ó thosaigh na tinte seo an tseachtain seo caite tá os cionn 220,000 duine aistrithe óna gcuid tithe san iardheisceart. Tá daoine eile sáinnithe ina dtithe mar go raibh an spéir dubh ag púir phlúchtach dheataigh atá lán le cáithníní atá díobhálach don anáil agus don tsláinte. Tá gnóthaí go leor dúnta agus cúrsaí iompair sa gceantar ina gcíor thuathail ag bóithre atá dúnta.
Tá na húdaráis i Gironde ag iarraidh turasóirí a choinneáil amach as an gceantar faoi láthair agus tá cosc curtha acu ar champaí do leanaí agus do dhaoine faoi mhíchumas.
Is í seo an tríú tonn teasa a bhuail an Fhrainc ón mBealtaine agus an chuma ar an adhaimsir atá ag teacht níos minice go bhfuil baint ag an athrú aeráide leis an tubaiste. Ní maith an éadáil a fhágann an bruth teasa – ag cur níos mó daoine den saol, aibhneacha ag imeacht i ndísc agus falscaithe á gcothú.
Ní dea-thuar atá ag na heolaithe don Spáinn ach an oiread agus an t-ardbhrú céanna acusan agus atá sa bhFrainc, brú a fhágfas tuilleadh den teaspach agus den triomach agus loscadh dá réir acu.
Tá na húdaráis sa Spáinn ag comhrac loscadh sléibhe ó mhí na Bealtaine agus tá na falscaithe ó smacht thart ar an bpríomhchathair Madrid le seachtain agus b’éigean daoine a chur as a dtithe i réigiún Valencia inné.
I ráiteas ón rialtas ansin dúradh gur cuireadh 76,000 duine amach as a gcuid tithe agus gur ordaíodh do 30,000 eile gan dul taobh amuigh dá ndoras féin le fanacht ó chontúirt.
Fág freagra ar 'Loscadh is lot déanta ag falscaithe sa Fhrainc agus sa Spáinn'