Scoth na bpictiúr ó lá mór Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh

Bhí lá dá saol ag peileadóirí agus lucht tacaíochta Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh agus Ciarraí cloíte chun Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan den chéad uair le 75 bliain. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Is iad peileadóirí Mhaigh Eo seaimpíní Chraobh Shinsir Peile na hÉireann den chéad uair ó 1951 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann

 

Cuimhneofar ar chraobh peile 2026 mar cheann de na cinn ab fhearr riamh agus cuireadh clabhsúr cuí leis an gcomórtas ar an Domhnach

 

Lá dá saol a bhí ann do mhuintir Mhaigh Eo agus deireadh leis an mbriseadh croí i gcluichí ceannais

 

Bhí an déagóir Kobe McDonald, atá ag imeacht chun na hAstráile go luath chun imirt san AFL, ar dhuine de ghaiscígh Mhaigh Eo Dé Domhnaigh

 

‘Bígí mórtasach gurb as Maigh Eo sibh,’ a dúirt an captaen Jack Coyne le leantóirí óga Mhaigh Eo

 

Bainisteoir Mhaigh Eo Andy Moran lena mhac Ollie

 

Cuid de lucht tacaíochta Mhaigh Eo ar Chnoc 16

 

Ainmníodh fear Bhéal an Mhuirthead, Ryan O’Donoghue, mar laoch na himeartha

 

An fathach Aidan O’Shea agus greim aige ar Sam faoi dheireadh

 

O’Shea agus Kobe

 

David McBrien agus Bob Tuohy

 

Barr an tsléibhe bainte amach

 

Buíon Chaisleán an Bharraigh, Paddy Durcan, Seán Morahan, Donnacha McHugh, John MacMonagle agus Bob Tuohy

 

 

Na leasdeartháireacha Jordan Flynn agus Kobe McDonald ag baint sult as an ngaisce

 

 

 

 

Kobe agus Sam

 

Bhí an bua tuillte go maith ag Maigh Eo agus brú ollmhór curtha acu ar Chiarraí sa gcluiche

 

Bhí na Ciarraígh seacht bpointe chun tosaigh théis 15 nóiméad le cabhair an chúil ó David Clifford ach níor ghéill Maigh Eo

 

Iarracht ar phointe ó Ryan O’Donoghue in ainneoin iarrachtaí Mike Breen

 

Scór aimsithe ag Sam Callinan do Mhaigh Eo sa gcéad leath

 

Cor cinniúnach sa gcluiche ab ea an cúl a d’aimsigh Darragh Beirne do Mhaigh Eo luath sa dara leath

 

Lucht tacaíochta Mhaigh Eo ag ceiliúradh a gcuid gaiscíoch

 

Seán O’Shea agus Dylan Casey ag iarraidh stop a chur le Kobe McDonald

 

Cian McHale, Tommy Conroy agus Paul Towey ag ceiliúradh agus an bonnán séidte

 

Beidh díomá ar imreoirí Chiarraí agus gan barr a maitheasa bainte amach acu sa gcluiche ceannais

 

Kobe McDonald agus David Clifford i ndiaidh an chluiche

 

Maigh Eo abú

 

 

Fág freagra ar 'Scoth na bpictiúr ó lá mór Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh'