Tá súil ag lucht feachtais i gCorn na Breataine ‘féiniúlacht náisiúnta’ dá chuid féin a fháil don náisiún Ceilteach ar an gcéad daonáireamh eile a dhéanfar sa Bhreatain. Is gá do dhuine ar bith ar mhaith leis é féin a áireamh mar Chornach an bosca ‘eile’ a thiceáil ar an daonáireamh agus ‘Cornish’ a scríobh isteach é féin, faoi láthair.
Maíonn lucht an fheachtais go dtiocfadh méadú mór ar líon na ndaoine a chuirfeadh síos orthu féin mar Chornaigh dá gcuirfí bosca ticeála ar an bhfoirm féin don fhéiniúlacht náisiúnta sin, mar atáthar a dhéanamh i gcás na nAlbanach, na mBreatnach agus na nÉireannach i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
Tá trí chomhlacht stáit éagsúla freagrach as daonáirimh a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe – Office for National Statistics/Swyddfa Ystadegau Gwladol i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, Clàran Nàiseanta na h-Alba in Albain, agus Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staitisticí agus Taighde sa Tuaisceart.
Bhí sé rogha ar an daonáireamh a rinneadh in 2021: Briotanach; Sasanach; Breatnach; Albanach; Éireannach Tuaisceartach; agus ‘Eile’.
Beagán faoi bhun dhá mhí atá fágtha d’achainí parlaiminte a cruthaíodh le héileamh ar Rialtas Westminster bosca do mhuintir an Choirn a chur ar fhoirm Dhaonáireamh 2031 agus an rogha a thabhairt dóibh a bhféiniúlacht a chur in aithne go soiléir ar an gcaoi sin.
“Caithfidh an Rialtas a bheith sásta géilleadh don náisiún Cornach agus an ghluaiseacht ag dul i neart. Thabharfaí aitheantas níos mó don ghluaiseacht sin ach bosca ticeála Cornach a chur leis an bhfoirm agus dár dtuairim gurb é an Corn an cúigiú náisiún sa Ríocht Aontaithe,” a deirtear san achainí, a imeoidh in éag ar an 24 Meán Fómhair.
“Thabharfadh sé scóip don mhionlach Cornach iad fhéin a idirdhealú a thuilleadh agus chuirfeadh sé feasacht faoin bhféiniúlacht Chornach chun cinn, ó tharla go bhfuil an fheasacht sin an-íseal sa Chorn. Ligfeadh an bosca ticeála do níos mó daoine aithne a chur orthu féin.”
Tá beagán le cois 4,600 duine tar éis a n-ainm a chur leis an achainí oifigiúil anois ach níl aon cheangal ar Rialtas na Breataine aird a thabhairt ar an achainí mura gcuirfidh 10,000 ainm leis roimh an dáta sprice. Sa chás sin chaithfí freagra scríofa a thabhairt ar an achainí. Sa chás go gcuirfeadh 100,000 duine a n-ainm leis faoin dáta sin, bheadh ceangal ar fheisirí parlaiminte na Breataine an cheist a phlé in Westminster.
Ní féidir ach le daoine atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus le saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe a n-ainm a chur leis an achainí agus déantar gach ainm a sheiceáil.
Rinneadh iarracht cheana, roimh dhaonáireamh na bliana 2021, go gcuirfí an bosca Cornach ar an bhfoirm ach níor éirigh leis an iarracht sin. Is iad torthaí an daonáirimh sin an fhianaise is mó atá ag lucht an fheachtais reatha go mbeadh éileamh ar a leithéid de bhosca in 2031.
Roghnaigh 117,000 duine an bosca ‘eile’ in 2021 agus scríobh ‘Cornish’ lena thaobh. Bhí 100,000 acu sin ina gcónaí i gCorn na Breataine féin, ach bhí 17,000 duine acu ina gcónaí in áiteanna eile i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
Maíonn lucht an fheachtais go léiríonn na figiúirí sin go bhfuil daoine áirithe sásta an dua breise a chur orthu féin dul síos go mbun an liosta, ‘Eile’ a roghnú, agus ‘Cornish’ a scríobh isteach iad féin agus go mbeadh i bhfad Éireann níos mó daoine sásta bosca ar leith don fhéiniúlacht Chornach a thiceáil.
Tá tacaíocht léirithe ag feisire parlaiminte amháin ar a laghad don achainí – an Feisire Perran Moon ó Pháirtí an Lucht Oibre a toghadh i dtoghcheantar Camborne agus Redruth in 2024. Tá Moon tar éis labhairt ar an gceist cheana in Westminster agus d’éiligh ar an Office for National Statistics an t-athrú seo a dhéanamh ar an bhfoirm.
Tugadh aitheantas oifigiúil do mhuintir Chorn na Breataine mar mhionlach eitneach in 2014 faoin gCreat-Choinbhinsiún maidir le Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, agus tugadh aitheantas don Choirnis, teanga Cheilteach an Choirn, faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh anuraidh.
Fág freagra ar '‘Féiniúlacht náisiúnta’ dá chuid féin á héileamh do Chorn na Breataine i nDaonáireamh 2031'