An ról is fearr a bhí ag Matt Damon ina ghairm aisteoireachta

Thaitin The Odyssey Christopher Nolan go mór lenár léirmheastóir ainneoin a aineolais faoi mhiotaseolaíocht na Sean-Ghréige

An ról is fearr a bhí ag Matt Damon ina ghairm aisteoireachta

Ní haon scoláire Clasaicí mé, agus d’fhoghlaim mé an méid atá ar eolas agam faoi Odaiséas agus a thuras éachtach abhaile ó Thraí ó mheascán bocht foinsí – Horrible Histories, Kirk Douglas, agus ón gcara ab fhearr liom ar an mbunscoil Nicholas, a bhí dúghafa le miotaseolaíocht na Sean-Ghréige agus nach ndúnfadh a chlab fúithi.

Ní raibh ach leathchuimhne agam ar éachtaí Odaiséas ar ólaithe na Meánmhara agus mé ag siúl isteach i bpictiúrlann Bhóthar na Trá an oíche cheana. Rud éigin faoi chapall adhmaid…rud éigin faoi Leathshúileach nó Aonsúileach nó Rothar-ops nó cibé cén Ghaeilge atá ar an arracht sin…mná dathúla ar charraigeacha…Mumford and Sons…

Níl mé, atá mé a rá, ar dhuine de na daoine sin atá an-churtha amach faoin ‘easpa barántúlachta’ a mhaítear a bheith i gceist le The Odyssey Christopher Nolan. Ba ghearán faoina leithéid an chéad scéala a fuair mé faoin mórscannán nua, rud a chonaic mé ar na meáin shóisialta ina raibh duine ag tabhairt amach faoi rud éigin. Is annamh a thugaim aird ar a leithéid a thuilleadh.

Is mór an mhaith nár thug, mar ba mhór an trua gan bacadh dul chuig an bpictiúrlann le breathnú ar Matt Damon i gceann de na róil is fearr atá déanta aige ina ghairm aisteoireachta. Ní hé Damon an t-aon aisteoir amháin atá tar éis éacht a dhéanamh sa scannán seo, ach Anne Hathaway atá i bpáirt a mhná céile Penelope, Tom Holland atá i bpáirt a mhic Telemachus, agus Robert Pattison, atá i bpáirt Antinous – duine de na fir atá ag iarraidh Penelope a phósadh a fhad is atá Odaiséas as baile.

Chuirfeadh uaillmhian agus scóip The Odyssey mórscannáin an chéid seo caite i gcuimhne do dhuine – leithéidí Ben-Hur, The Greatest Story Ever Told, Cleopatra, agus, go deimhin Ulysses Kirk Douglas féin. Samhlaím gurb í  seo an sprioc a bhí ag lucht déanta na scannán sin agus iad ag iarraidh na seanscéalta eipiciúla seo a inseacht, ach nach raibh an teicneolaíocht acu brí agus beocht mar is ceart a chur iontu.

Is geall le carachtar inti féin an Mheánmhuir sa scannán (agus is ea ar bhealach nuair a chuimhníonn tú ar Phoiséadón) agus is iontach mar atá radhairc na seoltóireachta curtha inár láthair ag Nolan. Murab ionann agus i scannán na 1950idí agus na 1960idí, ní léir ar chor ar bith gur i ‘Tank 4’ a rinneadh an scannánaíocht, agus tá áilleacht, cumhacht, agus uafás an mhuirdhreacha ina bhféasta do na súile – go háirithe agus an aimsir ina calm agus radharc breá fairsing againn air.

Trí uair an chloig ar fad atá an scannán, ach níor airigh mé an t-am ar chor ar bith agus níor theastaigh uaim go dtiocfadh críoch luath leis an scéal. An t-aon cháineadh amháin a bheadh agam ó thaobh na scéalaíochta de ná go raibh ruainne beag den áiféis ann sa radharc deireanach, ach ní mhillfidh mé an scéal ort (cé go raibh cúpla míle bliain agat le bunsaothar Hóiméar a léamh).

Agus dán eipiciúil chomh fada seo á chur ar an scáileán ag stiúrthóir, caitear cinntí áirithe a dhéanamh gnéithe den scéal a chiorrú, a ghlanadh amach ar fad, nó a athrú ar mhaith le gluaiseacht agus luas na scéalaíochta. Ní féidir a bheith ag súil le stíl inseachta na Sean-Ghréige agus an scéal á ríomh do lucht féachana an lae inniu. Is dóigh liom féin gur éirigh go maith le Nolan sa mhéid sin agus cé gur fágadh roinnt mhaith ar lár ón mbunleagan, tagann an scéal ina chéile go deas néata agus bogtar ar aghaidh ó radharc go radharc go deas scafánta. Tá cuid den siar is aniar ann tríd an amlíne, ach ní chuireann sé sin an lucht féachana dá mbuille agus iad ag iarraidh an scéal a leanacht.

Níor mhaith liom an oiread sin a rá faoin gcáineadh mailíseach atá déanta ar na haisteoirí gorma agus trasinscneacha a roghnaíodh do róil áirithe ná don phlé faoi chanúint Mheiriceá a bheith ar na carachtair ar fad, mar ní dóigh liom go bhfuil an oiread sin tábhachta ag baint leis na pointí sin.

Tuigim go maith, áfach, do na Gréagaigh atá curtha amach nach bhfuil Gréagach ar bith sa chliar agus bheinn féin ar an gcaoi chéanna dá ndéanfaí scannán den Rúraíocht nó den Fhiannaíocht agus gan aisteoir Éireannach (cainteoir Gaeilge go deimhin!) sa phríomhról. Dearmad mór a bhí ann ag Nolan gan an deis a thabhairt d’aisteoir óg Gréagach ról éigin tábhachtach a ghlacadh sa mhórscannán idirnáisiúnta seo.

Is fiú go mór an scannán a fheiceáil, agus mura gcreidfidh tú mo theistiméireacht, b’fhéidir leor a rá gurbh é seo an chéad uair in Éirinn ar chuala mé lucht féachana i bpictiúrlann (nach raibh na haisteoirí ann!) ag bualadh a mbos ag deireadh an scannáin.

Caithfidh mé dul agus cóip de Odaisé an Mhoinsíneora de Brún a ordú ó Leabharlann na Gaillimhe…!

Fág freagra ar 'An ról is fearr a bhí ag Matt Damon ina ghairm aisteoireachta'