Wham! (agus The Chieftains) – ceannródaithe sa tSín

Ba thír aineoil a bhí i nDaon-Phoblacht na Síne nuair a thug George Michael agus a chomrádaí Andrew Ridgeley cuairt ar an áit in Aibreán na bliana 1985

Wham! (agus The Chieftains) – ceannródaithe sa tSín

Má bhí suim ag go leor de lucht scannán na Gaillimhe in aistear farraige a tharla na cianta ó shin is a mhair deich mbliana, is beag suim a bhí acu in aistear go tír aineoil a tharla 41 bliain ó shin is nár mhair ach 10 lá.

Tráthnóna Máirt roinnt seachtainí ó shin, bhí scuaine mhór daoine i bpictiúrlann an Omniplex i mBóthar na Trá agus iad ag tnúth leis an leagan nua den Odyssey fhad is a bhí slua beag thart ar 30 duine ag fágáil tar éis dóibh breathnú ar an scannán faisnéise Wham! 10 Days in China.

Ní raibh scannán Wham! ach ar taispeáint d’aon lá amháin i bpictiúrlanna in Éirinn is sa mBreatain. Ach beidh sé le feiceáil arís an tseachtain seo ar bhealach teilifíse BBC 2.

Ba thír aineoil a bhí i nDaon-Phoblacht na Síne nuair a thug George Michael agus a chomrádaí Andrew Ridgeley cuairt ar an áit in Aibreán na bliana 1985.

Ní raibh ach 20 bliain caite ó bhunaigh Mao Zedong an bhuíon fhoréigneach ar a tugadh na Gardaí Dearga, dream a raibh na scéalta fúthu in ann faitíos a chur orm agus mé i mo ghasúr in Éirinn ag deireadh na 1960idí. Nuair a rugadh ar chara liom sa mheánscoil le cóip den leabhar ar a tugadh ‘Mao’s Little Red Book’ ina sheilbh sna 1970idí, bhí an baol ann go ndíbreofaí as an scoil é.

Bheadh Wham! ar an chéad ghrúpa popcheoil nó rac ón iarthar a chas sa tSín. Ach níorbh iad an chéad ghrúpa ceoil a chuaigh go dtí an tSín sa ré sin, mar in Aibreán 1983 thug an grúpa ceoil The Chieftains camchuairt coicíse ar an tír.

Bhí an tSín ag athrú de réir a chéile ó bhásaigh Mao Zedong i 1976 agus thuig Simon Napier Bell, bainisteoir Wham!, agus Paddy Moloney, píobaire uilleann na Chieftains, é sin go maith agus thapaigh siad beirt an deis tairbhe a bhaint as.

Theastaigh ó Moloney go mbeadh a ghrúpa ar an gcéad cheann ón iarthar a chasadh ar Bhalla Mór na Síne agus b’in a tharla. Thuig sé freisin gur bealach iontach a bheadh sa gcamchuairt le poiblíocht ollmhór a fháil ar fud na cruinne. Theastaigh uaidh go ndéanfaí taifeadadh fuaime agus físe den turas sa chaoi is go bhféadfaí sin a úsáid amach anseo. Chríochnaigh camchuairt na Chieftains i Shanghai le ceolchoirm a craoladh ar thart ar 700 milliún duine ar fud na Síne.  Eisíodh an t-albam The Chieftains in China dhá bhliain níos déanaí, i 1985.

Bhí a chúiseanna féin ag Simon Napier Bell tabhairt faoi Dhaon-Phoblacht na Síne. Ní ag iarraidh sluaite de mhuintir na tíre sin a mhealladh chun freastal ar cheolchoirmeacha a bhanna a bhí sé ach ar thóir ‘dollars’ dhéagóirí Mheiriceá.

Cé go raibh na milliúin ceirníní díolta ag Wham! sa mBreatain agus sna Stáit Aontaithe, ní raibh sé muiníneach go n-éireodh leo dá dtabharfadh siad camchuairt ar Mheiriceá. Chreid Napier Bell go músclódh an phoiblíocht a bhainfeadh le turas go dtí an tSín suim níos mó sa mbanna i Meiriceá. Chuige sin, tugadh cuireadh do grúpa mór iriseoirí agus grianghrafadóirí ó phreas na Breataine an grúpa a tionlacan.

Fostaíodh an stiúrthóir Sasanach Lindsay Anderson agus criú mór le scannán faisnéise a dhéanamh faoin gcuairt. Ach ní maith an tús a cuireadh le cuairt Anderson mar ar an gcéad lá gortaíodh é agus é ag siúl ar an mBalla Mór agus chaith sé an chuid eile den turas i gcathaoir rothaí.

Bhí níos mó suime ag Anderson i saol mhuintir na Síne ag an am cinniúnach úd ná mar a bhí aige i gceol Wham! agus ní raibh George Michael ná bainistíocht an ghrúpa sásta leis an scannán a rinneadh agus faoi dheireadh thugadar bata agus bóthar dó. Ach úsáidtear go leor den scannánaíocht a rinne Anderson is a chriú i Wham! 10 Days in China.

Cé nár chas Wham! ar an mBalla Mór, tugadh ann iad le go bhfeadfaí grianghraif go leor díobh a thógáil ar an láthair. Bhí na grianghraif úd le feiceáil ar na chéad leathanaigh de roinnt de na nuachtáin sa mBreatain agus ar fud na cruinne an lá dár gcionn. 21 bliain d’aois a bhí George Michael ag an am; bhí Andrew Ridgeley 22.

Ní raibh caidreamh maith idir beirt Wham! agus an preas agus bhí cúis mhaith leis sin. Ó tháinig an grúpa chun cinn i 1982, bhí nuachtáin áirithe sa mBreatain ag cur go leor spéise i saol pearsanta na beirte. ‘Faustian pact’ a bhí ann idir an grúpa agus an preas, a d’admhaigh Ridgeley ag an am.

Bhí amhránaithe cúnta agus ceoltóirí den scoth ag tionlacan Wham! ag an dá ghig a bhí acu. Ba os comhair slua 12,000 i Giomnáisiam na nOibrithe i mBéising a chasadar ar dtús. Meascán de dhaoine óga agus oifigigh fhiosracha éagsúla a bhí i láthair, chomh maith le corrthuismitheoir a raibh gasúir ina dteannta. Ní raibh taithí ag go leor ar an gcineál ceoil a bhí á chasadh.

Sa scannán, labhraíonn bean amháin a bhí i láthair ag an gcéad cheolchoirm sin faoi cé chomh héagsúil is a bhí rithim agus foinn an cheoil a chuala sí an oíche sin i gcomparáid leis an gceol a raibh taithí aici air.

D’fhan formhór an lucht féachana go ciúin ina gcuid suíochán. Nuair a thosaigh dream beag daoine ag damhsa, thug póilíní leo iad amach as an halla.

Bhí Michael agus Ridgeley thar a bheith míshásta agus in ísle brí tar éis na ceolchoirme sin. Agus is beag fonn a bhí orthu ceisteanna an phreasa a fhreagairt an lá dár gcionn, go háirithe agus roinnt de na hiriseoirí ag díriú ar na heachtraí leis na póilíní.

Ba léir ag an bpreasócáid sin an ghráin a bhí ag baill an ghrúpa agus na hiriseoirí ar a chéile. Bhí Andrew Ridgeley níos deisbhéalaí ná a chomrádaí agus ba é is fearr a bhí in ann déileáil leis na ceisteanna a cuireadh.

Ba i Guangzhou (Canton) a bhí an dara ceolchoirm agus 5,000 duine bailithe le chéile.  Tá Guangzhou gar do Hong Kong agus mar sin bhí ceol ón iarthar cloiste ag go leor den dream a bhí i láthair.

Dhá amhrán ón gceolchoirm sin atá sa scannán. Le ceol ar an sacsafón a chuirtear tús le ceann acu. Ansin dírítear an spotsolas ar George Michael, gléasta i gculaith bhán, agus é ag canadh an chéad líne de ‘Careless Whisper’ (amhrán a chum Ridgeley agus é féin nuair a bhíodar 17 mbliana d’aois). Is léir go bhfuil sé ag cur a chroí is a anam isteach san amhrán. Ba leor sin chun an slua a chur faoi gheasa agus d’éirigh thar cionn leis an oíche.

Is beag a deirtear sa scannán faoi mhuintir na Síne agus an úsáid a bhí á baint astu le ceirníní agus ticéid cheolchoirmeacha a dhíol leis na Meiriceánaigh.

Ach an oiread le Paddy Moloney agus na Chieftains, d’éirigh le feachtas Simon Napier Bell. I Lúnasa 1985 chuir Wham! tús lena gcéad chamchuairt ar Mheiriceá agus ar Cheanada, áit ar chasadar os comhair na sluaite i staideanna móra.

Maíonn Andrew Ridgeley in agallamh gur athraíodh saol daoine sa tSín mar thoradh ar an gcamchuairt sin i 1985. Is deacair sin a chreidiúint. Tuigeann chuile dhuine nár bhain muintir na Síne a saoirse amach go dtí gur osclaíodh an chéad KFC i mBéising dhá bhliain níos deireanaí, i 1987!

Tá suim á cur i Wham! i gcónaí agus i George Michael, go háirithe ó bhásaigh sé gan choinne Lá Nollag 2016. Níos túisce i mbliana, foilsíodh an leabhar Tonight the Music Seems So Loud: The Meaning of George Michael ina dtugann an t-údar Sathnam Sanghera léargas ar an tionchar a bhí ag an amhránaí ar a shaol féin.

Le gairid úsáideadh íomhánna na beirte, Michael agus Ridgely, i bhfeachtas frithchiníochais sa mBreatain. Ba as an Chipir d’athair George Michael agus is de shliocht na hIodáile, Éimin, na hÉigipte, na hAlban is Shasana é Ridgeley.

Taispeánfar Wham! 10 Days in China ar BBC 2 ar an Satharn 29 Lúnasa ag 9pm.

Tá leagan den scannán a rinne Lindsay Anderson – Wham! in China: Foreign Skies ar fáil ar YouTube.

Fág freagra ar 'Wham! (agus The Chieftains) – ceannródaithe sa tSín'