Tacaíocht agus treoir ón Roinn de dhíth ar scoileanna atá ag iarraidh tabhairt faoin nGaeloideachas

Deir Sinn Féin gur gá don Roinn Oideachais creatlach plean a chur le chéile chun go mbeadh cur amach ag scoileanna ar na céimeanna atá rompu chun athrú ina nGaelscoileanna

Tacaíocht agus treoir ón Roinn de dhíth ar scoileanna atá ag iarraidh tabhairt faoin nGaeloideachas

An tAire Oideachais Hildegarde Naughton. Pictiúr: Eamonn Farrell/© RollingNews.ie

Ta sé ráite ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge go gcaithfidh an Roinn Oideachais a chinntiú go dtabharfar tacaíocht chuí do bhunscoileanna Béarla atá ag iarraidh athrú ina nGaelscoileanna.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo inné go bhfuil breis is deich mbunscoil timpeall na tíre a bhfuil spéis léirithe acu athrú ina scoileanna lán-Ghaeilge.

Bheadh sé i gceist ag na scoileanna oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí na naíonán beag ó thús na scoilbhliana 2027 ar aghaidh ach bheadh tacaíochtaí breise ó thaobh foirne agus teanga de ag teastáil chun go mbeadh rath ar an bplean.

Níl sé leagtha amach ag an Roinn Oideachais céard iad na tacaíochtaí a bheadh ar fáil do scoil atá ag iarraidh aistriú ó scoil Bhéarla go dtí scoil lán-Ghaeilge. Mar fhreagra ar cheist Dála an mhí seo caite, dúirt an tAire Hildegarde Naughton go bpléitear le soláthar tacaíochtaí riachtanacha “cás ar chás” agus go gcuirtear san áireamh “riachtanais na scoile”.

Scoileanna beaga tuaithe iad na scoileanna a bhfuil suim léirithe acu athrú ó mhúnla lán-Bhéarla go dtí ceann lán-Ghaeilge. I measc na dtacaíochtaí a bheidh á lorg beidh múinteoir breise chun a chinntiú go mbeadh na gasúir a roghnaíonn an t-oideachas lán-Ghaeilge istigh i rang difriúil uathu siúd atá ag fáil a gcuid oideachais trí Bhéarla a fhad is a bheadh an dá shruth sa scoil.

Dúirt príomhoide ceann de na scoileanna a bhfuil súil aici athrú go mbeadh “tacaíocht mhór airgid” ag teacht ón Roinn Oideachais.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin nach maoiniú breise amháin a bhíonn ag teastáil ó scoileanna ach treoir maidir leis na céimeanna atá le glacadh chun go n-éireodh leo.

“Ceann de na príomhrudaí atá ag teastáil ná go mbeadh creatlach curtha le chéile chun go mbeadh a fhios acu cad iad na céimeanna agus na spriocanna atá le baint amach,” a dúirt sé le Tuairisc.

Dúirt Ó Snodaigh go bhféadfaí foghlaim ón obair atá ar bun maidir le Gaelcholáiste Synge i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath, atá i mbun athraithe ó iarbhunscoil lán-Bhéarla go ceann lán-Ghaeilge.

“Bíonn dúshláin ann maidir le múinteoirí, seomraí ranga. Céard a tharlaíonn má tá an scoil chun athrú píosa ar phíosa, mar atá Gaelcholáiste Synge. Níl aon teimpléad ann faoi láthair agus is gá sin a bheith ann agus ansin na tacaíochtaí breise a chur ar fáil. Ní hamháin go gcuideodh sé sin leis na bunscoileanna atá ag iarraidh athrú anois ach le scoileanna a bheadh ag iarraidh athrú amach anseo nó iad siúd a bhí ag smaoineamh faoi roimhe seo.”

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéal go bhfuil breis is deich scoil ann atá ag iarraidh athrú ina nGaelscoil. Dúirt Ard-Rúnaí na heagraíochta, Julian de Spáinn, go bhféadfadh an cinneadh athrú ina nGaelscoileanna “an-mhaitheas” a dhéanamh do thodhchaí na scoileanna atá i gceist agus gur gá don Roinn tacaíocht fhadtéarmach a chur ar fáil chun a chinntiú go n-éiríonn leis an aistriú.

“Tuigeann muid go bhfuil cuid mhaith de na scoileanna seo beag, go bhfuil cuid acu i mbaol a ndúnta agus go bhféadfadh an t-aistriú seo an-mhaitheas a dhéanamh do thodhchaí na scoileanna sin. Caithfidh an Roinn Oideachais a chinntiú anois go bhfaighidh na scoileanna seo na hacmhainní, an fhoireann agus an tacaíocht fhadtéarmach a theastaíonn uathu chun go n-éireoidh leis an aistriú sin,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt sé go bhfuil an Conradh ag iarraidh ar an Roinn sprioc “uaillmhianach agus intomhaiste” a leagan síos go mbeidh 20% de dhaltaí na tíre ag freastal ar an nGaelscolaíocht faoi 2050.

“Tá an t-aistriú seo ag scoileanna beaga go Gaelscoileanna tábhachtach san fhás sin ach, dar ndóigh, beidh Gaelscoileanna nua ag teastáil ag an mbun agus ag an dara leibhéal chomh maith le cinntiú go mbeidh duine as gach cúigear daltaí ag freastail ar an nGaelscolaíocht faoi 2050.”

Fág freagra ar 'Tacaíocht agus treoir ón Roinn de dhíth ar scoileanna atá ag iarraidh tabhairt faoin nGaeloideachas'