Tá sé fógartha ag Cumann Sacair na hÉireann (FAI) go bhfuil an cluiche idir Éirinn agus Iosrael a bhí le himirt i mBaile Átha Cliath sa bhfómhar anois le himirt sa tSeirbia.
Dheimhnigh an FAI tráthnóna go n-imreofar an cluiche i Sraith na Náisiún sa TSC Arena i Bačka Topola ar an 4 Deireadh Fómhair.
D’fhógair an FAI níos luaithe an mhí seo go raibh cinneadh glactha an cluiche i gcoinne Iosrael a bhogadh ó Bhaile Átha Cliath agus go n-imreofaí é ar shuíomh neodrach thar sáile gan aon slua a bheith i láthair. Dúirt an FAI ag an am go bhféadfadh “dúshláin oibríochta” cur isteach ar imirt an chluiche dá n-imreofaí sa mbaile é.
Tá sé deimhnithe chomh maith ag UEFA gur i Debrecen san Ungáir a imreofar an cluiche eile idir Éirinn agus Iosrael sa gcomórtas. Níor imir Iosrael aon chluiche sa mbaile in Iosrael ó thosaigh an cogadh i nGaza agus deimhníodh gur sa Nagyerdei Stadion a bheidh an cluiche atá idir Éirinn agus Iosrael ar an 27 Meán Fómhair.
Tá feachtas ar bun ag daoine atá ag achainí ar an FAI gan na cluichí in aghaidh Iosrael sa gcomórtas a imirt.
Beidh cluiche idir an dá chluiche i gcoinne Iosrael ag Éirinn i mBaile Átha Cliath i gcoinne na hOstaire ar an 1 Meán Fómhair idir an dá chluiche i gcoinne Iosrael.
Cuirfidh foireann Heimir Hallgrímsson tús le Sraith na Náisiún le cluiche as baile i gcoinne na Cosóive ar an 24 Meán Fómhair.
Fág freagra ar 'An cluiche sacair idir Éirinn agus Iosrael le himirt sa tSeirbia mí Dheireadh Fómhair'