Beidh daltaí ó bhunscoileanna lán-Ghaeilge i nDún na nGall agus i nGaillimh ag déanamh ar Bhaile Átha Cliath agus Staid Aviva inniu chun páirt a ghlacadh i gcraobhchomórtais cúigear an taobh na scoileanna.
Tá cúig fhoireann ó cheithre scoil lán-Ghaeilge tar éis na babhtaí ceannais a bhaint amach agus iad ag dul san iomaíocht chun craobhacha na hÉireann a bhuachan i ranna difriúla do scoileanna ‘móra’, ‘beaga’ agus ‘meánmhéide’.
Lá speisialta a bheidh ann do Ghaelscoil Cois Feabhail i mBun an Phobail i nDún na nGall agus áit bainte amach ag foirne na mbuachaillí agus na gcailíní i mbabhtaí ceannais na gcomórtas ‘A’ do scoileanna beaga tar éis dóibh craobhacha Uladh a thabhairt leo an mhí seo caite.
Bhuaigh buachaillí Ghaelscoil Cois Feabhail an chraobh náisiúnta in 2024, an chéad uair don scoil dul chomh fada leis na babhtaí ceannais, agus súil ann go mbeidh cúis cheiliúrtha acu arís tráthnóna.

Tá Scoil Cholmáin Tuairíní as Gaillimh ag imirt i gcomórtas ‘A’ na mbuachaillí chomh maith tar éis don scoil Ghaeltachta craobh Chonnacht a bhuachan den chéad uair i mbliana.
Beidh Gaelscoil Adhamhnáin ó Leitir Ceanainn ar cheann de na ceithre scoil a bheidh ag glacadh páirt i gcomórtas ‘B’ na mbuachaillí do scoileanna meánmhéide. Is é seo an tríú huair ag an Ghaelscoil páirt sna babhtaí ceannais tar éis d’fhoireann buachaillí iad a bhaint amach in 2004 agus an beart déanta ag foireann cailíní trí bliana ó shin.
Beidh Gaelscoil Mhic Amhlaigh ó Chnoc na Cathrach i nGaillimh san Aviva den tríú huair ó 2023. Tháinig cailíní Ghaelscoil Mhic Amhlaigh sa dara háit sa gcraobh ‘C’ do scoileanna móra in 2023 agus arís in 2025 ach is iad na buachaillí a bheidh ag imirt an uair seo. Ina measc, beidh Cuán Mac Gearailt, an tríú duine de chlann Mhic Gearailt a imreoidh sa gcomórtas tar éis dá dheirfiúracha Íde agus Lil imirt in 2023 agus 2025.
Glacfaidh 256 gasúr ó 29 scoil páirt i mbabhtaí ceannais an lae inniu. Tháinig gach foireann trí bhabhtaí cáilithe ina gcontaetha agus ina gcúigí féin chun an chuid seo den chomórtas a bhaint amach.
Ghlac beagnach 2,000 scoil ar fad agus 47,760 páiste páirt i gcomórtais na bliana seo, an líon is mó ó cuireadh tús leis i lár na 1990idí.
Fág freagra ar 'Daltaí Gaelscoile agus Gaeltachta ag triall ar Staid Aviva do chraobhchomórtais cúigear an taobh na mbunscoileanna'