Cinneadh faoi chluiche sacair idir Éirinn agus Iosrael a bhogadh ó Bhaile Átha Cliath curtha siar

Tuairiscítear go bhfuil an cluiche conspóideach idir Éirinn agus Iosrael mí Dheireadh Fómhair seo chugainn le himirt thar sáile

Cinneadh faoi chluiche sacair idir Éirinn agus Iosrael a bhogadh ó Bhaile Átha Cliath curtha siar

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Deir Cumann Sacair na hÉireann nach bhfógrófar aon chinneadh faoin gcluiche idir Éirinn agus Iosrael atá le himirt i Sraith na Náisiún sa bhfómhar go dtí Déardaoin ar a luaithe.

Tuairiscíodh sna meáin inniu go raibh cinneadh déanta ag an FAI an cluiche conspóideach, atá le bheith ann ar an 4 Deireadh Fómhair, a bhogadh ó Bhaile Átha Cliath agus é a imirt thar sáile mar gheall ar imní faoi chúrsaí slándála.

I ráiteas a eisíodh tráthnóna, áfach, deir an FAI go bhfuil an scéal á phlé ag bord na heagraíochtaí go fóill agus go bhfuiltear i mbun cainte le UEFA chomh maith.

Bheadh ar an FAI cead a fháil ó UEFA chun ionad an chluiche a athrú.

Deir an FAI nach n-eiseofar aon ráiteas eile go dtí tar éis cruinniú boird atá beartaithe don Déardaoin mar gheall ar an gcluiche tábhachtach atá ag foireann ban na hÉireann in aghaidh na Fraince amárach. Má bhuann foireann Carla Ward thall i Grenoble, bainfidh siad áit amach ag Corn an Domhain 2027.

Bhí caint ann níos luaithe inniu go raibh an FAI ar tí fógra a dhéanamh go raibh an cluiche baile i gcoinne Iosrael le bogadh ó Bhaile Átha Cliath.

Fógraíodh mí Feabhra seo caite go raibh an cluiche idir Éirinn agus Iosrael le himirt i Staid Aviva ar an 4 Deireadh Fómhair ach tá an chuma ar an scéal anois nach n-imreofar é in Éirinn.

Níl aon scéal ann maidir le cén áit a n-imreofaí an cluiche ach meastar go bhféadfadh go n-imreofaí é san Ungáir. Is san Ungáir atá cluichí baile Iosrael á n-imirt faoi láthair de bharr an chogaidh agus is ann a imríodh cluiche idir an Bheilg agus Iosrael in 2024 mar gheall ar imní faoi chúrsaí slándála dá n-imreofaí an cluiche sa mBeilg.

Tá dhá chluiche le himirt idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún. Imreofar an chéad chluiche, cluiche baile d’Iosrael, ar an 27 Meán Fómhair. Níl ionad don chluiche sin fógartha go fóill.

Tá an scéal le plé sa Dáil an tseachtain seo agus rúin curtha chun cinn ag páirtithe an fhreasúra ag impí ar an rialtas baghcat a dhéanamh ar na cluichí. Tiocfaidh rún atá molta ag Sinn Féin chun tacú leis an bhfeachtas ‘Stop the Game’ os comhair na Dála oíche Dé Máirt. Tá an grúpa rap Kneecap ina measc siúd a bhfuil a n-ainmneacha curtha acu leis an bhfeachtas atá ag éileamh go ndéanfadh an FAI baghcat ar na cluichí in aghaidh Iosrael. Cuireadh stop le cluiche de chuid foireann sacair fear na hÉireann in aghaidh Chatar san Aviva an mhí seo caite nuair a caitheadh liathróidí leadóige ar an bpáirc mar chuid d’agóid.

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Pléifear na cluichí i gcoinne Iosrael arís i dTeach Laighean maidin Dé Céadaoin agus rún molta ag na Daonlathaithe Sóisialta go gcuirfí cosc ar Iosrael páirt a ghlacadh i gcluichí spóirt.

Tá conspóid ann ó tarraingíodh Éire agus Iosrael le chéile i nGrúpa B3 den chomórtas. Tá éilimh déanta nach n-imreodh Éire na cluichí mar agóid i gcoinne an chogaidh in Gaza ach tá diúltaithe ag an FAI do na héilimh sin. Tá sé ráite ag an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Spóirt freisin gur cheart na cluichí a imirt.

Dúirt an FAI roimhe seo dá ndiúltófaí na cluichí a imirt go mbronnfaí an bua ar an bhfoireann eile [Iosrael] agus go bhféadfadh go gcaithfí Éire amach as an gcomórtas.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi chluiche sacair idir Éirinn agus Iosrael a bhogadh ó Bhaile Átha Cliath curtha siar'