Deis stairiúil ag Éirinn agus na Francaigh ag fanacht i Grenoble

D’fhéadfadh foireann Carla Ward críochnú ar bharr a ngrúpa cáilithe do Chorn an Domhain dá n-éireodh leo sa bhFrainc anocht

Deis stairiúil ag Éirinn agus na Francaigh ag fanacht i Grenoble

Foireann na hÉireann ag traenáil i Grenoble. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

An Fhrainc v Éire – Stade des Alpes, 8.00pm (Beo ar RTÉ2)

Fágann an bua iontach a bhí ag Éirinn i gcoinne na hÍsiltíre i gCorcaigh Dé hAoine seo caite nach bhfuil ach bua amháin eile idir foireann Carla Ward agus áit ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn.

Sháródh bua i Grenoble anocht na gaiscí eile atá déanta ag Éirinn go dtí seo ach níl aon bhrú ar na hÉireannaigh agus an obair is crua déanta acu.

Ní cheapfadh an té ba dhóchasaí go mbeadh an deis seo ag Éirinn nuair a cuireadh í nGrúpa A2 le beirt fhathach, an Fhrainc agus an Ísiltír, chomh maith le foireann chumasach na Polainne.

Cé gur thug siad taispeántais réasúnta maith uathu i gcoinne na bhfathach sin, bhí na hÉireannaigh gan faic théis dhá bhabhta. Ansin a thosaigh an t-aiséirí le dhá bhua i gcoinne na Polainne agus an bua 3-2 i gcoinne na hÍsiltíre i bPáirc Uí Chaoimh. Fágann sin go bhfuil deis ag Éirinn críochnú ar bharr ghrúpa cáilithe den chéad uair riamh, ag na fir nó na mná.

Ba cheart go mbeadh foireann na hÉireann níos láidre ná mar a bhí in aghaidh na hÍsiltíre chomh maith agus Denise O’Sullivan agus Emily Murphy ar fáil arís tar éis dóibh a bheith ar fionraí an lá cheana. Tiocfaidh O’Sullivan isteach díreach in áit Ruesha Littlejohn ach tá cinneadh le déanamh ag Carla Ward maidir le Murphy. Bhí an cliathánaí ar dhuine de na himreoirí ab fhearr a bhí ag Éirinn go dtí seo sa gcomórtas cáilithe ach thug Abbie Larkin an-taispeántas uaithi i gCorcaigh nuair a d’éirigh léi cúl amháin a scóráil agus ceann eile a chruthú.

Bhí an cúl báire Courtney Brosnan agus na cosantóirí Caitlin Hayes agus Anna Patten ar fheabhas i gcoinne na hÍsiltíre chomh maith agus beidh orthu a bheith chomh maith céanna nó níos fearr má tá Éire chun an ceann is fearr a fháil ar an Fhrainc.

Cé nár bhuaigh an Fhrainc ceachtar den dá chluiche a bhí acu i gcoinne na hÍsiltíre – chaill siad in Breda agus chríochnaigh siad ar comhscór in Auxerre – ach foireann láidir iad go fóill agus leithéidí Sandy Baltimore, Delphine Cascarino, Marie-Antoinette Katoto, Selma Bacha agus Grace Geyoro i measc na n-imreoirí is fearr ar domhan.

Ba í Melvine Malard a d’aimsigh an dá chúl don Fhrainc nuair a bhuaigh siad i dTamhlacht ag tús an fheachtais ach bhí Éire chun tosaigh d’fhormhór an chluiche sin a bhuíochas do chúl ó Katie McCabe.

Ní hé deireadh an domhain é má chliseann ar Éirinn anocht, ó tharla go bhfuil siad cinnte cheana d’áit sna babhtaí réitigh do Chorn an Domhain, ach d’fhéadfaí an turas chun na Brasaíle a ghiorrú go mór le bua stairiúil anocht.

Fág freagra ar 'Deis stairiúil ag Éirinn agus na Francaigh ag fanacht i Grenoble'