Bhuel, níl ach ceithre chontae fágtha agus trí chluiche fágtha agus mórán cur agus cúiteamh le déanamh ag roinnt contaetha faoina dteip. Tá triúr bainisteoirí agus deireadh déanta acu agus iad díomách faoi na torthaí i mbliana.
Ar bharr an liosta tá Derek Lyng. Ghlac Derek ceannas ar iománaithe sinsir Chill Chainnigh ag deireadh 2022, agus é ag tabhairt faoin gcúram deacair teacht i gcomharbacht ar Brian Cody. Bhí curiarracht láidir bainistíochta ag Lyng cheana féin, tar éis dó Cill Chainnigh a threorú chuig craobh Laighean agus craobh na hÉireann faoi 20 in 2022.
Bhain Cill Chainnigh trí chraobh Laighean as a chéile faoina stiúir, ó 2023 go 2025. Shroich siad craobh na hÉireann ina chéad séasúr, ach bhí Luimneach róláidir dóibh sa chluiche ceannais. Chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche leathcheannais in 2024 agus 2025, ach chaill siad in aghaidh na seaimpíní ar an dá ócáid, an Clár in 2024 agus Tiobraid Árann in 2025. Shroich siad dhá chluiche ceannais sa tSraith Náisiúnta chomh maith, ach níor éirigh leo sa chomórtas sin ach an oiread.
Tháinig deireadh an-díomách lena thréimhse in 2026. D’fhulaing Cill Chainnigh buillí troma in aghaidh na Gaillimhe sa tSraith agus arís i gcraobh Laighean. Cé gur tháinig feabhas áirithe orthu ina dhiaidh sin, bhí comhscór acu le hUíbh Fhailí agus chaill siad 1-26 in aghaidh 0-22 le Baile Átha Cliath sa bhabhta deireanach. D’fhág sé sin Cill Chainnigh lasmuigh de chraobh na hÉireann den chéad uair ó 1996. D’éirigh Lyng as go gairid ina dhiaidh sin, agus cé nár thug sé Corn Liam Mhic Cárthaigh ar ais, d’fhág sé trí chraobh Laighean agus tréimhse iomaíoch ina dhiaidh.
D’fhág Laighneach eile, Keith Rossiter, a phost mar bhainisteoir tar éis trí shéasúr i gceannas ar Loch Garman, tréimhse maith go leor don chontae. Iarchaptaen de chuid Loch Garman agus duine de na sheirbhísigh ba dhílse don chontae riamh, ghlac sé cúram ar fhoireann a bhí ag dul trí thréimhse athraithe tar éis roinnt imreoirí móra le taithí a chailleadh. Thug a chéad séasúr dóchas don chontae nuair a bhuaigh siad Corn Uí Bhroin agus nuair a shroich siad cluiche ceathrú ceannais na hÉireann, rud a thug le fios go bhféadfadh siad fanacht i measc na bhfoirne is láidre i gCraobh Laighean.
Ach bhí an dá fheachtas eile níos deacra agus níor éirigh le Loch Garman teacht amach as Laighin, agus ba mhinic a bhí siad ag streachailt le caighdeán na Gaillimhe, Chill Chainnigh agus Bhaile Átha Cliath a bhaint amach.
Fágann Rossiter painéal níos óige ina dhiaidh agus taithí luachmhar craoibhe acu, agus beidh bunús maith ag an gcéad bhainisteoir eile le tógáil air. An féidir leo an chéad chéim mhór eile a ghlacadh? Sin ceist don todhchaí, ach ní ceart beag is fiú a dhéanamh de shaothar Keith Rossiter ar son iománaithe Loch Garman mar imreoir, mar chóitseálaí agus mar bhainisteoir.
I gcúige Mumhan d’éirigh Peter Queally as a phost i bPort Láirge. Bhí idir mhaith agus olc ag baint lena thréimhse dhá bhliain i gceannas ar na Déise. Ar an taobh dearfach, threoraigh sé iad chuig teideal Roinn 1B den tSraith Náisiúnta in 2025 agus d’éirigh leo ardú céime a bhaint amach ar ais go Roinn 1A. Chomh maith leis sin, mheas go leor leantóirí go raibh a fhoireann iomaíoch i gcúige Mumhan.
Mar sin féin, ba chúis díomá iad torthaí na craoibhe sa deireadh. Níor éirigh le Port Láirge teacht slán as babhta ceannais na Mumhan in aon cheann dá dhá shéasúr i mbun an phoist agus, in 2026, níor bhailigh siad ach pointe amháin óna gceithre chluiche craoibhe. Sé an pictiúr mór ná nár éirigh le Port Láirge dul ar aghaidh chuig comórtas na hÉireann aon bhliain ó tugadh isteach an córas nua
Fágann Queally an post agus a dhea-cháil mar bhainisteoir slán go leor i mo thuairim. Sa deireadh, is cosúil gur meascán de na torthaí agus an éiginnteacht faoi thacaíocht iomlán bhord an chontae a chuir deireadh lena thréimhse i gceannas. Cuireann a imeacht clabhsúr le hiarracht dhíograiseach, dhúthrachtach chun Port Láirge a thabhairt chun cinn, cé nár thángthas ar an dul chun cinn mór a raibh súil ag go leor de lucht tacaíochta an chontae leis.
Ar pháirc na himeartha tá cluiche thar a bheith tábhachtach ar siúl agus craobh mhionúir na hÉireann á imirt idir dhá contae ó cúige Mumhan inniu.
Tá an lámh in uachtar faighte ag Tiobraid Árann ar Luimneach faoi dhó cheana féin an samhradh seo, ach tá samplaí gan áireamh i stair na gcraobhchomórtas a léiríonn gurb é an tríú huair an uair is deacra le buachan. Tiocfaidh Luimneach chuig craobh na hÉireann agus iad lánchinnte go bhfuil an bhearna idir an dá fhoireann i bhfad níos lú ná mar a thugann na torthaí le fios. Feicfimid linn.
Fág freagra ar 'An triúr bainisteoirí a bhfuil deireadh déanta acu agus iad díomách faoi thorthaí na bliana deireanaí acu'