Ghéill Keir Starmer na Breataine don fhírinne dhosheachanta sa deireadh nuair a d’fhógair sé go raibh sé ar intinn aige éirí as mar phríomh-aire na Breataine agus mar cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre. Agus ar an gcaoi sin réitigh sé an tslí do chorónú gan chomórtas Rí an Tuaiscirt, Andy Burnham.
Ach an ndéanfaidh sé aon difríocht?
Faraor, ní léir óna shaol polaitiúil le fios go mbeidh Burnham ar bhealach ar bith difriúil ó Starmer ar na mórcheisteanna go léir.
Vótáil Burnham i bhfabhar an chogaidh um athrú réimis san Iaráic agus le Tony Blair. D’áitigh sé ina dhiaidh sin gur bhotún é sin, ní toisc nach bhfuil aon cheart morálta ag an mBreatain cur isteach go míleata i dtír ar bith eile, ach toisc nach raibh plean soiléir ann maidir le céard a dhéanfaí tar éis Saddam Hussain a chur as cumhacht.
Dhiúltaigh sé cinedhíothú Iosrael sa Phalaistín a cháineadh agus dúirt sé nach raibh sé inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar an méid ba cheart dóibh a dhéanamh – féinchosaint mar a thug sé air – agus tacaíonn sé le haicmiú an ghrúpa agóide Palestine Action mar sceimhlitheoirí – cé nach mbíonn Palestine Action i mbun ach agóid neamhfhoréigneach.
Ach an rud is measa ar fad, tacaíonn sé le gearradh siar ar bhuiséad leasa shóisialaigh na Breataine chun áit a dhéanamh do chaiteachas méadaithe ar an arm agus tacaíonn sé le beartas Starmer maidir le hullmhú le haghaidh cogaidh i gcoinne na Rúise.
Ar ndóigh, tá an Bhreatain i mbun cogaidh cheana féin leis an Rúis sa mhéid is go bhfuil pearsanra míleata na Breataine bainteach go díreach le maoirseacht satailíte, oibriú drón agus roghnú spriocanna thar ceann réimeas Chív.
Sé sin le rá, níor bhris Burnham riamh le polaitíocht Starmer cé go gcuireann sé blas níos mó den lucht oibre uirthi. Faoi láthair bíonn sé go minic ag caint faoin riachtanas go ndéanfaí infheistíocht phoiblí ar mhaithe le borradh a chur faoin gheilleagar.
Tá an ceart ar fad aige faoin riachtanas sin, ach ní féidir airgead a chaitheamh ar infheistíocht is ar riachtanais shóisialta agus airgead a chur amú ar chosaint agus ar armas ag an am céanna – go háirithe airgead nach bhfuil ann. Tá amhras ann leis an mbeidh sé sásta dul i ngleic leis an earnáil airgeadais le rialacha fioscacha Starmer a athrú.
Agus sin cuid mhaith de na deacrachtaí eacnamaíochta atá ag an mBreatain. Dar le Starmer agus Blair – agus is dócha Burnham – ní féidir saibhreas a bhaint ón earnáil airgeadais, ó chathair Londan mar a thugtar air, agus é a dhíriú ar an gCrios Dearg a bhíodh ag páirtí an Lucht Oibre ach atá anois ag Reform.
Murar féidir le Burnham an taoide a chasadh agus feabhas a chur ar fáil don aicme oibre ní éireoidh leis an aicme oibre a bhaint ó Reform agus Nigel Farage.
Sea, thaispeáin Burnham gur féidir na vótaí a mhealladh ar ais, ach mura ndéanann sé an difear atá ag teastáil ón aicme oibre ní choinneoidh sé na vótaí sin.
Mar a thuigeann Burnham féin. Luaigh sé fear a casadh leis ar an tairseach is a dúirt go raibh sé chun vóta a thabhairt do Burnham, ach a dúirt freisin nach seic bán a bhí ann is nach vótálfadh sé do Bhurnham arís mura ndéanfadh sé an jab ceart.
Tá trí mhórcheist i gceist acu siúd a thréig Labour le tacú le Reform: díthionsclú an Chreasa Dheirg, inimirce agus an Breatimeacht.
Vótáil an Crios Dearg go láidir ar son an Bhreatimeachta, agus in ainneoin na bolscaireachta ar fad níl aon chomhartha ann go bhfuil na daoine sin tagtha ar athrú tuairime. Sin fáth mór acu tacú le Reform.
Ach cé nach bhfuil sé i gceist aon rud a dhéanamh faoi, deir Burnham go mba mhaith leis filleadh ar an Aontas Eorpach. Níl tuairim aige ámh cén chaoi a bhféadfadh sé rialacha an Aontais a shárú chun tacaíocht stáit a thabhairt don tionsclú agus é ag caint faoi infheistíocht stáit a chur ar fáil le beatha a shéideadh arís sa gCrios Dearg.
Agus mar fhocal scoir, is Caitliceach é Burnham de bhunadh Éireannach. Cuireann roinnt polaiteoirí is tráchtairí abhus dallamullóg orthu féin go gciallaíonn sé sin go mbeidh sé fabhrach do leas na tíre seo. (Leas Mhicheál Martin nó leas Shinn Féin, níl a fhios againn).
Ach arís níl aon chosúlacht go raibh aon bhaint aige riamh, beag nó mór, le polaitíocht na hÉireann. Polaitíocht an Aontais Eorpaigh, sea; ach polaitíocht na hÉireann, ní hea.
Ag deireadh thiar filltear ar an gceist bhunúsach. Murar féidir le Burnham jabanna a chruthú sa gCrios Dearg agus maoin an stáit a chur ar fáil do riachtanais shóisialta an phobail ní bhfaighidh sé an lámh in uachtar ar Reform.
Fág freagra ar 'Amhras an mbeidh Burnham difriúil ar bhealach ar bith ó Starmer'