Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen.
Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfeidhm i scoil bheag tuaithe.
Thug Helen aghaidh ar Uíbh Ráthach le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh le Sorcha agus aithne a chur ar an mbean lasmuigh de dhoirse na scoile.
Labhair siad faoin tógáil a fuair sí óna máthair Maj, arb as an tSualainn di, agus a hathair, an t-iar-Ollamh i Roinn an Bhéaloidis in UCD, Séamus Ó Catháin.
Labhrann siad chomh maith faoin bhfiosracht a thagann agus a imíonn i gcás an pháiste uchtaithe agus faoin mbuaine a bhaineann leis ngrá a thugann a tuismitheoirí di.
Labhrann Sorcha faoin mbród atá uirthi gur éirigh léi buachaill óg álainn, Luke, a thógáil mar mháthair shingil, agus faoin gcinneadh mór a rinne sí bogadh go dtí Uíbh Ráthach chun tús a chur le saol nua, lena fear Ger.
Pléann siad chomh maith an tábhacht a bhaineann le labhairt amach faoinár mothúcháin agus a bheith ábhairín beag ceanndána.
Labhrann Sorcha faoin ualach agus briseadh croí a bhain le bheith ag súil agus an páiste a chailliúint.
‘Tá sé ok a rá nach bhfuil tú ok,’ a deir Sorcha.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’'