Lá maith oibre – cnuasach breá ar achan slí le Róise Ní Bhaoill

Tá leabhar álainn eile curtha i gcló ag an fhoilsitheoir, Éabhlóid, cnuasach filíochta le Róise Ní Bhaoill

Lá maith oibre – cnuasach breá ar achan slí le Róise Ní Bhaoill

Idir an Dá Fhearsaid
le Róise Ní Bhaoill
Éabhlóid

Agus cnuasach filíochta idir lámha, tá dhá rud le plé ag an léirmheastóir, dar liom féin: 1) an cnuasach mar leabhar, nó mar fhoilseachán, agus 2) an fhilíocht féin.

Ní hionann an fhilíocht agus an cnuasach. Bíonn an fhilíocht ann, agus ansin bíonn an leagan amach, nó an foilseachán, ann – an cnuasach. Uaireanta ní thaitníonn ceachtar acu leis an léirmheastóir. Uaireanta ní thaitníonn ach ceann amháin acu leis an léirmheastóir. Ar lá maith, taitníonn an dá rud léi.

Ní chuirfidh sé iontas ar éinne nuair a deirim go bhfuil leabhar álainn curtha i gcló ag an fhoilsitheoir, Eabhlóid, arís. Rinne mé léirmheas ar leabhar de chuid an fhoilsitheora seo cheana, Tonn Teaspaigh le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, agus tá formhór na rudaí céanna le moladh agam arís. Tá an leabhar toirtiúil i do lámh. Dar liom féin oireann an clúdach crua do na leabhair filíochta go speisialta agus mothaíonn tú go bhfuil tú i mbun rud speisialta a léamh.

Caithfear Kim Sharkey a mholadh arís as an dearadh álainn ar an chlúdach. Is breá liom an lí bhándearg a chuir siad ar theideal an chlúdach deannaigh is tá an dath céanna ar na leathanaigh cheangail freisin taobh istigh.

Má bhaineann tú an clúdach deannaigh den leabhar, tá an leabhar chomh deas céanna – dath dúghorm ar an chlúdach chrua agus dreoilín beag órga thíos faoi theideal an chnuasaigh. Tá Caomhán Ó Scolaí le moladh as an chlóchur agus as an leagan amach a rinne sé ar an chnuasach freisin. Bhainfeadh duine ar bith sult as an chnuasach a léamh.

Luaigh mé é seo cheana sa léirmheas ar Tonn Teaspaigh agus caithfidh mé bheith cothrom agus é a lua arís – nílim cinnte faoi na brollaigh nó na haistí beaga a chuirtear ag tús na leabhar.

Anseo tá Máirín Nic Eoin i ndiaidh scagadh ciallmhar, stuama, a dhéanamh ar théamaí an chnuasaigh. Leoga, tá fiúntas agus léargas leathan sa mhéid a scríobh sí. Ach mothaím, go pearsanta, nár cheart go mbeadh rud ar bith (seachas na gnáthrudaí– tiomnú, srl) ag teacht roimh na dánta féin sa chnuasach. Ní aontóidh achan duine liom ar an phointe sin.

Agus na dánta féin? Thaitin an chéad rud, an foilseachán liom, ach dtaitníonn an dara rud, an fhilíocht féin liom? Bhuel, lá maith is ea é!

Ráitis ghinearálta i dtosach. Is maith le Róise Ní Bhaoill an líne ghiortach, agus tugaim fá deara go bhfuil ceannlitir ag tús na línte ar fad, beag nó mór, rud a thagann le leagan amach traidisiúnta na filíochta ar an leathanach ach atá ag éirí gann san fhilíocht i gcoitinne. Suimiúil!.

Thug mé suntas don rithim sna dánta, agus is soiléir go gcaitheann an file seo am ag smaoineamh faoi chúrsaí fuaime. Tá leathrím agus rím, maille le huaim agus aicill, fite isteach sna dánta go minic. Dánta iad a oireann don reacaireacht os ard mar aon leis an léitheoireacht taobh istigh de d’intinn féin.

Liricí giortacha iad den chuid is mó, ach tá cúpla dán níos faide ann, leithéidí ‘An Baile’ a chruthaíonn léarscáil fhileata don léitheoir d’áit dúchais an fhile.

Tá raidhse téamaí sa leabhar seo. Ní luafaidh mé iad ar fad anseo, ceal spáis, ach is léir go bhfuil an file seo sásta dul i ngleic le téama nach bpléitear go minic i bhfilíocht na Gaeilge (cé gur eisceachtaí iad Gearóid Mac Lochlainn, Seán Ó Muireagáin agus daoine eile) – na Trioblóidí agus saol an Tuaiscirt. Tugann ‘Bliain Chorrach’, ‘An Bóthar’ agus ‘Confadh Feola’ aghaidh ar na ceisteanna sin.

In ‘Muince Mhiotail’ léirítear foréigean laethúil na tréimhse sin ar bhealach scanrúil. ‘ ‘‘Níl ann ach Peeler,’’ / A deir fear atá ag dul an bealach’. Ní théann an file níos faide leis an scéal ach críochnaíonn an dán le héachtaint neamhaird an fhir sin.

Cé go bpléitear an foréigean go minic, caitear súil ar áilleacht Bhéal Feirste freisin: ‘Tá uisce dealánach Loch Lao / Ina luí idir an dá bhruach’.

Tá teacht aniar an phobail faoi chois léirithe go paiteanta aici freisin, iad ‘i gcónaí ag tarraingt’ ar Bhóthar na bhFál.

Móitíf thábhachtach i litríocht na Gaeilge is ea an traonach, éan na Gaeltachta. Anseo tá an traonach ar ais sa dán ‘An Traonach’ ach, murab ionann is formhór na ndánta sa chanóin a luann an t-éan, tá dóchas sa dán seo, agus muinín as todhchaí an traonaigh. Tá glór an traonaigh fós le cloisteáil: ‘d’ainneoin / Gáir do bháis, / Seo tú ag neadú / Ar fhearainn iargúlta / An iarthair’.

Is deas an rud é dán dearfach dóchasach i leith an traonaigh (is na Gaeilge) a léamh! Ar lámh eile, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an file ag caitheamh anuas ar na steiréitíopaí a bhaineann le todhchaí na Gaeilge is na Gaeltachta – go bhfuil achan rud duairc, ar tí an bháis.

É sin ráite, tá fearg agus frustrachas le sonrú sa chnuasach go minic. Bíonn ceisteanna reitriciúla in úsáid aici go minic chun forrán a chur ar an chine daonna (agus ar an léitheoir) as an dochar a dhéanaimid dá chéile agus déantar sin sna dánta ‘Beag Beann’, ‘Giobóg na Goice’ agus  ‘An Chrithir inár gCnámha’. In ‘Giobóg na Goice’, caitear súil ar shaol na mban faoi chois na patrarcachta: ‘An dall sibh ar na sclábhaithe / A nigh gan staonach is a sciúr?’.

Agus in ‘Líonann is Tránn’ úsáidtear athrá chun fulaingt na dteifeach a chur ina luí orainn. Cosúil le seoithín is ea an dán seo: ‘Ar chall sí greim láimhe ort, / A naíonáin beag ó / Gur scoitheadh óna taobh thú, / A chuisle is a stór?’. Mar aon leis na teifigh agus na mná faoi chois na sochaí, léiríonn Ní Bhaoill bá daofa siúd a fhulaingíonn neamhord itheacháin sa dán ‘Milseacht na gCácaí’ agus an pobal LADTA in ‘Cothrom na nDathanna’.

Cheap mé go raibh na dánta ar ardchaighdeán ar an iomlán.

Ba iad na dánta a lig don mhistéir fanacht in intinn an léitheora agus a sheachain conclúid shlachtmhar ba mhó a thaitin liom, ‘Oileán na Marbh’, mar shampla.

Bhí deis ann uaireanta an léitheoir a bhrú isteach i lár an aicsin níos luaithe freisin. Sa dán ‘An Dreoilín’, mar shampla amháin, is dóigh liom go bhféadfaí an chéad véarsa a fhágáil ar lár toisc go bhfuil seanchas Rí na nÉan ar eolas ag an chuid is mó againn. Tá an chuid eile den dán chomh maith sin – an gheit a bhaintear asat nuair a iompaíonn tú an leathanach! – go gceapaim nár ghá don fhile an mhiotaseolaíocht a bhaineann leis an éinín a fhógairt i dtosach.

Ach rogha an fhile, mar a deirtear.

Tréaslaím le Róise Ní Bhaoill agus foireann éabhlóid as an chnuasach breá seo.

Fág freagra ar 'Lá maith oibre – cnuasach breá ar achan slí le Róise Ní Bhaoill'