‘Cá mhéad méar a úsáideann tusa?’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Scil luachmhar don scríbhneoir é an clóscríobh, ach faraor géar ní hionann clóscríobh agus scríbhneoireacht

‘Cá mhéad méar a úsáideann tusa?’

‘Cá mhéad méar a úsáideann tusa agus tú ag clóscríobh?’

Mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, a d’fhiafraigh.

Bhain an cheist siar asam chomh mór sin nár thuig mé í ar dtús. Ceist a bhí ann, dar liom, nach raibh loighic ar bith ag baint léi. An gcuirfeá ceist ar dhuine cá mhéad cos a úsáideann sé agus é ag siúl?

‘Cén fáth?’ a d’fhiafraigh mé, ‘an bhfuil tú ag rá nach n-úsáideann tú féin do dheich méar?’

‘Dhá mhéar,’ a d’fhreagair sé, agus mhothaigh mé amhail is dá mbeadh sé tar éis rún a ligean liom faoi fhungas lofa in áit chiotach éigin.

Ach ansin chuimhnigh mé nár bhain mé féin úsáid as mo dheich méar i gcónaí ach oiread agus mé ag clóscríobh. Bhí mé breá sásta (agus go deimhin réasúnta sciobtha) le mo dhá chorrmhéar sular thug mé faoin Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach in Ollscoil na Gaillimhe, am éigin ag deireadh na mílaoise seo caite.

Ní ag déanamh beag is fiú den chúrsa sin atá mé, ach ní ag déanamh áibhéile atáim ach oiread má deirim gurb é an clóscríobh an scil is luachmhaire a d’fhoghlaim mé lena linn, an t-aon scil amháin ar bhain mé úsáid aisti gach lá beo ó shin.

‘Meas tú arbh fhiú dom tabhairt faoi chúrsa clóscríbhneoireachta ag an staid seo i mo shaol?’ a d’fhiafraigh mo chara, a bhain an leathchéad amach an mhí seo caite.

‘Gan dabht ar bith faoin spéir,’ a dúirt mé. ‘Ach,’ a chuir mé leis, mar tá aithne mhaith agam ar mo chara, ‘ná bí ag ceapadh go mbeidh próiseas na scríbhneoireachta féin pioc níos fusa nó níos gasta dá bharr.’

Dhá mhéar nó deich méar – tógfaidh sé an t-achar céanna ort smaoineamh a fhorbairt agus abairt a chur i dtoll a chéile, cuma cá mhéad méar a úsáideann tú chun í a chló isteach.

Is minic a chaithim féin deich nóiméad ag stánadh amach an fhuinneog idir dhá abairt a chlóim isteach ar luas lasrach (agus tarlaíonn a leithéid fiú amháin le habairtí a scríobh mé ar an seanbhealach ar dtús, le peann agus páipéar.)

Cén fáth, mar sin, go bhfuilim chomh mór sin i bhfabhar na ndeich méar?

Ceist féinmhuiníne atá ann, dáiríre.

Is é an chaoi go bhfuil fíorbheagán grástúlachta ag baint le gníomh na scríbhneoireachta mar atá.

Ní hionann agus dornálaí agus slám buillí á mbualadh ar chéile comhraic aige, feirmeoir agus speal á láimhseáil aige, nó saor báid i mbun a cheirde, níl aon rud faoi scríbhneoir i mbun oibre a chuirfeadh duine a bheadh ag dul thar bráid faoi dhraíocht, agus is minic a bhíonn drochstaidiúir ag scríbhneoirí lena chois.

Ach tugann sé ugach dom gach uile uair a gclóim isteach abairt i bhfaiteadh na súl. Breathnaigh air sin, a deirim liom féin, tugaim dúshlán aon dornálaí, feirmeoir nó saor báid 80 focal sa nóiméad a bhaint amach.

Fág freagra ar '‘Cá mhéad méar a úsáideann tusa?’'

  • Marcas

    Níl aon phioc de dhrochstaidiúir ar Shean-Phádraic agus é fós ag cur go leor daoine atá ag dul thar bráid faoi dhraíocht lena scríbhneoireacht ‘ar an seanbhealach’ i gcroílár na Gaillimhe. Is ionann an scríbhneoir ina stad i mbun a cheirde agus siombail den tábhacht a bhaineanns lena bheith ag meabhrú ar an saol.