Nuair a tháinig Roger Corman go Conamara

“Feicim a n-ainmneacha ar chláir ar TG4 agus ar RTÉ an t-am ar fad.” B’in a dúirt Éamon Mac Niallais agus é ag labhairt ar Nuacht a hAon ar Raidió na Gaeltachta le gairid fúthu siúd a fuair a gcéad taithí ar thionscal na scannánaíochta le Concorde Anois Teoranta, an stiúideo a bhunaigh an scannánóir […]

Nuair a tháinig Roger Corman go Conamara

“Feicim a n-ainmneacha ar chláir ar TG4 agus ar RTÉ an t-am ar fad.” B’in a dúirt Éamon Mac Niallais agus é ag labhairt ar Nuacht a hAon ar Raidió na Gaeltachta le gairid fúthu siúd a fuair a gcéad taithí ar thionscal na scannánaíochta le Concorde Anois

Teoranta, an stiúideo a bhunaigh an scannánóir Meiriceánach Roger Corman i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara sa mbliain 1995.

Bhásaigh Roger Corman i Santa Monica, California ar an 9 Bealtaine agus 98 bliain slánaithe aige.

Chaith Éamon Mac Niallais, atá anois ina riarthóir ar Acadamh na hOllscoile sna Doirí Beaga, roinnt mhaith blianta ag obair i dtionscal na scannánaíochta agus ba le Concorde Anois a thosaigh sé agus é fostaithe mar bhainisteoir stiúideo. Bhí Roger Corman ina léiritheoir ar bhreis is 300 scannán idir na blianta 1954 agus 2016 agus stiúraigh sé thart ar 50 acu sin.

Scannáin uafáis is ficsean eolaíochta (sci-fi) agus coirscannáin a rinne Corman, lena leithéidí seo de theidil Attack of the Giant Leeches, The Man With the X-Ray Eyes agus The Day the World Ended.

‘B-movies’ (mar a tugadh orthu) a bhí ina bhformhór agus iad déanta ar bheagán airgid – i gcomparáid leis an méid a chaith na stiúideonna móra – agus iad le taispeáint sna pictiúrlanna roimh na bpríomhscannán.

Ar na chéad scannáin a rinne sé bhí leaganacha de scéalta Edgar Allan Poe, amhail House of Usher agus The Masque of the Red Death.

Is iomaí duine a bhfuil cáil agus gradam bainte amach acu i saol na scannán i Meiriceá ar thug Roger Corman lámh chúnta dóibh agus iad ag tosú amach i Hollywood. Ba é Corman a thug deis oibre an chéad lá riamh do na stiúrthóirí Martin Scorsese, Francis Ford Coppola agus Peter Bogdanovich, i measc daoine eile, chomh maith leis na

haisteoirí Robert De Niro, Jack Nicholson, Sylvester Stallone agus David Carradine.

Ba i bhfómhar na bliana 1995 a bhunaigh Roger Corman Concorde Anois Teo i seanmhonarcha i mBaile na hAbhann i

gCois Fharraige. Tugtar léargas ar bhunú an stiúideo agus ar mhodh oibre Corman sa scannán faisnéise It Came From Connemara, a rinne Brian Reddin in 2014.

Agus é ag labhairt sa scannán úd, dúirt Roger Corman go raibh sé ag iarraidh stiúideo a bheith aige in Éirinn toisc go mbeadh fáil níos éasca aige ar mhargadh na hEorpa. Ag an am, bhí Rialtas na hÉireann ag iarraidh daoine a mhealladh chun na tíre leis an tionscal scannánaíochta a fhorbairt. Tairgeadh airgead sa mbreis do Corman lena a stiúideo a bhunú sa nGaeltacht.

Ag labhairt dó in It Came From Connemara, thug an t-iarbhainisteoir le hÚdarás na Gaeltachta, Terry Ó Laoghaire, le fios gur dhíol an tÚdarás monarcha bheag le Corman agus gur tugadh deontais dó leis an áit a fhorbairt mar stiúideo agus le hoiliúint a chur ar fáil.

Suas le milliún euro uilig de mhaoiniú a bhí i gceist, a dúirt Ó Laoghaire.

Thart ar 50 duine a bhí fostaithe sa stiúideo nuair a osclaíodh é i 1995 agus faoin mbliain 1998 bhí beagán le cois 80 ag obair ann.

Daoine gan aon taithí acu ar an scannánaíocht a bhí i go leor acu, ach ní fada go raibh scannán idir lámha acu, faoi stiúir bhaill d’fhoireann Corman a bhí tagtha as Meiriceá.

Thugadh Corman é féin cuairt ar an stiúideo roinnt uaireanta in aghaidh na bliana. Dúirt duine amháin in It Came

From Connemara gur fhoghlaim sé níos mó agus é ag obair ar scannán amháin de chuid Roger Corman ná mar a d’fhoghlaim sé le linn na gceithre bliana a chaith sé ar an gcoláiste.

“Bhíomar ag déanamh scannáin in 21 lá,” a dúirt sé. “Bhí sé cosúil le hollscoil,” a dúirt Éamon Mac Niallais ar Raidió na Gaeltachta. “Bhíomar ag foghlaim ó na daoine a bhí tagtha as Hollywood.”

Ceithre fhadscannán in aghaidh na bliana a bhí á ndéanamh ag Concorde Anois Teo, a dúirt Mac Niallais.

Is léir ó It Came From Connemara nach raibh chuile dhuine sásta le cur chuige Corman agus Concorde Anois Teo.

“Bhí an pá go dona agus bhí na huaireanta thar a bheith fada,” a dúirt duine amháin.

Nuair a iarradh ardú pá 10% don chriú ar Corman, thug sé le fios go mbeadh sin ar fáil dá laghdófaí méid an chriú 10%.

In imeacht ama, bhí míshuaimhneas ann faoi na coinníollacha oibre. Níor chabhraigh sé nach raibh an ceardchumann SIPTU sásta aitheantas a thabhairt don fhoireann oibre.

Chomh maith leis sin, bhí amhras ar an dream a bhí ag obair i dtionscal na scannánaíochta in oirthear na tíre faoin méid a bhí ar bun ag Concorde Anois. Dúirt bean amháin sa scannán

faisnéise nach raibh sé éasca ag cuid de na daoine a d’oibrigh le Corman fostaíocht a fháil ina dhiaidh sin.

Tháinig deireadh le tréimhse Roger Corman i nGaeltacht Chonamara ar chúiseanna éagsúla, a thug an scannánóir féin le fios: scaoil an tAontas Eorpach le roinnt de na srianta a bhí curtha ar scannáin a rinneadh i Meiriceá, rud a d’fhág nach raibh an oiread buntáiste ann dó a bheith lonnaithe in Éirinn a thuilleadh; ní raibh an oiread tóir i Meiriceá is a bhíodh ar

an gcineál scannáin a rinne Corman agus, anuas air sin, d’ardaigh na rátaí pá.

Tá stiúideo ag an gcomhlacht Telegael anois ar an láthair ina mbíodh Roger Corman i mbun scannánaíochta.

“I am very pleased that the studio is still in use,” a dúirt Corman in It Came From Connemara.

Níl chuile dhuine ar aon fhocal faoi thionchar Corman agus a stiúideo ar chúrsaí scannánaíochta in Éirinn.

“Corman did not reinvent the Irish film industry,” a dúradh It Came From Connemara. Ach thagair Éamon Mac Niallais don méid atá bainte amach ag Cine 4 le blianta beaga anuas.

“Is cinnte go raibh ról tábhachtach ag Corman i bhforbairt an tionscal scannánaíochta san iarthar,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Nuair a tháinig Roger Corman go Conamara'