Lár Amsterdam an lá cheana: uisce á chur ar dhroichead le píobán dóiteáin ag oibrí de chuid chomhairle na cathrach.
Gnáthradharc é sin ar fud na hÍsiltíre an samhradh seo. Agus mór-roinn na hEorpa á céasadh ag teocht nach bhfacthas riamh cheana, caithfear na droichid a choinneáil fuar, nó atfaidh an choincréit agus an miotal chomh mór sin nach mbeifear in ann na droichid a oscailt do bháid agus longa.
Ní hé sin an t-aon dúshlán atá roimh na báirsí móra a iompraíonn isteach is amach leis an tríú cuid den lastas ar fad in iarthuaisceart na hEorpa. Agus leibhéal an uisce in aibhneacha ar nós na Réine an-íseal go deo de bharr an teaspaigh leanúnaigh, caithfear lastas na mbáirsí a laghdú, rud a chiallaíonn gur in airde a rachaidh an costas a bhaineann le gach turas.
Idir an dá linn tá tarmac na mbóithre ag leá, tá traenacha ag briseadh síos de bharr an teasa, tá uisce ag éirí gann agus tá foraoiseacha trí thine.
Faraor géar, is cosúil nach ndeachaigh na staitisticí faoi líon na ndaoine a fuair bás i dtonn teasa dheireadh mhí an Mheithimh i bhfeidhm chomh mór sin ar na polaiteoirí le go dtógfaidís na cinntí sin nach dtaitneoidh leis na vótóirí ach a chaithfear a thógáil, is é sin: deireadh a chur scun scan le húsáid breoslaí iontaise.
Ach cá bhfios nach gcuideoidh an costas eacnamaíoch a bhaineann le tonnta teasa leanúnacha leo na cinntí sin a thógáil.
Cheana féin, tá na praghsanna sna hollmhargaí ag dul suas de bharr an chostais bhreise atá tagtha ar an iompar lastais de bharr an teasa. Tá éileamh i bhfad níos airde ar an leictreachas de bharr na n-inneall aeroiriúnaithe ar fad agus ardú dá réir ar phraghas na haibhléise.
Na hoibrithe sin ar fad atá ag cur uisce ar dhroichid, ag cur caoi ar bhóithre leáite nó ag múchadh tinte foraoise, níl am acu anois don ghnáthobair a bheadh ar siúl acu, rud a chiallaíonn go gcaithfear níos mó daoine a earcú nó fágfar cothabháil riachtanach gan déanamh.
Ag an am céanna, laghdaíonn cumas oibre an duine go mór nuair a sháraíonn an teas 24 céim, agus cé nach bhfuil reachtaíocht shoiléir i bhfeidhm maidir leis seo go fóill, glactar leis go forleathan nach mbíonn ach orthu siúd a bhfuil ‘postanna riachtanacha’ acu dul ag obair nuair a bhíonn cód teasa dearg i bhfeidhm, rud a chosnóidh na milliúin euro ar an eacnamaíocht gach uair an chloig. Measann an comhlacht árachais Allianz Trade go bhféadfadh cúlú idir 5-7 faoin gcéad a theacht ar fhás eacnamaíocht na hEorpa de bharr an teasa leanúnaigh.
Idir an dá linn, tá teas marfach ag scaipeadh ar fud na hEorpa arís an tseachtain seo. Tá súil le teocht chomh hard le 44 céim sa Fhrainc, sa Spáinn agus sa Phortaingéil, le teocht idir 35 agus 40 céim i lár agus in oirthear na hEorpa, agus teocht chomh hard le 33 céim in iarthuaisceart na mór-roinne.
Fág freagra ar 'Droichid dúnta, bóithre leáite, fadhbanna foirne: costas eacnamaíoch na dtonnta teasa'