An Béarla beo ar chlár faoi chúrsaí tógála ar TG4

Tá tógáil croí ag baint ‘Buildings Beo’ ar TG4 ach faraor tá oiread Béarla ann gur ar éigean go bhféadfá clár Gaeilge a thabhairt air

An Béarla beo ar chlár faoi chúrsaí tógála ar TG4

Ainm an chláir agus ainm an láithreora a mheall mé: Buildings Beo (TG4) agus Carrie Crowley á chur i láthair. Bhuel, thuig mé láithreach cad é a bhí i gceist le Buildings Beo, seift mhaith leis an bhreathnóir fhánach a mhealladh agus chuirfeá muinín in Crowley tú a threorú trí ábhar ar bith.

Sraith cláracha faoi athnuachan a dhéanamh ar sheanfhoirgnimh atá ann mar Buildings Beo agus i gCionn tSáile a bhí muid an Domhnach a chonaic mise an clár. Bhain íoróin le mo chás, gan amhras, nó bhí TG4 ag baint úsáid as ábhar a craoladh anuraidh leis an sceideal a líonadh. Athnuachan ábhair! Tá go maith. Ní fhaca mise an clár an chéad lá ariamh agus chuaigh mé sa tseans leis.

Labhair Crowley le mórán daoine i gCionn tSáile agus an phráinn a bhí ann le leabharlann nua don phobal. Chuige sin, bhí lucht an bhaile le seanmhuileann a athchóiriú agus chuaigh Crowley chun cainte le lucht tógála faoi na pleananna uaillmhianacha a bhí acu. De réir a chéile a tógadh an caisleán leabhar.

Is deas an coincheap é agus is fiú aithris a dhéanamh air i ngach aon cheantar; an dé a chur ar ais i seanfhoirgneamh don lá chomhaimseartha. Mar bharr ar an tsonas, bhí an seanfhoirgneamh seo le seanseoda luachmhara a chaomhnú agus a chosaint – leabharthaí. Is dócha gur beag duine againn nach mbíonn cion againn ar an leabharlann áitiúil nó leabharlann na hollscoile, b’fhéidir, agus an draíocht a bhaineann le léitheoireacht.

Ba mhór an difear idir an tseanleabharlann agus an ceann nua-aoiseach a bhí le feiceáil faoi dheireadh an chláir; ionad úr álainn a bhí ann agus áis éachtach chultúrtha.

Ba mhór an tógáil croí é fosta an dúil bhocht a bhí ag páistí na gaelscoile áitiúla san fhiontar nua agus sa léitheoireacht a fheiceáil. Ba iad a bhí eolach ar na húdair ab fhearr leo agus ba iad a labhair go deas líofa i nGaeilge faoi chúrsaí leabhar.

Faraor, ní raibh mórán de na daoine fásta – a bhí thar a bheith deas gan amhras – in ann coinneáil suas le Gaeilge na ndaltaí bunscoile. Shílfeá go mb’fhéidir go raibh na páistí ag foghlaim ceacht luath go maith ina saol faoi thábhacht na teanga; bhí na huaisle a bhí ag plé leo taobh amuigh den chóras scoile ag caint Béarla an t-am uilig go léir leo.

Dá fheabhas an clár agus dá spéisiúla é, ba mhíle trua nach raibh níos mó Gaeilge ann. Tá mé ag tabhairt clár Gaeilge air ach, bhuel, bhí an Béarla beo ann gan cheist. Tuigim srian a bheith ar chúrsaí buiséid le cláracha teilifíse ach nach bhféadfaí an dara duine le Gaeilge a aimsiú le bheith ag caint le Crowley; An Dochtúir Cathal Mac Coincréite nó an tOllamh Aisling Ní Adhmaid, saineolaí/staraí ar chúrsaí ailtireachta?

Thabharfadh sin deis do Crowley a bheith ag caint le duine beo i nGaeilge diomaite de bheith ag caint i nGaeilge le cibé duine a bhí taobh thiar den cheamara:

“Cad é sórt bríce é sin, a Chathail?”

“Bhuel, Carrie, is maith liom gur chuir tú an cheist sin…”

“Cad chuige a bhfuil an leagan amach sin ar an fhoirgneamh seo, a Aisling?”

“Bhuel, Carrie, is maith liom gur chuir tú an cheist sin…”

Sea, cur chuige saorga a bheadh ann ach chuirfeadh sé beocht, spraoi agus níos mó Gaeilge leis an chur i láthair. Is breá le gach aon duine Kirstie agus Phil, mar shampla. Bíonn an cur agus cúiteamh acu sin ar dóigh agus coinníonn sé súile an lucht féachana sáite sa chlár.

Cibé, níor mhaith liom críoch a chur leis an alt le gearán. (An rud is annamh is iontach, a deir tú.) Tá leabharlann bhreá i gCionn tSáile anois. Go léitear na milliúin leabhar inti: thóg an pobal seo teach!

Fág freagra ar 'An Béarla beo ar chlár faoi chúrsaí tógála ar TG4'