Cath na dT-léinte ar 7Lá, ruathar na Mumhan ar Up for the Match

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

Cath na dT-léinte ar 7Lá, ruathar na Mumhan ar Up for the Match

Cath na dT-léinte dána ar TG4 

Tá Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig ag tabhairt dúshlán na bpóilíní faisin in RTÉ agus TG4 i gcónaí.

Bhí an comhairleoir contae ó Dhún na na nGall ar 7Lá na seachtaine seo agus t-léine dhána pholaitiúil á caitheamh aige óna vardrús lán t-léinte dána polaitiúla.

In 2020 níor cuireadh eagrán den chlár cúrsaí reatha ar shuíomh idirlín TG4 mar go raibh T-Léine le mana polaitíochta poblachtánach á caitheamh ag Mac Giolla Easbuig.

‘Our day will come’ agus íomhá de bheirt agus gunnaí agus bratacha na hÉireann agus na Palaistíne á n-iompar go caithréimeach acu a bhí le feiceáil ar an T-léine áirithe sin.

Trí bliana ina dhiaidh sin, in 2023, chuir Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig cinsireacht i leith Nuacht TG4 agus mhaígh sé nár craoladh agallamh leis mar gheall ar an T-léine a bhí á caitheamh aige.

T-léine le mana frithfhaisisteach agus é maisithe le lilí na Cásca a bhí i gceist an uair sin. ‘Always Anti-Fascist’ an mana a bhí ar an t-léine ó bhailiúchán fómhair 2023 an chomhairleora neamhspleách.

“Seo na t-léinte a bhíonn orm achan lá,” a dúirt Mac Giolla Easbuig le Tuairisc ag an am. “Is ar son cearta agus ar son saoirse a bhíonn na manaí.”

Dúirt urlabhraí ó Nuacht TG4/RTÉ le Tuairisc an uair sin go raibh polasaí soiléir ag RTÉ i leith caitheamh sluán agus suaitheantas agus go raibh an polasaí sin ag teacht leis “an dualgas” a bhí orthu a bheith “neamhchlaonta”.

Bhí iontas orainn mar sin nuair a chonaiceamar Micheál Choilm ar 7Lá Dé Máirt na seachtaine seo agus an t-léine chéanna de chuid an ghrúpa Anti-Fascist Ireland Action á caitheamh go mórálach aige agus cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht á bplé.

An é go bhfuil na póilíní faisin ag éirí níos scaoilte?

N’fheadar, ach sí an cheist mhór ná an bhfuil sé in am ag Micheál Choilm athnuachan a dhéanamh ar a vardrús?

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Dáithí Ó Sé

Ruathar na Mumhan ar Up for the Match

Is gearr go gcuirfear tús le ré nua ar an gclár Up for the Match ar RTÉ. Tar éis fiche bliain leis an gclár, tá Des Cahill ag seasamh siar agus fógraíodh an tseachtain seo go mbeidh Dáithí Ó Sé, agus Louise Cantillon in éineacht le Jacqui Hurley i mbun láithreoireachta as seo amach.

An é seo ruathar na Mumhan ar Up for the Match? Ó d’imigh Cahill, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, beidh Daithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Jacqui Hurley as Corcaigh agus Louis Cantillon as Luimneach ag cur na gceisteanna.

Mar a dúirt Cahill agus é ag caint leis an Irish Independent, céard a dhéanfaidh siad má chuireann Baile Átha Cliath iontas ar gach duine i mbliana?

Chomh maith le muintir na Mumhan, tá cúis cheiliúrtha ag pobal na Gaeilge. Cainteoir ó dhúchas as Gaeltacht Chiarraí é Dáithí Ó Sé, agus Gaeilgeoir líofa í Louise Cantillon, duine de láithreoirí an phodchraolta aitheanta How to Gael agus láithreoir raidió ar TodayFM.

Craolfar an chéad eagrán den chlár leis an bhfoireann nua ar an 18 Iúil.

Nuair atá na sléibhte i bhfad uait…

Ag iarraidh éalú ón imní faoin athrú aeráide chuaigh mé ag púitseáil thart ar Duchas.ie go bhfeicfinn an raibh aon chaint ar shamhraí breátha nó teas mór an tsamhraidh. Céard a bhí le rá faoin aimsir bhreá sula raibh aon chaint nó imní orainn faoin athrú aeráide?

Tháinig mé trasna ar liosta de na dea-chomharthaí a raibh aird ag muintir na hÉireann orthu sa samhradh agus tá ardú croí iontu go fóill.

Dea-chomharthaí

  1. Nuair tá an ghrian dearg ag dul faoi
  2. Ceo ar an bhfarraige
  3. An ghealach nua díreach san spéir
  4. Nuair atá na sléibhte i bhfad uait
  5. Na fáinleoga ag eitilt go hard
  6. Na beacha ag crónán
  7. Dath buí ar an luascán lathaí [an frog]
  8. Nuair théann na caoirigh suas an sliabh
  9. Nuair a thagas ceo isteach ón bhfarraige
  10. Olann ina lomraí scamall sa spéir

Fág freagra ar 'Cath na dT-léinte ar 7Lá, ruathar na Mumhan ar Up for the Match'